An barr ag Paddy Fitz, ‘Fear an Hata’ ar Dave Beasant féin

Is minic a mhaireann a shaol peile siúd a imríonn sa chúl níos faide ná an dream a bhíonn ag imirt amuigh faoin bpáirc

Paddy Fitz2
‘Fear an hata’, Paddy Fitzpatrick.

Scéal a chuala mé an lá faoi dheireadh go raibh conradh nua sínithe ag Tom Brady leis na New England Patriots a fhágfas ag imirt é go mbeidh an dá scór bliain slánaithe go maith aige a chuir ceann barrúil a thit amach ag Comórtas Peile na Gaeltachta na déaga de bhlianta ó shin ar ais i mo chuimhne.

Muna bhfuil mé ag dul amú ba i mBaile Bhuirne a bhí an imirt á déanamh – 2003 b’fhéidir – agus tá mé lánchinnte go raibh Cill tSéadna ar cheann de na foirne a bhí ag iomaíocht sa gcluiche ar a raibh Micheál Ó Muircheartaigh ag tráchtaireacht.

Anois, bhí cúl báire acu siúd a raibh na cúlfhiacla curtha go maith aige agus le linn a chuid tráchtaireachta dúirt an Muircheartach – ‘is cinnte gurb é seo an peileadóir is aosta anseo ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus b’fhéidir fiú an té is aosta in Éirinn a d’imir riamh’ –agus lean air ag tabhairt moladh do shábháil a bhí déanta ag fear Iorrais.

Uair an chloig nó dhó théis dheireadh na himeartha bhí plaic á hithe ag mé fhéin agus Micheál in Ostán Gobnatan nuair a chuir fear as Conamara caidéis air an tráchtaire, a bhfuil cleachtadh maith aige ar ndóigh ar a leithéid a bheith ag tarlú go rialta agus dá mbeadh an fhírinne inste nach bhfuil rud ar domhan is mó a thugann sásamh dó.

‘Tá seans ann gurb é an báireoir sin a raibh tú ag caint ar ball air an duine is sine anseo ceart to leor” a deir mo dhuine, “ach is mór atá tú ag dul amú má cheapann tú gurb é is sine a d’imir ariamh.’

‘Agus cé hé siúd?’

‘Fear as Rinn Mhaoile a dtugann siad Paddy Fitzpatrick air,’ a dúirt mo dhuine leis an tráchtaire a d’fhreagair agus ceist chiallmhar go leor aige féin.

‘Cén t-aos a bhí ag an Paddy Fitzpatrick seo nuair a d’éirigh sé as?’ a d’fhiafraigh Micheál.

‘Níl a fhios agam go barainneach cén aois a bhí sé féin, ach bhí a mhac ‘retire-áilte’ le blianta fada roimhe sin!’ arsa fear Chonamara.

Sách ráite.

Chuir Ó Muircheartaigh agus cuid mhaith eile nach é aithne ar Phaddy Fitzpatrick cúpla bliain dar gcionn nuair a chraol TG4 clár darbh teideal ‘Fear an Hata’ ina ndearna Paddy cur síos ar an gcion a bhí aige ar an bpeil Ghaelach. Thrácht sé freisin ar an meas agus ar an ngean a bhí aige ar an traidisiún as ar sníodh é féin ar an gcuid is faide siar de chósta Chonamara, agus ar an gcaoi, dá bharr sin, ar thug sé a chlann óg abhaile as Sasana, áit ar saolaíodh iad, gur tógadh ina áit dhúchais féin iad.

Ós ag caint ar sheanbháireoir údaí Iorrais mé, is minic ar ndóigh a mhaireann a shaol peile siúd a imríonn san ionad sin níos faide ná an dream a bhíonn ag imirt amuigh faoin bpáirc, fiú ag an leibhéal is airde.

Bhí Martin Furlong 35 bliain d’aois nuair a sheas sé idir na cuaillí don fhoireann as Uíbh Fhailí a bhuaigh ar Chiarraí i gCluiche Ceannais na hÉireann i 1982.

Tá báireoirí sacair ann a d’imir agus iad i bhfad níos sine ná sin. Bhí Faryd Mondragón trí lá le cois 43 bliain nuair a d’imir sé sa gcúl don Cholóim in aghaidh na Seapáine ag an Corn Domhanda seo caite in 2014.

Níos gaire de láthair bhí Pat Jennings 41 bliain nuair a d’imir sé do Thuaisceart Éireann don uair dheireanach – in aghaidh na Brasaíle i gCorn an Domhain 1986 i Meicsiceo.

Ach cé nach baileach go sáraíonn sé gaisce Paddy Fitz, ní féidir an scéal a fhágáil inár ndiaidh gan Dave Beasant a lua.

Ba é Beasant, ar ndóigh, an báireoir ar fhoireann Wimbledon a bhuaigh ar Liverpool i gCluiche Ceannais Chorn an FA i 1988, nuair a shábháil sé cic éirice. Ba é Vinnie Jones an comhghleacaí ba cháiliúla agus ba mhí-ásaí aige, ach fuair sé siúd cúnamh maith ó Dennis Wise, John Fashanu agus Lawrie Sanchez a mba nós leo éadaí a chéile a lasadh, tairní a chur trí bhoinn bróg lena gceangal den urlár, gan trácht ar an íde béil a thugadh siad dá gcéilí comhraic. ‘The Crazy Gang’ a baisteadh orthu.

Ba é cluiche ceannais sin Chorn an FA an cluiche deireanach a d’imir Beasant do Wimbledon a dhíol le Newcastle United é. Chuaigh sé as sin chuig Chelsea, Southampton, Nottingham Forest (áit ar imir sé sa Premiership in aois 40), agus Portsmouth.

Le Fulham a chríochnaigh sé agus é le rá aige go mba é an t-aon imreoir sa Premiership a saolaíodh sna 1950idí.

D’éirigh sé as ansin ar feadh tamaill (2003), ach d’imir sé sna ranna lasmuigh de na príomhshraitheanna, gur ceapadh mar oiliúnaí báireoirí é le Stevenage in 2014.

Níos deireanaí an bhliain sin, agus formhór bháireoirí na foirne gortaithe, ainmníodh Dave Beasant mar ionadaí i gcluiche League One in aghaidh Carlisle. Bhí sé 55 bliana d’aois.

Níl a fhios agam an sine sin ná an aois ar éirigh fear Rinn Mhaoile as, ach tá an barr ag Paddy Fitz mar go raibh mac Dave Beasant – Sam, ar dhuine de na báireoirí sin a bhí gortaithe!

Fág freagra ar 'An barr ag Paddy Fitz, ‘Fear an Hata’ ar Dave Beasant féin'