An 20 leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh in 2020… (cuid I, 20-10)

I mbliain seo 2020 cén scór leabhar is mó a chuaigh i bhfeidhm ortsa? D’iarr Tuairisc ar ár léirmheastóir teacht anuas den chlaí agus a scór leabhar siúd a roinnt linn. Seo iad uimhreacha 20-11 ar a liosta

An 20 leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh in 2020… (cuid I, 20-10)

20. Cumadóireacht Uí Chadhain, Mícheál Briody & Máirín Nic Eoin, Leabhar Breac, €24

Agus muid i mbliain chomórtha bhás Mháirtín Uí Chadhain, is tráthúil go bhfuil ábhar nua le príomhúdar na Nua-Ghaeilge á chur amach den chéad uair. Seo trí cinn de théacsanna neamhfhoilsithe atá curtha in eagar ag Mícheál Briody agus Máirín Nic Eoin ó pháipéir Uí Chadhain i gColáiste na Tríonóide. Tugtar léargais úra iontu ar dhearcadh Uí Chadhain ar an litríocht agus ar ghníomh na cruthaitheachta féin. Déantar nótaí cuimsitheacha léirmhínithe a chur leis na téacsanna chomh maith le réamhaiste, aguisíní, modh eagarthóireachta agus rogha saothar critice.

19. Inní, Réaltán Ní Leannáin, Éabhlóid, €14

Tá an prós ar a toil ag Réaltán Ní Leannáin agus tá Éabhlóid le sárshamplaí dá ficsean gairid a chur ar fáil díreach roimh an Nollaig. Is minic léi ceisteanna ceartais agus cothromaíochta a bheith go smior ina cuid scéalaíochta agus a shliocht ar an gcnuasach úr gearrscéalta seo freisin. Is maith uaithi an spléachadh a thugann sí ar láithreacha, tréimhsí agus cultúir éagsúla ach is é an scód a ligeann sí lena carachtair agus iad ag iompar scéil an bua is follasaí atá aici mar scríbhneoir.

18. Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta, Aistritheoir: Micheál Ó Conghaile, CIC, €15

Bliain bhisigh don aistriúchán liteartha a bhí in 2020. Dhá scór bliain ó shin in 1980, chuaigh an cnuasach cáiliúil Dúil go mór i bhfeidhm ar Mhicheál Ó Conghaile. Meabhraíonn sé dúinn sa réamhrá go bhfuil formhór mór d’úrscéalta Béarla Uí Fhlaithearta as cló agus go bhfuil scaipeadh ar bhreis is 180 gearrscéal dá chuid in irisí, tréimhseacháin agus bailiúcháin éagsúla. Tá teacht anois ag pobal na Gaeilge ar bharr an bhainne: trí dhán, 33 gearrscéal a aistríodh go Gaeilge agus gearrscéal bunaidh Gaeilge amháin nár tiomsaíodh in Dúil.

17. Ag Caint le Synge, Dara Ó Conaola, Oileán Press, €12

Ná fágtar Árainn as féin ar an liosta seo gan flosc liteartha Inis Meáin agus Inis Oírr a lua. Bailiúchán dátheangach filíochta é seo ó Dhara Ó Conaola, toradh ar chuairt a thug sé ar an teach a mbíodh J.M. Synge ag fanacht ann in Inis Meáin. Déantar móradh freisin ar fhile mór Inis Meáin, Dara Beag Ó Fatharta – ‘Nuair a Thiteann Laoch’ – agus is beagnach i ngan fhios a chuireann na dánta gairide agus fada – ‘Ceisteanna’ mar shampla – i mbun machnaimh muid. Is féidir dlúthdhiosca fuaime den chnuasach a cheannach freisin.

16. Máchail: Scéal Díoltais, Ré Ó Laighléis, Móinín, €12.95

‘Dúshlán Intleachta. Corraíl chroí. Griogadh Anama.’ Is ionann an cur síos beacht sin ar chor an phríomhcharachtair Cormac Mac Uidhir agus mianach an úrscéil féin. Baineann Ré Ó Laighléis earraíocht as an scil atá aige sa tsíceolaíocht agus sa scríbhneoireacht chun teannas ropánta a choinneáil leis an léitheoir ón tús go dtí an abairt dheireanach ar fad agus Cormac faoi agallamh ag an nGarda Orla Ní Mhuirí. Beidh treoir le fáil ag an bhfoghlaimeoir fásta ón ngluais chuiditheach aonteangach i gcúl an leabhair.

15. Cuisle an Chósta, Catherine Foley, LeabhairComhar, €12

29 aiste atá sa gcnuasach seo a leagtar amach de réir an fhéilire mar éascaíocht don léitheoir. Baineann na téamaí le cultúr agus oidhreacht na Rinne agus cuireann léaráidí RoseAnn Foley go mór leo. Léitheoireacht gan dua atá sna píosaí agus tráchtar ar an uile ní faoin spéir iontu – ó thábhacht an tí ósta go toibreacha beannaithe – agus roinntear léargas séimh linn ar shaol laethúil phobal na nDéise. Cuirtear gluais reatha ar fáil in íochtar na n-aistí mar thaca don fhoghlaimeoir fásta freisin.

