An Bille le leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga le foilsiú ‘le linn téarma na Dála seo’

B’fhearr le Conradh na Gaeilge nach leasófaí an tAcht Teanga ar chor ar bith mura gcuirtear moltaí san áireamh

Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.
Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tá sé i gceist i gcónaí Bille na dTeangacha Oifigiúla 2014 a fhoilsiú “le linn téarma reatha na Dála”.

Dhréachtaigh an Rialtas an Bille anuraidh chun leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus thug urlabhraí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go raibh sé i gceist an bille a fhoilsiú roimh dheireadh an téarma Dála seo.

Cuireadh Ceannteidil an Bhille faoi bhráid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht agus foilsíodh tuarascáil an choiste i mí an Mhárta agus dúirt Aire Stáit na Gaeltachta an uair sin go raibh na na moltaí a rinne an coiste “á meas aige”.

Dúirt urlabhraí na Roinne le Tuairisc.ie go raibh na moltaí a rinne a rinneadh sa tuarascáil sin fós “á mbreithniú”.

Mhol Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn an tseachtain seo caite nár chóir dul ar aghaidh leis an leasú ar an Acht mura gcuirfí i bhfeidhm na moltaí atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill.

Dúirt de Spáinn le Tuairisc.ie an tseachtain seo caite go mba cheart a chinntiú go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe an Stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó atá ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantar sin.

Thug an Taoiseach Enda Kenny le fios sa Dáil ag deireadh na bliana seo caite go bhfeicfí an Bille sa Dáil “go luath i mí Eanáir” na bliana seo agus tá breis agus trí bliana ann ó cuireadh tús le próiseas comhairliúcháin poiblí maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha.

Níor nocht an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aon tuairim faoin méid a bhí le rá ag Julian de Spáinn nuair a d’fhiafraigh Tuairisc.ie díobh céard a cheap siad faoina mholadh.

Thug an Roinn le fios, áfach, go bhfuil an Bille ina thosaíocht ag an Rialtas i láthair na huaire. Dúradh go bhfuil sé ar liosta ‘A’ de Chlár Reachtaíochta an Rialtais.

Fág freagra ar 'An Bille le leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga le foilsiú ‘le linn téarma na Dála seo’'