An bhfuil cara agat ar mhaith leis Gaeilge a fhoghlaim? Cad iad na feidhmchláir is fearr chuige?

Sa tsraith nua seo, caitheann ár léirmheastóir súil ar a bhfuil d’fheidhmchláir ann do dhaoine ar mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim. An tseachtain seo: Transparent…

Transparent

Ar na feidhmchláir ar fad á lua agam, is é Transparent an dream a bhfuil an rogha is forleithne teangacha ar fáil acu. Os cionn céad teanga ar fad atá i gceist, idir Ghaeilge na hÉireann is na hAlban, an Bhreatnais agus an Bhriotáinis. Tá éacht déanta acu ar son mórán teangacha mionlacha eile leis, cuirim i gcás, an Bhailís, agus an Óisibis, teangacha nach féidir a fhoghlaim tríd an ngnáthphacáiste foghlamtha go fóill, ach a bhfuil acmhainní teagaisc á bhforbairt dóibh de réir a chéile i gcomhar le gníomhaithe díograiseacha áitiúla. Díol ardspéise leis is ea Tionscnamh na Seacht Míle Teanga (‘The 7000 Languages Project’) ar chuireadar tús leis sa bhliain 2013. Tairseach ar líne a bheadh i gceist anseo ina gcuirfí eolas cuimsitheach ar theangacha ar fáil i bhfoirm mapa idirghníomhach. Is léir go bhfuil meas ag lucht Transparent ar chanúintí malartacha na mórtheangacha Eorpacha faoi mar a labhraítear san Oileán Úr iad leis, le Fraincis Québec, Portaingéilis na Brasaíle, agus Béarla pidsean le foghlaim ón ngnáthphacáiste uathu.

Timpeall le €20 sa mhí a chosnaíonn pacáiste foghlama d’aon teanga amháin leis an dream seo, agus tabharfaidh a leitheid de phacáiste tréimhse thriallach ceithre lá dhéag duit saor in aisce. Cráfar le dramhphost ina dhiaidh sin tú, áfach. Murab ionann agus Duolingo nach nglacann le haistriúcháin chruinne ón bhfoghlaimeoir mara dtugtar iad go díreach faoi mar atá sa bhunachar sonraí cheana acu, féadfaidh an foghlaimeoir a chuid aistriúchán féin a chur faoi bhráid Transparent, agus glacfaidh an bogearra leo as sin amach, faoi mar a dhéanfadh seiceálaí litrithe i bpróiséasálaí focal mar shampla. Go deimhin, baineann solúbthacht le leagan amach na n-acmhainní atá forbartha ag Transparent, agus bíonn cead a chinn ag an bhfoghlaimeoir dul tríd na haonaid éagsúla faoi mar a thoileann sé féin.

Má tá comhéadan an bhogearra leagtha amach ar bhealach thar a bheith ciallmhar, ní i gcónaí is féidir an rud céanna a rá faoin sórt ceachta a chuirtear faoi bhráid an fhoghlaimeora, áfach. Ó am go chéile, mar shampla, iarrtar ar an bhfoghlaimeoir ‘cuimhneamh’ ar aistriúchán d’abairt a bheadh feicthe aige cheana, agus tar éis dó ‘cuimhneamh’ ar an aistriúchán sin, ní bhíonn de cheist ann ach ‘arbh ar an abairt seo a chuimhnigh tú?’. B’fhéidir gurb amhlaidh a bhí dearthóirí an chórais ag súil le nós an féincheartaithe a chothú sa bhfoghlaimeoir, ach b’fhearr liom féin go gceartófaí an ghné dhiomaibhseach seo den chúrsa teagaisc, is é sin, go nglanfaí as ar fad é.

Níor mhiste deireadh a chur leis an léirmheas seo ar nóta dearfach áfach; ní mór a aithint go bhfuil cur chuige Transparent ó thaobh foghraíochta go mór le moladh. Ar an bhfeidhmchlár seo, cuirtear taifeadtaí d’abairtí ó chainteoir dúchais i gcomparáid le guth an fhoghlaimeora. Faigheann an foghlaimeoir comhairle dá réir ar cén chuid den abairt ina mbeadh sé ag dul amú, dá mbéarfaí amach air, agus is mór idir é sin agus gutha an róbait a chloisimid ó Duolingo. Bua eile atá aige ar Duolingo ná go dtugtar ann eolas cultúrtha ar phobal labhartha na sprioctheanga. Anuas air sin. agus an plé a bhíonn a fhaightear ar chomhráitisí réadúla.

Le Rosetta Stone a chasfaimid an tseachtain seo chughainn.

Fág freagra ar 'An bhfuil cara agat ar mhaith leis Gaeilge a fhoghlaim? Cad iad na feidhmchláir is fearr chuige?'