An baol ann go bhfuil sé ródheireanach don Ghearmáin a stíl a athrú agus Ronaldo agus a chairde ag fanacht orthu

Is é an cluiche idir an Phortaingéil agus an Ghearmáin ceann mór an lae ach casfaidh an Ungáir agus an Fhrainc ar a chéile níos luaithe tráthnóna agus imreoidh an Spáinn in aghaidh na Polainne tráthnóna

An baol ann go bhfuil sé ródheireanach don Ghearmáin a stíl a athrú agus Ronaldo agus a chairde ag fanacht orthu

Joshua Kimmich agus imreoirí na Gearmáine. Pictiúr: INPHO/Presseye/Jonathan Porter

An Ungáir v An Fhrainc – 2pm

Bhí na Francaigh cuibhseach ina mbua in aghaidh na Gearmáine níos luaithe an tseachtain seo, gan a bheith iontach. Tá an fhoireann is láidre sa chomórtas ag Didier Deschamps ach, díreach mar a tharla ag Corn an Domhain 2018, níl an cuma ar an scéal go bhfuil an bainisteoir sástá scaoileadh léi.

Ní dhéanann foireann seo na Fraince ach a bhfuil ag teastáil chun an bua a fháil agus is léir go nglacann na himreoirí le cur chuige Deschamps. Déanann leithéidí N’Golo Kanté agus Antoine Griezmann obair na gcapall nuair nach mbíonn seilbh ar an liathróid ag an bhFrainc agus fágtar ag Paul Pogba agus Kylian Mbappé den chuid is mó deiseanna a chruthú.

Tá amhras ann an mbeidh Benjamin Pavard in ann imirt i gcluiche an lae inniu. Leagadh an cosantóir amach in aghaidh na Gearmáin agus rinneadh cáineadh ar an gcinneadh gan é a bhaint den pháirc. Beidh neart scrúduithe dochtúra déanta ag Pavard idir an dá linn ach, agus é cuid mhaith níos fearr ná an fear a bheadh le teacht isteach ina áit, Leo Dubois, beidh Deschamps ag súil go mbeidh Pavard tagtha chuige féin.

Didier Deschamps. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

D’éirigh réasúnta maith leis an Ungáir in aghaidh na Portaingéile sa chéad bhabhta ach chlis orthu sa deireadh agus trí chúl scóráilte ag na bPortaingéiligh sa deich nóiméad deireanach. Tabharfaidh an slua baile spreagadh don Ungáir inniu ach, arís, tá dúshlán ollmhór rompu.

Mar atá ráite, b’fhéidir nach dtabharfaidh an Fhrainc stánáil dóibh, níl aon ghá leis ar ndóigh, ach beidh foireann Deschamps i bhfad róláidir do na hUngáraigh.

An Phortaingéil v An Ghearmáin – 5pm

Cé gur thóg sé sách fada ar an bPortaingéil an ceann is fearr a fháil ar an Ungáir sa chéad chluiche sin, ábhar faoisimh a bheidh ann dóibh gur éirigh leo an cluiche a bhaint ar deireadh.

Tugadh deis do Diogo Jota sa chluiche agus, cé nach raibh an tosach go hainnis, beidh sé tugtha faoi deara ag a bhainisteoir Fernando Santos gur tháinig cúil na Portaingéile tar éis d’imreoir Liverpool an pháirc a fhágáil.

Cinnte tá roghannna ag Santos maidir le cé atá chun imirt. Tosach mór, láidir é André Silva a d’fhéadfadh imirt taobh le Cristiano Ronaldo nó d’fhéadfaí João Félix, imreoirí níos sciliúla a chur isteach díreach in ait Jota.

Beidh athruithe le déanamh ag an nGearmáin freisin. Bhí seansanna acu an comhscór a bhaint in aghaidh na Fraince ach, i ndáiríre, bhí a gcéilí comhraic cuid mhaith níos fearr ná na Gearmánaigh.

Tá Joachim Löw tar éis a bheith ag iarraidh úsáid a bhaint as córas 3-4-3 le cúpla bliain anuas ach is léir nach bhfuil sé ag obair. Ba cheart go mbeadh an fhoireann fillte ar chóras 4-3-3, nó ceann cosúil leis.

Is leis an gcóras sin a bhí an Gearmánaigh ag imirt nuair a bhuadar Corn an Domhain 2014, bhuadar 4-0 ar an bPortaingéil sa chéad bhabhta, ach tá an baol ann go bhfuil sé rodheireanach anois an t-athrú a dhéanamh.

Tá imreoirí na Gearmáine sach maith chun cluiche an lae inniu a bhuachan, is cuma cén córas imeartha atá in úsáid acu ach ba mhór an chabhair a bheadh ann dá mbeadh muinín acu as na treoracha atá á fáil acu.

An Spáinn v An Pholainn – 8pm

Bhí cuid de sean-laigí na Spáinne le feiceáil sa chluiche idir iad agus an tSualainn sa chéad bhabhta. Cé go bhfuil sé ráite nach bhfuil foireann Luis Enrique chomh gafa céanna le seilbh a choinneáil ar an liathróid, chaith siad an cluiche uile in aghaidh na Sualainne ag pasáil na liathróide anonn agus anall gan tada a chruthú.

Ní dhearna na Sualannaigh rudaí éasca dóibh agus iad tite siar uile agus gan suim acu ar chor ar bith an liathróid a bhuachan, ach b’údar díoma cé chomh teoranta agus a bhí na Spáinnigh freisin.

Luis Enrique. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Agus bua ag teastáil don Pholainn inniu tar éis dóibh cliseadh i gcoinne na Slóvaice, beidh sé chun leas na Spáinneach go mbeidh a gcéilí comhraic ag iarraidh dul ar an ionsaí anois agus arís ach beidh gá le feabhas mór má tá siad chun dul i bhfeidhm ar dhaoine.

Tá muid fós ag fanacht ar Robert Lewandowski an beart a dhéanamh ag ceann de na mórchomórtais agus cé nach bhfuil sé féaráilte a bheith ag brath ar aon duine amháin chun cluichí a bhuachan d’fhoireann, níl aon amhras ach go bhfuil Lewandowski níos cumasaí ná mar atá léirithe aige go dtí seo.

Fág freagra ar 'An baol ann go bhfuil sé ródheireanach don Ghearmáin a stíl a athrú agus Ronaldo agus a chairde ag fanacht orthu'