Amhrán ó Clannad i scannán úr de chuid Hollywood

Tá an t-amhrán, Coinleach Glas An Fhómhair, le cluinstin sa scannán úr dar teideal, A Big Bold Beautiful Journey

Amhrán ó Clannad i scannán úr de chuid Hollywood

Tá sé fógartha ag an bhanna ceoil aitheanta as Gaoth Dobhair, Clannad, go bhfuil a leagan den amhrán, ‘Coinleach Glas an Fhómhair’, i scannán úr de chuid Hollywood dar teideal, A Big Bold Beautiful Journey.

Is iad Colin Farrell agus Margot Robbie na príomhaisteoirí sa scannán rómánsúil fantaisíochta seo, agus an scannánóir iomráiteach Kogonada ar an stiúir.

I dteachtaireacht ar na meáin shóisialta, dúirt Clannad go raibh siad “an-sásta” go raibh a n-amhrán ‘Coinleach Glas an Fhómhair’, amhrán a eisíodh ar an albam Magical Ring sa bhliain 1983, le cluinstin sa scannán úr seo.

Noel agus Pádraig Ó Dúgáin a bhunaigh Clannad i nGaoth Dobhair i 1970 in éineacht le muintir Uí Bhraonáin. Uncailí le muintir Bhraonáin – Ciarán, Pól, Moya agus Enya – ab ea Noel agus Pádraig. Fuair Noel bás in 2022 agus bhásaigh Pádraig in 2016.

D’éirigh go maith ó thús leis an bhanna agus lena gceol sainiúil, ar mheascán é den cheol traidisiúnta agus stíleanna eile ceoil. Ba i 1982 a bhain siad cáil idirnáisiúnta amach, leis an amhrán, ‘Theme for Harry’s Game’.

Tá gradaim Grammy, BAFTA agus Ivor Novello i measc na nduaiseanna atá buaite ag an ngrúpa ó shin agus os cionn 15 milliún albam díolta ag Clannad ar fud an domhain.

Is féidir súil a chaitheamh ar A Big Bold Beautiful Journey, sna pictiúrlanna in Éirinn anois.

Fág freagra ar 'Amhrán ó Clannad i scannán úr de chuid Hollywood'