An Bhratach Ghorm bronnta ar 14 trá Ghaeltachta

I dTír Chonaill atá an líon is mó tránna Gaeltachta a fuair an gradam cé gur i gCiarraí atá an líon is mó de Bhratacha Gorma i mbliana

An Trá Mhór, Indreabhán
An Trá Mhór, Indreabhán

Bronnadh an Bhratach Ghorm ar 14 trá Ghaeltachta ó cheann ceann na tíre inniu. I dTír Chonaill atá an líon is mó tránna Gaeltachta a fuair an gradam cé gur i gCiarraí atá an líon is mó de Bhratacha Gorma i mbliana.

Ba é an tAire Comhshaoil Simon Coveney a bhronn na bratacha ar na tránna éagsúla ar fud na tíre ag searmanas ar an Trá Mhín i bPort Mearnóg inniu.

Bronnadh an Bhratach Ghorm ar sheacht dtrá i nGaeltacht Thír Chonaill, trí cinn i nGaeltacht na Gaillimhe, péire i nGaeltacht Mhaigh Eo agus péire i nGaeltacht Chiarraí.

Bronnadh an Bhratach ar 79 trá agus ar shé cinn de mhuiríní timpeall na tíre ar an iomlán. Tá an Bhratach ar cheann de na gradaim is mó aitheantais ar domhan ó thaobh cúrsaí timpeallachta de. Leagtar síos critéir lena ndéantar measúnú ar chaighdeán an uisce, ar sholáthar eolas agus oideachas comhshaoil, ar shábháilteacht agus ar bhainistiú na trá.

Chomh maith le Bratacha Gorma, bronnadh Gradam an Chósta Ghlais ar dheich gcinn de chladaí Gaeltachta. Arís eile ba i dTír Chonaill a bronnadh an líon is mó de na duaiseanna seo ar cheantair Ghaeltachta – ceithre cinn as na deich gcinn a bronnadh ar fud na Gaeltachta.

Bronnadh Gradam an Chósta Ghlais den chéad uair sa bhliain 2003 ar cheithre thrá i Loch Garman. Tá fás as cuimse tagtha ar an togra ó shin i leith agus anois tá 499 Meitheal um Chóstaí Glana ann a bhfuil na mílte oibrí deonach iontu. Glanann na meithleacha seo an cósta i gcaitheamh na bliana agus cuireann siad tograí ar bun chun feabhas a chur ar an obair atá á déanamh.

Dúirt an tAire Coveney go bhfuil an t-ádh ar mhuintir na hÉireann go bhfuil cladaí dá leithéid againn ach go gcaithfear a bheith airdeallach nach ligfear na maidí le sruth agus go ndéanfar iarracht na tránna céanna a chaomhnú agus a fheabhsú.

“In Ireland, we are particularly fortunate to have a varied and beautiful coastline with many pristine beaches that are open to the public to enjoy. However, we cannot rest on our laurels and must continue to make strident efforts to protect and improve our waters. This will ensure that we, and future generations, can continue to enjoy this wonderful resource,” a dúirt sé.

Screen Shot 2016-05-26 at 19.10.36

Screen Shot 2016-05-26 at 19.10.49

Fág freagra ar 'An Bhratach Ghorm bronnta ar 14 trá Ghaeltachta'

  • Liam

    Maitiú, a chara,
    Bronnadh brat ar trí trá gaeltachta i Maigh Eo. D’fhág tú trá Mullachrua as an liosta thuas.