14. Gaillimh: Díolaim Cathrach, Roghnaithe ag Brian Ó Conchubhair, CIC, €25

Mura raibh rath ar Ghaillimh 2020 beart ar fónamh atá sa gcnuasach seo a thugann léargas ar shaibhreas nualitríochta chathair na Gaillimhe. Tá téagar sna sleachta próis a roghnaigh Brian Ó Conchubhair don díolaim ach samhlaím go ndéanfar cosán dearg i dtreo na ndánta go háirithe. Bheifí ag súil le Máirtín Ó Direáin ar ndóigh ach is iontach go bhfuil píosaí snoite le Máire Holmes, Áine Durkin, An tSiúr Finín agus Pauline Nic Chonaonaigh i gcuideachta Ruaidhrí Uí Thuathail, Seosamh Ó Guairim agus Seán Ó Leocháin gach ach cuid den dámh filí a lua. Is mór is fiú réamhaiste agus nótaí mínithe an fhir eagair chomh maith.

13. Peig Sayers: Níl Deireadh Ráite, Bo Almqvist agus Pádraig Ó Héalaí, New Island Books, €24.95

Taifeadtaí eisceachtúla a tógadh ó Pheig agus cóir leighis á cur uirthi i mBaile Átha Cliath i 1952 is ea an fobhailiúchán seo ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Tá tras-scríobh, eagarthóireacht mhion, réamhrá, nótaí agus aistriúchán dílis ag gabháil leis na taifeadtaí féin a bhfuil athmháistriú déanta orthu. Baineann luach as an gcoitiantacht leis na taifeadtaí céanna toisc nach ann a thuilleadh do líon mór de na seantaifeadtaí a rinneadh léi ar shorcóirí céarach. A bhuíochas do dhíograis léannta Phádraig Uí Éalaí, maireann craobh Pheig agus Bo Almqvist ar an bhfál, beannacht Dé leo beirt.

12. Safó, Caitríona Ní Chléirchín, Coiscéim, €7.50

Duanta goil is gáire de chuid fhile mór na Gréige, Safó, agus a gceart liriciúil tugtha ag Caitríona Ní Chléirchín dóibh. Seo ar shála an chnuasaigh nua – The Talk of the Town – a d’fhoilsigh Gallery Press níos túisce i mbliana. Ní thagann anuas ach míreanna le Safó ach fós féin éiríonn leis na hathleaganacha ‘loinnir agus ruithne’ a chur le glór cianda na banúlachta atá chomh géarchúiseach inniu is a bhí sa Séú Céad RC. Leagtar íomhánna bonn ar aon leis na bloghanna agus is mór an spórt mar fhoilseachán é.

11. Ag Útamáil Liom: Cuimhní Cinn, Pádraic Breathnach, CIC, €15

Ní scaoileann Pádraic Breathnach gach rún maidir lena chuid cumadóireachta sa dírbheathaisnéis oscailte ionraic seo ach tráchtann sé ar an ngearrscéalaíocht, mar a chuaigh sé i dtreo na húrscéalaíochta agus ar an obair chéadach a rinne sé le Michael Phatch Breathnach as Gleann Mhac Muirinn. Ba dhóbair nach mbeadh saothar mór scéalaíochta óna láimh ar chor ar bith ann murach dea-chomhairle an ghearrscéalaí Micheál Ó hÓdhráin faoi phost cigireachta a dhiúltú. Tá greann, doimhne agus prós tréitheach sna cuimhní cinn ina cheann ar mhórán eachtraí i Maigh Cuilinn, Baile Átha Cliath, Luimneach, Londain agus ar fud an tsaoil, de shiúl na gcos agus ar muin capaill.

Fág freagra ar 'An 20 leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh in 2020… (cuid I, 20-10)'

  • Mairéad

    Tá ró-bhéim ar fad ar an litríocht nuachumtha maidir le leabhair i nGaeilge a chur ar fáíl do dhaoine fásta.
    Is ar éigin a bhfuil leabhair ar bith faoin pholaitíocht idirnáisiúnta, spórt idirnáisiúnta, stair idirnáisiúnta, ealaín, eolaíocht, taistil, nádúr, scileanna phraiticiúla, ceol, fealsúnacht, féinfhorbairt srl, srl ar fáil i nGaeilge.
    Tá go léitheoirí á cailliúint againn toisc nach bhfuil suim dá laghad acu i bhfilíocht nuchumtha na Gaeilge (amaitéarach, éadrom, neamhcheolmhar, neamhthéagarach agus leamh den cuid is mó), i ngearrscéalta rófhada agus in úrscéalta rófhada leathchríochnaithe rófhoclacha na Gaeilge nach bhfuil plotaí shuimiúla iontu a thagann amach go bliaintiúil ó “cottage industry” na nduaiseanna liteartha.

  • Dónall

    Tá sea uilig ráite ag Máiréad!