Amscála ar bith ann do bhunú lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín go léiríonn freagra a fuair sé ar cheist Dála nach bhfuil ‘airgead, acmhainní ná amscála’ luaite go fóill ag an Rialtas lena ngealltanas go mbunófaí lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Amscála ar bith ann do bhunú lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Ní fios go fóill cén bhliain a bhunófar an tIonad Gaeilge agus Cultúir i mBaile Átha Cliath, ionad atá geallta sa Phlean Forbartha Náisiúnta a seoladh le déanaí.

Tá a mhíshástacht léirithe ag Peadar Tóibín faoina laghad eolais atá ar fáil faoi na spriocanna a bhaineann leis an ngealltanas go mbunófaí Lárionad Ghaeilge agus Chultúir san ardchathair.

Agus ceist Dála a chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin air á freagairt aige, ní fhéadfadh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh aon eolas a thabhairt i dtaobh an chláir ama don lárionad seachas gur tugadh maoiniú do Chonradh na Gaeilge anuraidh chun staidéar féidearthachta a dhéanamh faoi fhorbairt a gceannárais ag 6 Sráid Fhearchair.

Dúirt McHugh gur cuireadh coiste le chéile an bhliain seo caite a raibh ionadaithe air óna roinn féin, ó Fháilte Éireann, ó Chomhairle Cathrach Átha Cliath agus ó Chonradh na Gaeilge le breathnú ar na féidearthachtaí ceannáras an Chonartha ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath a fhorbairt mar lárionad do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Mar thoradh ar bhunú an choiste sin rinne Conradh na Gaeilge iarratas ag deireadh na bliana seo caite ar mhaoiniú chun staidéar féidearthachta a dhéanamh i leith fhorbairt a gceannárais.

Tugadh €40,897 don Chonradh i mí na Nollag seo caite chun an staidéar féidearthachta a dhéanamh.

Dúirt an tAire Stáit go raibh “tús anois curtha le hullmhú an staidéir féidearthachta”.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Peadar Tóibín, nach bhfuil “aon mhuinín” aige sa ghealltanas faoin lárionad mar nach bhfuil “airgead, acmhainní ná amscála” luaite leis.

“Ní hionann plean fadtéarmach a bheith agat agus gníomh a dhéanamh agus sin an rud atá le feiceáil anseo,” a dúirt Peadar Tóibín.

Sa cheist Dála a chuir Tóibín ar an Aire Stáit Joe McHugh d’iarr sé go ndéanfaí “cur síos ar an amscála” atá beartaithe ag an Roinn chun an lárionad a bhunú.

Dúirt Peadar Tóibín le Tuairisc.ie gur léir nach bhfuil an t-eolas sin ag an Aire Stáit mar nach bhfuil aon amscála ann i dtaobh na forbartha.

Mhaígh sé nár thuig an Rialtas “na rudaí atá de dhíth le pobal na Gaeilge a chothú”.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin go bhfuil cultúrlanna Fraincise agus Spáinnise san ardchathair agus gur cheart go mbeadh a leithéid ar fáil do chainteoirí Gaeilge.

Fág freagra ar 'Amscála ar bith ann do bhunú lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath'