AN BREATIMEACHT: Ní féidir dea-mhargadh a dhéanamh le rialtas lag nach bhfuil fios a ngnó acu

Is féidir sceach a chur i mbéal gach bearna, ach ní bheidh san iarracht ach cur amú ama más léir don saol an tseift

Déanfar leas na tíre seo, thuaidh agus theas, má éiríonn leis an Aontas Eorpach margadh fiúntach Breatimeachta a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe.

Tuairiscítear, agus an colún seo á scríobh, go bhfuil iarracht réitigh fós ar bun agus státseirbhísigh sa Bhruiséil, i Londain agus i mBaile Átha Cliath i dteagmháil lena chéile.

Tá neart ama ann fós, dar leis an Taoiseach, chun teacht ar réiteach roimh chruinniú mullaigh an AE an tseachtain seo chugainn. Mura dtiocfar, a dúirt sé Dé Céadaoin, is féidir tabhairt faoi arís san athbhliain.

Sin ráite, tá an t-amhras atá ar mhórán go mbeidh rialtas Theresa May ábalta fíor-réiteach a thairiscint ag dul i dtreise ó labhair Arlene Foster léi ar an bhfón Dé Luain. Chuir ceannaire an DUP iallach ar an bpríomh-aire tarraingt siar ón gcomhréiteach a raibh sí ar tí glacadh leis ag lón le Jean Claude Juncker sa Bhruiséil.

Dúirt May tar éis an lóin léanmhair go raibh súil aici go mbeadh sí ábalta filleadh ar an mBruiséil roimh dheireadh na seachtaine. Ní mianach réitigh, áfach, ach seachaint réitigh atá molta aici ó shin. Gan dabht, is féidir sceach a chur i mbéal gach bearna, ach ní bheidh san iarracht ach cur amú ama más léir don saol an tseift.

I Westminster Dé Céadaoin, ní raibh aon fhianaise sa bhfreagra a thug May ar cheist faoi chás na hÉireann go mbeadh sé ar chumas a rialtais réiteach fiúntach de shaghas ar bith a mholadh. Is é sin, más ann dá leithéid.

Chinnteodh an Bhreatain, a dúirt sí, nach mbeadh ‘teorainn chrua’ in Éirinn. Chuir ceannaire an Lucht Oibre Jeremy Corbyn an cheist chuí uirthi láithreach. Conas? Tiocfar ar réiteach faoi na sonraí, a dúirt an Príomh-Aire, de réir mar a rachfar chun cinn leis an dara céim den idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht.

Aistriúchán: níl tuairim againn.

Go gairid sular labhair an Príomh-Aire, léiríodh laige, éagumas agus mí-ionracas rialtas na Breataine ar dhóigh eile. Tabharfar aird sa Bhruiséil agus i mBaile Átha Cliath ar an scéal suarach a tháinig ó chruinniú an choiste a bunaíodh chun an Breatimeacht a bhreithniú ar bhonn leanúnach.

Tá sé ráite go minic ag státrúnaí an Bhreatimeachta David Davis go raibh breis agus caoga staidéar déanta ar thionchar an Bhreatimeachta ar earnálacha éagsúla de gheilleagar na Breataine. Bhí na staidéir chomh substaintiúil, a dúirt sé dhá mhí ó shin, gur cuireadh achoimre orthu ar fáil do Theresa May.

D’admhaigh Davis nach raibh oiread agus staidéar amháin déanta, ainneoin gach ráiteas dá ndearna sé roimhe seo go raibh na staidéir á ndéanamh nó críochnaithe. Ní haon ionadh é go bhfuil mí-ionracas curtha ina leith, mar shampla, ag an bhfeisire David Lammy ón Lucht Oibre, a dúirt:

At what point is David Davis going to be held to account for such blatant lying? He must surely now resign… Mendacious, conceited, vain, duplicitous, wholly unfit for office.

Ní foláir tagairt ag an bpointe seo don easaontas oscailte a léiríonn urlabhraithe an Lucht Oibre agus an Breatimeacht á phlé. Tá (a) aistarraingt ón margadh aonair agus ó aontas custaim an AE agus (b) rannpháirtíocht leanúnach iontu molta ag urlabhraithe éagsúla ón bpáirtí. Ní ar thaobh an rialtais amháin atá an t-easaontas i Londain.

Ach fillimis ar rialtas na Breataine, rialtas atá dóchasach, dar le Theresa May, go ndéanfar margadh leis an AE (agus le rialtas na hÉireann dá bhrí sin) ionas gur féidir tús a chur leis an idirbheartaíocht imeachta. Bliain go leith tar éis an reifrinn inar vótáil daoine i bhfabhar an Bhreatimeachta, seo a leanas cuntas ar thoradh a saothair go dtí seo:

1. Níl margadh déanta fós ar na buncheisteanna: an bille imeachta, Éire, saoránaigh.

2. Níl plean inchreidte molta fós maidir leis an Teorainn.

3. Níl cíoradh déanta ar thionchar an Bhreatimeachta, cé go ndúradh a mhalairt.

4. Níl aidhm Bhreatimeachta ar bith a d’fhógair rialtas na Breataine bainte amach.

5. Níl aon dul chun cinn déanta fós san idirbheartaíocht leis an AE.

6. Níl aon mhoill ar Bhreatimeacht socraithe, ainneoin é a bheith iarrtha ag May.

7. Níl ach beagán le cois 15 mí fágtha go dtiocfaidh an Breatimeacht i bhfeidhm.

Tugann pobalbhreitheanna thall le fios go bhfuil imní an phobail maidir leis an léargas eacnamaíochta ag géarú. Ní léir mar sin féin go bhfuil móramh polaitiúil ann fós a mholfadh athrú intinne.

Ní léir ach oiread go bhfuil sé ar chumas rialtas na Breataine aon rud seachas briathra gan bhrí a thairiscint maidir le cúrsaí na hÉireann.

Ní raibh ar Leo Varadkar veto na hÉireann a úsáid an tseachtain seo. Ach, má chuireann Theresa May tairiscint eile faoi bhráid an AE, a mbeidh béarlagair mealltach gan mhaith ann, b’fhearr dó cur ina coinne láithreach.

Mura bhfuil rialtas aontaithe, fios a ngnó acu agus tairiscint shoiléir acu, ní fiú socrú tábhachtach a dhéanamh leo.

Fág freagra ar 'AN BREATIMEACHT: Ní féidir dea-mhargadh a dhéanamh le rialtas lag nach bhfuil fios a ngnó acu'