An bhfuil an seanphort céanna á chasadh arís ach é tagtha níos luaithe i mbliana?

Caitheann ár gcolúnaí súil ar chuid de na ceachtanna a bhí le foghlaim ón mbabhta is déanaí den tsraith náisiúnta peile

An bhfuil an seanphort céanna á chasadh arís ach é tagtha níos luaithe i mbliana?

Nuair a chuaigh Doire chun páirce in éagmais imreoirí móra ar nós Odhrán Lynch, Eoin McEvoy, Pádraig McGrogan, Gareth McKinless, Ethan Doherty, Paul Cassidy agus, mo léan, Conor Glass, bhí teachtaireacht ana-shoiléir á cur trasna acu maidir le tábhacht na sraithe. Táim siúráilte go bhfuil léamh eile acu féin ar an scéal ach aon uair a tharlaíonn a leithéid is íosghrádú é agus is buille é don gcomórtas.

Bhí sé le braistint in agallaimh tar éis na gcluichí idir Ros Comáin agus Maigh Eo (ó Kevin McStay) agus idir Ciarraí agus Tír Eoghain (ó Paudie Clifford) gur rogha an dá dhíogha anois é an tsraith a bhuachtaint nó gan a bhuachtaint. Ba cheart, áfach aird a bheith ag daoine ar an lucht leanúna a thugann €20 ag an ngeata agus ar an lucht urraíochta, Allianz, a bhfuil breis is 30 bliain tugtha acu do chomórtas gur cosúil nach dteastaíonn ó aoinne é a bhuachtaint. Cá bhfios nach iad Doire agus Áth Cliath a bheidh i gcluiche ceannais na sraithe fé Dhomhnach Cásca agus b’fhéidir faoin dtráth san, go mbeidh go leor foghlamtha ag Mickey Harte fés na Dubs chun tomhas ceart a fháil orthu.

An bhfuil port Mhuineacháin seinnte an uair seo?

Tá na cosa tugtha leo ag Muineachán i mbabhta deireanach na sraithe chomh minic sin le blianta beaga anuas gur leasc le scata iad a dhaoradh go Roinn 2 róluath i mbliana. Beidh siad le Tír Eoghain fé shoilse na hÓmaí fé cheann coicíse agus ar a bhfód féin i gCluain Eois in aghaidh Mhaigh Eo an Domhnach dár gcionn. D’fhéadfaidís buachtaint ar Mhaigh Eo i mbabhta a seacht toisc gur dócha go mbeidh spéis caillte ag Maigh Eo sa tsraith fén dtráth sin ach an mbeidh sé ródhéanach chun iad fhéin a shlánú? Tá éirithe leo buachtaint ar Thír Eoghain sa chraobh i gCúige Uladh anuraidh ach scéal eile ar fad é nuair is cluiche na sé phointe sraithe é. Tuigim go bhfuil sé ráite cheana, ach tógfaidh sé míorúilt an uair seo iad a choimeád ar an gcloch is airde don 11ú bliain as a chéile.

Cathain a thitfidh port na habhann ar na báideoirí fáin?

Ba dhóbair do David O’Hanlon tráthnóna Dé Sathairn i nDoire ach ní raibh dóthain gaoithe tugtha ag Shane McGuigan dá iarracht. Ba dhóbair do Cholm Reape i gCaisleán an Bharraigh Dé Sathairn ach, arís, ní raibh an bhróg curtha i gceart ag Donie Smith lena iarracht siúd. Bhí deis ag David Clifford ar an bhfrithionsaí agus an líne chúil tréigthe ag Niall Morgan i gCill Airne inné ach dhein sé an rud ciallmhar agus thóg a phointe nuair nach raibh ach leathsheans ar bháide. Bhíos ag faire ar Clifford i gcluiche ceannais Chorn Sigerson i gCeatharlach dhá bhliain ó shin nuair a dhein sé iarracht báide a aimsiú agus an cúl báire dulta i mbun fánaíochta ach rug an ghaoth ar a iarracht agus d’fhág Clifford gan rath. Is dóigh liom gurb é nádúr an duine é go dteastaíonn uainn go mbéarfaí amuigh ar an gcúl báire a fhágann a líne chúil féin rómhinic. Níl ann ach geáitsíocht agus ealaín gan dealramh, dar le scata a bhfuil tuiscint thraidisiúnta acu ar ról an chúl báire. Titfidh port na habhann lá éigin ach go dtí go raghaidh imreoirí amuigh fén bpáirc ag cleachtadh na n-iarrachtaí seo, ní baol don gcúl báire.

An bhfuil malairt poirt ag Corcaigh? Bhíodh sé de locht le tamall againn ar imirt Chorcaí gur dream iad a bhí róchoimeádach, rócháiréiseach i mbun seilbhe agus ná féachaidís suas go deo agus iad i mbun ruathair aonair. Bhí sé le tabhairt fé ndeara ina mbua cinniúnach cois Laoi in aghaidh Chill Dara inné go rabhadar ag lascáil na caide i bhfad níos mó agus níos minicí, áfach. Ana-shampla de seo ab ea an dara báide a d’aimsíodar i bPáirc Uí Chaoimh nuair a bhí toradh na himeartha fós idir dhá cheann na meá. Rug Colm O’Callaghan go healaíonta ar an gcic amach fada ó Christopher Kelly, thug pas coise gleoite ón marc a lean agus chuir Conor Corbett ar cosa in airde ag déanamh isteach ar an mbáide.

Bhí obair le déanamh ag Corbett i gcónaí ach de dhroim coisíochta agus ceannais, thug an t-ógánach féna scór féin agus d’aimsigh ceann de na báidí is traidisiúnta agus is bunúsaí a chífidh tú i mbliana. Trí chic agus bhí an chaid neadaithe sa líontán ar thaobh eile na páirce. Is cluiche ana -bhunúsach, ana-shimplí é nuair a imríonn Corcaigh mar sin é. Níl uathu anois ach teacht ar shlite chun an tsimplíocht sin a athchruthú arís is arís eile.

Fág freagra ar 'An bhfuil an seanphort céanna á chasadh arís ach é tagtha níos luaithe i mbliana?'

  • tiarpaire@gmail.com

    Ó…A go B go C go D go E etc ….nuair is féidir dul díreach ó A go E etc ach
    (1) é a fheiceáil agus
    (2) é a aimsiú.
    Chun E etc a fheiceáil ní mór duit féachaint suas agus uait. Bheith fadradharcach. Gan a bheith ag féachaint trasna uait nó timpeall ort nó (milleadh is dó ort) i leith do chúil i gcónaí.