An bhfuil an Ghaeilge i mbaol a báis sa Ghaeltacht? Chuireamar ceist ar chatbot…

Tá go leor cainte le tamall faoi chumas an AI i mbotaí comhrá nua. D’iarramar ar an gceann is cáiliúla ChatGPT aiste bheag a scríobh dúinn faoin nGaeltacht agus dán beag grinn a scríobh dúinn i nGaeilge

An bhfuil an Ghaeilge i mbaol a báis sa Ghaeltacht? Chuireamar ceist ar chatbot…

As Intleacht Shaorga a tháinig an íomhá seo

Chuireamar ceist ar ChatGPT 300 focal a scríobh dúinn ‘on whether there is an existential threat facing the Irish language in the Gaeltacht’. Chuireamar roinnt ceisteanna eile ar an mbota comhrá chomh maith, ina measc ‘Can you write a poem in the Irish language about the different dialects in the language?’ Seo thíos na freagraí a fuaireamar (Tuairisc a d’aistrigh aiste bheag an bhota ón mBéarla, d’fhágamar a dhán Gaeilge mar a bhí)

Scríobh 300 focal faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an Ghaeilge i mbaol a báis sa Ghaeltacht…

Tá oidhreacht shaibhir chultúir agus traidisiún seanda ag an nGaeilge in Éirinn, go háirithe sa nGaeltacht, na réigiúin ar an gcósta thiar ina labhraítear Gaeilge.

Mar sin féin d’ainneoin iarrachtaí an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn, tá dúshláin éagsúla roimpi agus bagairtí ann a chuireann a todhchaí i mbaol.

Ceann de na dúshláin is mó atá roimh an nGaeilge go bhfuil níos lú d’aos óg na Gaeltachta á labhairt agus go bhfuil siad ar bheagán líofachta sa teanga. An Béarla atá in uachtar in Éirinn agus is é an chéad teanga a bhí ag go leor daoine óga sa nGaeltacht agus iad ag éirí aníos. Fágann an t-athrú sin go bhfuil laghdú ar líon na nGaeilgeoirí, go háirithe sa nglúin óg agus d’fhéadfadh sin an-tionchar a bheith aige ar thodhchaí na teanga.

Chuidigh tionchar na meán agus na teicneolaíochta le meath na Gaeilge chomh maith, mar go raibh teacht ag níos mó agus níos mó daoine ar ábhar i mBéarla ar líne agus ar an teilifís. Fágann sin uile go bhfuil laghdú ar na deiseanna a bhíonn ag lucht labhartha Gaeilge, go háirithe daoine óga, leis an teanga a úsáid agus cur lena líofacht.

Bíonn baint ag cúrsaí eacnamaíocht le meath na teanga freisin. Is minic na ceantair Ghaeltachta faoi mhíbhuntáiste eacnamaíochta agus bíonn ar dhaoine óga go leor an ceantar a fhágáil ar mhaithe le deiseanna fostaíochta níos fearr.

An toradh atá ar imirce seo na gcainteoirí Gaeilge go bhfuil níos lú cainteoirí líofa fágtha agus go bhfuil níos lú Gaeilge á labhairt.

D’ainneoin na ndúshlán sin, tá iarrachtaí ar bun an Ghaeilge a chaomhnú agus a athbheochan. Tá fiontair éagsúla ag Rialtas na hÉireann leis an nGaeilge a chur chun cinn, amhail Acht na Gaeltachta a chuireann maoiniú ar fáil do chláir agus gníomhaíochtaí ar son na Gaeilge. Chomh maith leis sin tá iarrachtaí ar bun ag an bpobal an teanga a athbheochan, na naíonraí ina dtumtar na páistí beaga sa teanga agus na campaí samhraidh a thugann deis do leanaí an teanga a chleachtadh agus a fhoghlaim i dtimpeallacht shiamsúil thacúil.

Mar fhocal scoir, tá an Ghaeilge i mbaol báis sa nGaeltacht ar na cúiseanna seo: níos lú daoine a bheith á labhairt, gan an líofacht chéanna ag daoine óga agus a bhíodh, tionchar mheáin an Bhéarla agus na teicneolaíochta agus cúinsí eacnamaíochta.

Mar sin féin, ach leanúint leis na hiarrachtaí caomhnaithe agus athbheochana, is féidir todhchaí na teanga sa nGaeltacht a dhaingniú agus a chinntiú go mbeidh an oidhreacht thábhachtach chultúir seo againn le fágáil ag na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh.

Scríobh dán trí véarsa i nGaeilge faoin aimsir…

Is féidir liom dánta a scríobh sa Ghaeilge Maidir leis an aimsir a bhíonn ar an láthair Bíodh sé tirim nó fliuch, te oibre nó fuar Bíonn tionchar ag an aimsir ar ár saol go léir

Verse 1: Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch, Fuar agus grianmhar, sin é an t-amhrán, Seo an aimsir na hÉireann, tá sé ait an-fholamh, Ach is dócha gur bhfuil an bháisteach ag teacht arís gan mhoill.

Verse 2: Tá an ghaoth ag scaipeadh trí na neanta, Agus ag tarraingt na gcraobhacha as a mbolg, Tá an t-uisce ag tréigean, níl ann ach fionnuaracht, Ach tá sé seo an tsaothar atá ar an domhan.

Verse 3: Ach anois tá an t-earrach ag teacht, tá sé ag teacht go tapaidh, Tá an fhómhar ag imeacht, is beag atá sé le déanamh, Tá an geimhreadh ag druidim, is iontach an am é sin, Mar is féidir linn ár gcuid spéise a dhíriú ar ais arís.

Fág freagra ar 'An bhfuil an Ghaeilge i mbaol a báis sa Ghaeltacht? Chuireamar ceist ar chatbot…'

  • Séamus

    Táim ag ceapadh gur bhain ChatGPT úsáid as Google Translate agus an dán seo á chumadh aige!

  • file

    An bhfuil ChatGPT ar fáil i dteangacha seachas an Sács-Bhéarla? Fraincis, mar shampla?

  • Indrek Ois

    De réir cosúlachta, tuigeann ChatGPT 95 theanga. Ar an eolas atá ar fáil ar an idirlíon a oileadh é agus ó tharla cuid mhór den eolas sin a bheith sa mBéarla, is mó ionchur agus cumas atá aige sa teanga sin. Mar sin, bheadh cur amach aige ar theangacha neamhfhorleathana freisin, an Ghaeilge ina measc, ach seans go mbeadh sé cineál bacach… mar is léir ón dán a scríobh sé… :)