An bhfuil a hainmniúchán tuillte ag Stephanie Roche?

Tá an tÉireannach, Stephanie Roche san iomaíocht le Robin Van Persie agus James Rodriguez do ghradam Puskas do chúl na bliana ag FIFA. Ach cé acu triúr a bhfuil sé tuillte acu?

Stephanie Roche 19/8/2014
Stephanie Roche, atá san iomaíocht don ghradam ‘Puskas’. INPHO/Donall Farmer

Tá mórán cainte déanta faoin mbean Éireannach atá fós san iomaíocht le haghaidh an ghradaim ‘Puskas’, don chúl is fearr atá scoráilte le bliain anuas.

Bhí cúl Stephanie Roche ar cheann den 10 gcúl a roghnaigh coiste ó FIFA le bheith san iomaíocht don duais, ach anois tá áit bainte amach aici ar an ngearrliosta, in éineacht le beirt imreoirí móra le rá, James Rodriguez agus Robin Van Persie.

D’aimsigh Roche a cúl i gcluiche do Peamount United in aghaidh Wexford Youths i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite agus anois tá sí san iomaíocht le cúil a scóráil laochra Real Madrid agus Manchester United i gCorn an Domhain an samhradh seo.

Ach an mbeadh an gradam mór tuillte aici?

Roghnaítear buaiteoir ghradam ‘Puskas’ trí chóras vótála poiblí ar shuíomh FIFA agus tá an ceann is fearr faighte cheana féin ag cúl Roche ar chúil iontacha eile ó leithéidí Zlatan Ibrahimovic agus Diego Costa.

Anois, is é an fhadhb le córas mar seo ná gurb é an duine a bhfuil an tacaíocht is mó ón bpobal a thugann an lá leis agus ní i gcónaí gurb é sin an duine a bhfuil an duais tuillte aige.

Agus ní hannamh dúinn in Éirinn seilbh a ghlacadh ar chomórtais atá oscailte don phobal.

I 1999, mar shampla, nuair nach raibh an t-idirlíon ach ina naíonán, bhí an fhoireann sacair Iodálach, Juventus, ag reáchtáil comórtais ar líne chun an t-imreoir óg is mó a raibh gealladh faoi ag an gclub a roghnú.

Ag an am, bhí peileadóir Éireannach, Ronnie O’Brien, tar éis síniú don fhoireann. Sula i bhfad, bhí feachtas ar bun in áiteanna oibre agus i dtithe fud fad na hÉireann chun daoine a spreagadh chun vótáil do O’Brien. Bhuaigh sé an comórtas, cé nár thosaigh sé oiread agus cluiche amháin do Juventus.

Chuaigh an feachtas céim níos faide an bhliain chéanna nuair a bhí TIME Magazine ag reáchtáil comórtais do ‘Phearsa an Chéid’.

Arís, bhí cead ag an bpobal a rogha féin a chur chun cinn agus ba é a rogha ná Ronnie O’Brien. Ní fada go raibh O’Brien sa chéad áit sa vótáil chun cinn ar leithéidí Martin Luther King, Albert Einstein agus Nelson Mandela. Nuair a chonaic TIME céard a bhí ag tarlú, d’athraigh siad na rialacha b’shin deireadh le seans O’Brien ar a bheith áirithe mar ‘Phearsa an Chéid’.

Anois, tá pobal na hÉireann ag cabhrú le Roche an gradam ‘Puskas’ a bhuachan.

Nuair a gearradh an liosta ó deich gcúl go dtí trí cinn, chuir FIFA amach grafaic do líon na ndaoine a thug cuairt ar an suíomh agus na tíortha as a dtáinig siad.

Bhí Éire sa dara háit.

Bhí an tír seo beagnach ar comhchéim leis an gColóim, tír dhúchais James Rodriguez, cé go bhfuil daonra beagnach deich n-uaire níos mó ann.

Tá difríocht shuntasach amháin idir feachtas atá eagraithe ar son Roche agus an ceann a eagraíodh ar son O’Brien, áfach. Tá an tacaíocht uile tuillte ag Roche.

Nuair atáthar ag caint faoi na trí chúl nó na deich gcúl is fearr dá bhfacthas in aon bhliain, bí cinnte go mbeidh gach cúl acu ar ardchaighdéan. Is é an deacracht a bhíonn ann ná an ceann is fearr a roghnú.

Ach déanaimis iarracht.

 

Ag breathnú ar chúil an ghearrliosta, is é an buntáiste atá ag cúl Roche ná gur cúl eaisceachtúil amach is amach atá ann.

Dá fheabhas é cúl Rodriguez in aghaidh an Uragua, tá a mhacasmahail de chúl feicthe cheana againn.

Ní fheicfeá cúl mar chúl Roche ach go fíorannamh.

Cé go bhfuil bua na suaithinseachta ag cúl Van Persie chomh maith, ach ó tharla nach raibh cosantóir gar dhó agus é i mbun scórála, bhí sé níos éasca aige ná mar a bhí ag Roche.

 

Le bheith fírinneach, nuair atáthar i mbun díospóireachta ar chúil chomh hálainn leo seo, níltear ach ag míníneacht.

Ba cheart taitneamh a bhaint as na héachtanna scórála seo agus do vóta a chaitheamh ar pé ceann is fearr leat…chomh fada is a roghnaíonn tú an bhean Éireannach.

Is féidir vótáil ar son chúl Roche, nóceann de na cinn eile, anseo

https://www.fifa.com/ballon-dor/puskas-award/index.html.

Roghnófar buaiteoir ghradam ‘Puskas’ ar an 12 Eanáir ag searmanas bronnta an Ballon d’Or i Zurich.

 

 

Fág freagra ar 'An bhfuil a hainmniúchán tuillte ag Stephanie Roche?'