Amhras mór faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta, bille fágtha ar lár ó liosta tosaíochtaí an Rialtais

Níl an bille leasaithe chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais ar na píosaí reachtaíochta a bhfuil ‘tosaíocht’ á tabhairt ag an Rialtas dá bhfoilsiú an t-earrach seo

Amhras mór faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta, bille fágtha ar lár ó liosta tosaíochtaí an Rialtais

Níl an bille chun toghchán bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais i measc an 24 píosa reachtaíochta a bhfuil tús áite á thabhairt ag an Rialtas dá bhfoilsiú i mbliana.

Dúirt an Rialtas go raibh sé i gceist acu toghchán an Údaráis a reáchtáil an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha i mí an Mheithimh, ach tá amhras mór anois ann an dtarlóidh sin nó an dtarlóidh sé an samhradh seo fiú.

Liostaítear i gClár Reachtaíochta an Rialtais – Seisiún an Earraigh 2023 na píosaí reachtaíochta a bhfuil tús áite á thabhairt ag an rialtas dóibh sna míonna amach romhainn agus níl bille leasaithe Údarás na Gaeltachta i measc na mbillí a bheidh á bhfoilsiú.

Seo an dara huair i ndiaidh a chéile ar fágadh bille an Údaráis ar lár ó liosta dá leithéid.

Cuirfidh agallamh a craoladh aréir le hAire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go mór leis an amhras sin.

Dúirt O’Donovan ar an gclár 7Lá gur cinneadh do thriúr ceannairí an Rialtais a bheadh ann an mbeadh an toghchán ar siúl mí an Mheithimh.

Bhí sé féin ag súil go mbeadh an toghchán ar siúl “a luaithe” agus ab fhéidir sa samhradh ach ní fhéadfadh sé dáta a thabhairt, a dúirt sé.

Dúirt sé chomh maith go raibh fadhbanna leis an mbille a bhain le cothromaíocht tíreolaíochta agus inscne, “fadhbanna nach raibh aon réiteach” go fóill orthu.

Ba ghá an dréachtreachtaíocht nua a leasú agus cinn nua a ullmhú chun na ceisteanna sin a réiteach. Bheadh cinn nua an bhille ar fáil an mhí seo chugainn, ar sé.

Is ar liosta na mbillí a bhfuil tosaíocht á tabhairt dá ndréachtú atá bille an Údaráis. Murab ionann agus formhór mór na mbillí ar an liosta áirithe sin, tá réamhscrúdú reachtaíochta déanta cheana féin ar bhille an Údaráis.

22 moladh atá i dtuarascáil Choiste Oireachtais na Gaeilge faoin réamhscrúdú reachtaíochta a rinne siad ar an mbille, scrúdú ar tháinig deireadh leis mí Iúil seo caite.

Tá amhras ann faoina bhfuil i ndán do thoghchán an Údaráis ó fágadh ar lár bille leasaithe Údarás na Gaeltachta ar liosta na bpíosaí reachtaíochta a raibh tús áite á thabhairt ag an Rialtas dá bhfoilsiú an fómhar seo caite.

Tá an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar dhuine acu siúd a bhfuil amhras orthu nach dtabharfar ar ais toghchán Údarás na Gaeltachta an Meitheamh seo chugainn mar atá geallta.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil le Tuairisc cheana nach bhfuil “croí” Fhine Gael sa chinneadh go reáchtálfaí arís na toghcháin ar cuireadh deireadh leo in 2012.

Mí Iúil seo caite a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go mbeadh toghchán do bhord an Údaráis á reáchtáil i mí an Mheithimh.

Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin ina dhiaidh sin go raibh reáchtáil an toghcháin ag brath ar “an reachtaíocht chuí a bheith achtaithe”.

Cuireadh deireadh le toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta in 2012.

Meastar go gcosnóidh an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta thart ar €600,000 ar fad.

Bord 16 comhalta a bheidh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus déanfaidh an pobal deichniúr ball a thoghadh. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Fág freagra ar 'Amhras mór faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta, bille fágtha ar lár ó liosta tosaíochtaí an Rialtais'