An bhféadfadh Lynn Boylan an chreach a bhaint d’Fhine Gael?

Buille mór d’Fhine Gael a bheadh ann dá dteipfeadh orthu san fhothoghchán i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas, ach an chun leas Shinn Féin a bheadh sé dá mbuafadh siadsan?

An bhféadfadh Lynn Boylan an chreach a bhaint d’Fhine Gael?

Tá níos mó spéise á cur ag daoine san fhothoghchán atá le reáchtáil i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas ó dhearbhaigh Sinn Féin go bhfuil an Seanadóir Lynn Boylan ainmnithe acu mar iarrthóir.

Is cóir go mbeadh James Geoghegan (iarbhall de Renua mar a tharlaíonn) as Fine Gael mar rogha na coitiantachta, mar fuair an páirtí sin 28% de na vótaí céadrogha san olltoghchán anuraidh, i gcomparáid le 22% ag an gComhaontas Glas agus 16% ag Sinn Féin. Tá Fine Gael ag dul i neart sna pobalbhreitheanna ó shin agus beidh siad ag súil le vóta os cionn 30% san fhothoghchán.

Ach tá athrú ar an scéal ó tharla gur cosúil cúrsaí tithíochta a bheith go mór i mbéal an phobail sa toghcheantar seo faoi láthair. Tá cuid mhaith daoine óga sa cheantar, daoine a bhfuil postanna maith go leor acu, nach bhfuil in ann teach cónaithe dá gcuid féin a fháil, agus ní cosúil gur iarrthóir maith é Geoghegan fad is a bhaineann sé leis an gceist áirithe seo.

Mhaígh sé féin go dteastaíonn uaidh bheith ina urlabhraí don dream seo atá gan teach dá gcuid féin ach is deacair glacadh leis an gcaint sin nuair is é polasaí Fhine Gael is cúis cuid mhór leis an mbac seo ar dhaoine óga. Agus is deacra fós géilleadh do chaint Geoghegan agus teach mór dá chuid féin aigesean, ar fiú os cionn €700,000 é. Agus cinn eile ligthe ar cíos aige.

Bheadh sé deacair ag tiarna talún a bheith ina urlabhraí do thionóntaí!

Tá fadhb eile ag Fine Gael, agus is é sin go raibh ar Leo Varadkar an-dua a chur de le Kate O’Connell a choinneáil amach as an rás.  Bhí sí ina Teachta Dála roimhe seo, ach is namhaid aitheanta de chuid Varadkar í.

Beidh le feiceáil cén tionchar a bheidh ag an scoilt sin ar fheachtas Fhine Gael.

Tá an fhadhb chéanna ag Fianna Fáil. Bhíodh seomra ligthe ar cíos ag a n-iarrthóir, Deirdre Conroy, agus cháin sí ar bhlag a bhíodh aici, ‘Diary of a Dublin Landlady’, tionónta as an Laitvia a bhíodh aici. Ag trácht ar an tionónta dúirt sí ‘after the Latvian experience, better to stick with what you know if you have to share your house’.

Tá Fianna Fáil lag sa cheantar seo, cé go bhfuil a dTeachta Dála áitiúil, Jim O’Callaghan, ag súil le dúshlán na ceannaireachta a thabhairt go luath.

Fuair Fianna Fáil 13% san olltoghchán, ach tá an páirtí lagaithe go mór ó shin, agus beidh an t-ádh leo má fhaigheann siad an vóta sin arís.

San olltoghchán, ar ndóigh, bhí Eamon Ryan ag barr an liosta, ach tá sé ar a dhícheall anois ag iarraidh a chinntiú nach bhfaighidh Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Hazel Chu, an t-ainmniúchán, cé go bhfuair sí 4,000 vóta sna toghcháin áitiúla.

Tá faitíos ar cheannaire an Chomhaontais Ghlais go dtógfadh Hazel Chu a shuíochán Dála féin an chéad uair eile má bhíonn sí sa rás an uair seo. Agus mar bharr ar an donas, tá sí ar an eite den pháirtí atá naimhdeach do Ryan.

Tá tacaíocht na nGlasach tite go mór sna pobalbhreitheanna. Agus le feachtas scoilte beidh siad ag déanamh go maith níos mó ná 12% a fháil.

Seo é an áit a bhfeiceann Sinn Féin an bhearna.  Cé nach raibh ach 16% acu anuraidh ba chóir go mbeadh siad in ann os cionn 20% a fháil an uair seo.  Ba chóir go bhfaigheadh siad aistriúcháin níos fearr ná Fine Gael ó neamhspleáigh, ó na Daonlathaithe Sóisialta, ón gComhaontas Glas agus fiú ón eite chlé d’Fhianna Fáil. Ar an taobh eile den scéal, is cosúil go seasfaidh vótóirí Pháirtí an Lucht Oibre le Fine Gael.

Go deimhin, toisc iarrthóirí Fhine Gael agus Fhianna Fáil a bheith chomh dona sin, tá roinnt tuairisceoirí ag tabhairt seans d’Ivana Bacik ó Pháirtí an Lucht Oibre. Duine deas is ea í a bhfuil seasamh láidir tógtha aici i leith ceisteanna áirithe.

Beidh sí ag déanamh go maith más féidir léi cur leis an líon vótaí a bhí ag a páirtí anuraidh.

Cath idir Fine Gael agus Sinn Féin is cosúil atá romhainn mar sin, agus an Comhaontas Glas beagáinín taobh thiar.

Ach dá n-éireodh le Sinn Féin anseo chruthódh sé fadhb mhór dóibh, mar ní fheicim go mbeidh siad in ann dhá shuíochán as ceithre cinn a fháil san olltoghchán agus gan ach cuóta amháin i ndán dóibh.

Iarrthóir láidir mar sin féin í Lynn Boylan, a bhfuil saineolas faoi leith aici ar chúrsaí timpeallachta.  Seans go gcabhróidh sin léi sa bhfothoghchán seo agus í ag iarraidh vótaí a mhealladh ó na Glasaigh.

Cé gur sa cheantar seo a rugadh í, bhí sí á lua roimhe seo le Tamhlacht.

B’fhéidir gurbh é an toradh ab fhearr do Shinn Féin go n-éireodh go maith leo an uair seo ach gan an suíochán a ghnóthú.  Ar an taobh eile den scéal, buille mór d’Fhine Gael a bheadh ann dá dteipfeadh orthusan.

Fág freagra ar 'An bhféadfadh Lynn Boylan an chreach a bhaint d’Fhine Gael?'

  • Antóin

    Is beag rogha atá ag muintir Chuan Bhaile Átha Cliath Theas dáiríre. Fine gan Ghael, Fianna Fealltach Fáil, na Giollaí Glasa agus Stickies Féin -freasúra mar dhea! Gach uile pháirtí acu toilteanach an tír a chur faoi ghlas ar feadh bliana, daoine a chur ar an dól, satailt ar chearta bunúsacha agus ar shaoirse daoine le bliain anuas agus gan oiread is smid astu.