An baol ann nach mbeidh fáil ar mhúinteoirí le Gaeilge ó thuaidh faoi cheann deich mbliana

Deir an foclóirí Pádraig Ó Mianáin bhfágann an neamhaird a dhéantar ar theangacha sa chóras oideachais ó thuaidh agus an Breatimeacht go bhfuil titim mhór ar líon na ndaltaí in iarbhunscoileanna Béarla a thugann faoin nGaeilge

An baol ann nach mbeidh fáil ar mhúinteoirí le Gaeilge ó thuaidh faoi cheann deich mbliana

Maíodh ag coiste Oireachtais go bhfágann ‘géarchéim na Gaeilge’ sna hiarbhunscoileanna ó thuaidh go bhfuil an baol ann nach mbeidh dóthain múinteoirí ann chun an teanga a theagasc i I scoileanna an Tuaiscirt faoi cheann deich mbliana.

Agus é ag labhairt ag Coiste Oireachais i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúirt Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir an Fhoclóra Béarla-Gaeilge agus comhalta ar Chomhairle na Gaelscolaíochta ó thuaidh, gur fhág an neamhaird atá déanta ar theangacha sa chóras oideachais go raibh todhchaí na Gaeilge i mbaol, go háirithe in iarbhunscoileanna Béarla.

Dúirt Ó Mianáin go raibh “titim shuntasach” tagtha ar líon na scoileanna ar fud na sé chontae a chuireann an Ghaeilge ar fáil mar ábhar ag an dara leibhéal.

“Fiú i gcontae Dhoire, seachas Gaelcholáiste Dhoire, níl ach dhá mheánscoil fágtha, idir chathair agus chontae Dhoire, ina bhfuil an Ghaeilge á teagasc suas go dtí A-Leibhéal,” a dúirt sé.

Thug Ó Mianáin le fios nach bhféadfaí brath ar an gcóras Gaeloideachais leis féin le múinteoirí a chur ar fáil mar gur tríd an chóras Béarla a thagann formhór na ndaoine a chuireann spéis sa Ghaeilge. Dúirt sé go raibh sé tábhachtach go dtabharfaí “blaiseadh den teanga” do dhaltaí i scoileanna Béarla.

“Fiú go straitéiseach don chóras Gaeloideachais, is riosca suntasach é [a laghad scoileanna a chuireann an Ghaeilge ar fáil] mar mura bhfuil na huimhreacha ag dul tríd chun an A-Leibhéal a dhéanamh, ní bheidh siad ag déanamh céimeanna agus ní bheidh múinteoirí [chun an Ghaeilge a mhúineadh] ann faoi cheann deich mbliana, fiche bliain.”

Dúirt Ó Mianáin gur mheas sé go raibh dhá phríomhchúis leis an titim ar líon na ndaltaí in iarbhunscoileanna Béarla a thugann faoin Ghaeilge agus faoi theangacha eile le roinnt blianta anuas.

Ar an gcéad dul síos, a dúirt sé, bhí béim níos mó curtha sa churaclam ar ábhair ar nós na matamaitice agus na n-eolaíochtaí agus “díspreageadh in sa chóras i dtreo theangacha”.

Rinneadh cinneadh in 2004 deireadh a chur le teanga mar ábhar riachtanach don GCSE.

Mheas Ó Mianáin go raibh tionchar ag an mBreatimeacht ar chúrsaí freisin.

“Sa chuid s’againne den tír, tá muid scoite amach ón Aontas Eorpach. Ar bhealach síceolaíochta, tá sé le brath in sa chóras oideachais nach bhfuil an tábhacht chéanna le teangacha eile i gcoitinne, ní hamháin an Ghaeilge i gcás s’againne ach an Fhraincis nó an Spáinnis. Tá na huimhreacha ag titim go tubaisteach leis na teangacha go léir, seachas an Béarla ar ndóigh atá geall a bheith éigeantach ó thuaidh.”

Dúirt Ó Mianáin go raibh gá le scéimeanna dreasachta a thabharfadh spreagadh i dtús báire do pháiste bunscoile i gcóras an Bhéarla an Ghaeilge a ghlacadh sa chóras meánscolaíochta.

“Ansin, ar an meánscoil go mbeadh deiseanna acu, mar shampla ba bhuille mór a bhí ann le cúpla bliain anuas nach raibh na cúrsaí Gaeltachta ann. Níl rud ar bith níos fearr ná trí seachtaine in sa Ghaeltacht chun spéis daoine óga a tharraingt chun na teanga.”

An mhí seo caite, thug Aire Oideachais an Tuaiscirt le fios nach bhfuil fúithi aon ghníomh breise a dhéanamh chun dul i ngleic leis an titim mhór ar líon na ndaltaí a roghnaíonn Gaeilge mar ábhar GCSE agus A-Leibhéal.

Rinneadh achainí ar an Aire Michelle McIlveen ón DUP go ndéanfaí gníomh “práinneach agus diongbháilte” chun stop a chur leis an meath atá tagtha ar an nGaeilge agus ar theangacha eile sna hiarbhunscoileanna.

Thug McIlveen le fios, áfach, go raibh athbhreithniú á dhéanamh ar theagasc teangacha agus go mbeidh an soláthar don Ghaeilge mar chuid den athbhreithniú sin. Tá an obair sin le cur i gcríoch an mhí seo.

Anuraidh 325 dalta a thug faoin scrúdú Gaeilge don A-Leibhéal, deichniúr níos mó ná an bhliain roimhe sin. Is ón chúig iarbhunscoil lán-Ghaeilge atá ó thuaidh a tháinig thart ar 50% de na daltaí sin.

Fág freagra ar 'An baol ann nach mbeidh fáil ar mhúinteoirí le Gaeilge ó thuaidh faoi cheann deich mbliana'