‘Díomá’ faoi ‘dhiúltú’ Aire dul i ngleic le ‘géarchéim’ na Gaeilge i scoileanna Béarla an Tuaiscirt

Thit líon na ndaltaí a dhéanann ‘Irish’ don GCSE ó 2,665 in 2007 go dtí 1,519 in 2021, laghdú 43%

‘Díomá’ faoi ‘dhiúltú’ Aire dul i ngleic le ‘géarchéim’ na Gaeilge i scoileanna Béarla an Tuaiscirt

Tá sé tugtha le fios ag Aire Oideachais an Tuaiscirt nach bhfuil fúithi aon ghníomh breise a dhéanamh chun dul i ngleic leis an titim mhór ar líon na ndaltaí a roghnaíonn Gaeilge mar ábhar GCSE agus A-Leibhéal.

Tá “díomá” ar lucht an Ghaeloideachais ó thuaidh faoi fhreagra an Aire Michelle McIlveen, MLA de chuid an DUP, ar achainí a shínigh 130 duine.

San achainí ó Ghael Linn, An Gréasán – eagraíocht múinteoirí Gaeilge, agus daoine eile, iarradh ar an Aire “gníomh práinneach” a dhéanamh mar gheall ar laghdú 43% a bheith ar líon na ndaltaí a roghnaíonn ‘Irish’ don GCSE.

Tá dhá chúrsa Gaeilge ar fáil don GCSE ó thuaidh, GCSE Irish, atá dírithe ar dhaltaí sa chóras oideachais Béarla agus GCSE Gaeilge, atá dírithe ar dhaltaí an ghaeloideachais. 

Tá laghdú mór tagtha ar líon na ndaltaí a thugann faoi ‘GSCE Irish’, a mhúintear i scoileanna Béarla agus a dhéanann daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge mar ábhar breise.

Thit líon na ndaltaí a dhéanann ‘Irish’ don GCSE ó 2,665 in 2007 go dtí 1,519 in 2021, laghdú 1,146 dalta. 

Maíonn lucht na hsachainí gur “measa an cás” don Ghaeilge ag an A-Leibhéal mar go dtagann níos mó ná leath de na daltaí a dhéanann staidéar ar an nGaeilge ag an leibhéal sin ó earnáil an Ghaeloideachais.

Ina freagra ar achainí lucht an Ghaeloideachais, déanann an tAire Michelle McIlveen cur síos ar a bhfuil ar siúl ag a Roinn don Ghaeilge cheana féin agus ar a polasaí ginearálta i leith teangacha sa chóras.

Deir sí gur faoin scoil féin atá sé cinneadh a dhéanamh faoi theangacha a mhúineadh agus gur minic gur ceist éilimh agus acmhainní a bhíonn i gceist.

Dúirt sí go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ar theagasc teangacha agus go mbeidh an soláthar don Ghaeilge mar chuid den athbhreithniú sin. Dúirt sí go raibh duine a bhfuil Gaeilge aige, Cathaoirleach An Gréasán, ar an mbord atá ag plé leis an athbhreithniú.

Cuirfear bailchríoch ar an athbhreithniú an mhí seo chugainn, a dúirt sí.

Dúirt sí go bhfuil an Roinn Oideachais ag obair cheana féin ar mholtaí a rinneadh cheana maidir le poiblíocht a dhéanamh ar na deiseanna oibre a bhaineann le foghlaim na Gaeilge.

Dúirt Stiúrthóir Oideachais Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, gur léir ó fhreagra an Aire nach bhfuil sé i gceist aici aon ghníomh ar leith a dhéanamh chun dul i ngleic leis an “géarchéim” maidir le líon na ndaltaí atá ag staidéar na Gaeilge i scoileanna an Bhéarla sa Tuaisceart.

“Tá díomá ar na daoine a ghlac am leis an litir a shíniú, 130 acu. Cuireadh a lán machnaimh isteach sa litir. D’aithin muid na deacrachtaí agus na réitigh ar na fadhbanna sin, ach ní dheachaigh an tAire i ngleic leis na ceisteanna sin. 

“Cé gur scríobh sí freagra cúig leathanach agus go raibh tuin mheasartha dhearfach ar a freagra i gcomparáid le freagraí eile tá díomá orainn nach bhfuil aon ghníomh suntasach á bheartú ag an aire.”

Dúirt Réamonn Ó Ciaráin gur údar díomá é chomh maith gur dhiúltaigh an tAire don achainí go gcuirfí liúntas ar fáil do dhaltaí ar mian leo dul chun na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Michelle McIlveen ina freagra go raibh maoiniú “suntasach” á chur ar fáil ag an Roinn d’fhoghlaim na Mandairínise sna bunscoileanna agus go raibh 20,000 dalta bunscoile ó thuaidh i mbun na teanga sin a fhoghlaim. 

“Is cinnte go bhfuil i bhfad níos lú daoine, ar an drochuair, ag foghlaim na Gaeilge sna bunscoileanna in earnáil an Bhéarla, ná mar atá an ag foghlaim na Mandairínise ach nach bhfuil aon mhaoiniú breise ar fáil don Ghaeilge,” arsa Réamonn Ó Ciaráin.

Dúirt Ó Ciaráin go raibh “Cumann Confucius ag dul thart ar na bunscoileanna ag teagasc na Mandairínise” agus go raibh níos mó acmhainní “á gcur ar fáil ag an Roinn Oideachais dóibh ná mar atá á gcur ar fáil don Ghaeilge”.

Mheas sé gur maith an rud go bhfuil daltaí ag foghlaim teangacha eile ach dúirt go raibh “áit speisialta ar an oileán seo don Ghaeilge” agus gur chóir “ar a laghad an tacaíocht chéanna a chur ar fáil don teanga dhúchais’. 

Dúirt Réamonn Ó Ciaráin gurb amhlaidh go gcuirfeadh freagra an Aire leis an “cur i gcéill” a bhaineann leis an maíomh go bhfuil “a lán machnaimh” á dhéanamh ag an Roinn faoin Ghaeilge.

“Sa dlínse seo, tá foghlaim na dteangacha ag dul chun siobarnaí agus tá géarchéim ann,” a deir Stiúrthóir Oideachais Gael Linn.

“Tá múinteoirí Gaeilge i ranna Gaeilge ag rá linne go bhfuil siad an-bhuartha faoin titim ar líon na ndaltaí atá ag roghnú na Gaeilge mar ábhar scrúduithe in earnáil an Bhéarla.” 

1% de na daltaí atá ag gabháil don Ghaeilge GCSE agus A-Leibhéal. 

Fág freagra ar '‘Díomá’ faoi ‘dhiúltú’ Aire dul i ngleic le ‘géarchéim’ na Gaeilge i scoileanna Béarla an Tuaiscirt'

  • Marcas Mac Pháidín

    Tá fadhb ginearálta le foghlaim na dteangacha sa tuaisceart, ní amháin an Ghaeilge. Tá sé i bhfad níos fusa grád maith a fháil in “ábhair bhoga” ar nós Taisteal agus Turasóireacht ná Gaeilge agus mar sin tá claonadh ag daltaí iad a roghnú. Tá clú na scoileanna ag bráth ar thorthaí agus, mar sin, tá siad iontach sásta daltaí a spreagadh i dtreo na nábhar furasta.