An amhlaidh go bhfuair Aindí post le ChatGPT i ndiaidh na hArdteiste?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: téann sé ó mheabhair ar ár gcolúnaí go bhfuil ‘scríbhneoirí’ ann a bhaineann úsáid as an intleacht shaorga chun ‘litríocht’ a ‘scríobh’ 

An amhlaidh go bhfuair Aindí post le ChatGPT i ndiaidh na hArdteiste?

As Intleacht Shaorga a tháinig an íomhá seo

‘An ghrian ag scoilteadh na gcloch’: nach tráthúil gur leis an líne sheanchaite úd a thosaigh an bota ChatGPT an ‘dán’ a ‘scríobh’ sé i ‘nGaeilge’ don suíomh seo an lá cheana? Shílfeá gurbh é Aindí na hArdteiste é féin a bhí i mbun pinn.

(Anois agus muid ag caint ar Aindí, céard a tharla dó? Níor chuala mé caint ná iomrá air le bliain nó dhó. An amhlaidh go bhfuair sé post in Silicon Valley tar éis na hArdteiste agus go raibh sé ag obair sa phluais dhorcha inar forbraíodh an bota ChatGPT?)

Ar chaoi ar bith, dealraíonn sé gur daltaí meánscoile cuid mhór de lucht úsáide na hintleachta saorga (AI) céanna sin. Léirigh taighde a rinne an craoltóir ón Ísiltír NOS go bhfuil nós forleathan tar éis teacht chun cinn i measc aos óg na tíre sin iarraidh ar ChatGPT a gcuid obair bhaile a dhéanamh; aistí faoi na leabhair atá ar churaclaim na dteangacha éagsúla is mó a iarrtar ar an mbota a chur ar fáil, de réir cosúlachta.

Ach tá bealaí aimsithe ag múinteoirí chun téacsanna a scríobhadh le cúnamh na hintleachta saorga a aithint: athrá, comhréir mhínádúrtha, easpa samhlaíochta, easpa comhthéacs, easpa stíle agus thar aon rud eile easpa mothúchán na príomhchomharthaí sóirt.

Faraor géar, tá ’scríbhneoirí’ ann chomh maith a théann i muinín na hintleachta saorga chun ‘ficsean’ a scríobh. Coicís ó shin, d’fhógair an iris iomráiteach fantaisíochta agus ficsean eolaíochta ó Mheiriceá Clarkesworld nach mbeidh siad ag glacadh le haon scéalta nua go ceann píosa, toisc go raibh an iomarca scéalta á gcur chuig an iris ar léir gur bota, seachas duine, a scríobh iad.

Ach oiread le múinteoirí meánscoile, tá bealaí aimsithe ag an iris chun scéalta a scríobh ChatGPT a aithint. An mhí seo caite amháin, bhí ar Clarkesworld 500 ‘scríbhneoirí’ a ruaigeadh ón ardán ar líne ar a gcuirtear scéalta nua faoi bhráid na hirise, toisc go raibh lorg láidir na hintleachta saorga ar a gcuid ‘saothar’.

Mar scríbhneoir, téann sé ó mheabhair orm go hiomlán cén fáth go dteastódh ó dhuine úsáid a bhaint as bota chun ficsean a scríobh. Eisceachtaí sárdhíola as an áireamh, ní íocann scríbhneoireacht ficsin na billí. Agus cad is fiú clú agus cáil má bhíonn a fhios agat, i do chroí istigh, nach bhfuil siad tuillte agat?

An t-aon chúis amháin gur chóir do dhuine tabhairt faoin scríbhneoireacht ficsin ná dúil a bheith aige sa phróiseas féin: sna deacrachtaí agus sna dúshláin a bhíonn le sárú abairt i ndiaidh abairte, leathanach i ndiaidh leathanaigh.

Cén sásamh a bheadh le baint as saothar críochnaithe nach raibh allas do mhalaí féin ag baint leis? Saothar, más fianaise an ‘dán’ a ‘scríobh’ ChatGPT i ‘nGaeilge’ don suíomh seo, nach mbainfeadh mórán léitheoirí sásamh as ach oiread?

Fág freagra ar 'An amhlaidh go bhfuair Aindí post le ChatGPT i ndiaidh na hArdteiste?'