FÍSEÁN/TUAIRISC: ‘B’fhearr gan aon athrú a dhéanamh ar an Acht Teanga ná Bille ‘lochtach’ a fhoilsiú’ – Conradh na Gaeilge

B’fhearr le Conradh na Gaeilge nach leasófaí an tAcht Teanga ar chor ar bith mura gcuirtear moltaí an Choimisinéara Teanga Rónán Ó Domhnaill san áireamh

Níor chóir dul chun cinn le leasú ar an Acht Teanga mura gcuirtear na moltaí atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga san áireamh ann, dar le Julian de Spáinn. Thagair Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge do mholadh de chuid an Choimisinéara Teanga Rónán Ó Domhnaill gur chóir a chinntiú i leasú an Achta go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe an Stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair sin.

Bhí Julian de Spáinn ag labhairt in agallamh le Tuairisc.ie ag ócáid seolta Thuarascáil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2014. Dúirt sé freisin go raibh teipthe ar chóras na scéimeanna teanga faoin Acht, an córas ina leagtar síos na seirbhísí Gaeilge a chuireann eagraíochtaí Stáit ar fáil agus mhol sé gur cheart córas nua a chur ina áit.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha go raibh maitheas éigin ag baint le cuid de na leasuithe a bhí molta ag an Rialtas ar an Acht ach go bhféadfaí iad sin a chur san áireamh mar chuid de Bhille eile a bheadh ag dul i láthair na Dála.

Thagair sé do phéire de na leasuithe a bhí molta ag an Rialtas – go mbeadh sé de cheart ag saoránach a ainm agus seoladh a úsáid as Gaeilge le heagraíochtaí Stáit agus go gcuirfí aon eagraíocht nua Stáit faoi scáth an Achta go huathoibríoch.

Tá sé molta ag Julian de Spáinn gur cheart dul chun cinn leis an dá leasú sin mar chuid de Bhille eile ach gur cheart na leasuithe eile a bhí beartaithe ag an Rialtas ar an Acht Teanga a chur ar leataobh mura mbeadh moltaí an Choimisinéara Teanga curtha ina dteannta freisin.

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN/TUAIRISC: ‘B’fhearr gan aon athrú a dhéanamh ar an Acht Teanga ná Bille ‘lochtach’ a fhoilsiú’ – Conradh na Gaeilge'