Amhrán cumtha ag scríbhneoir Gaeilge d’fhoireann sacair na hÉireann

Ré Ó Laighléis a chum ‘Céim ar Chéim (‘Step by Step’)’ d’fhoireann ban na hÉireann atá cáilithe do Chorn an Domhain den chéad uair riamh

Amhrán cumtha ag scríbhneoir Gaeilge d’fhoireann sacair na hÉireann

Beidh an Ghaeilge ina spreagadh ag foireann sacair na hÉireann ag Corn an Domhain san Astráil agus amhrán dátheangach mar rosc acu.

An t-údar Gaeilge aitheanta Ré Ó Laighléis a chum ‘Céim ar Chéim (‘Step by Step’)’ d’fhoireann ban na hÉireann atá cáilithe do Chorn an Domhain den chéad uair riamh.

Deir Foras na Gaeilge, atá ag súil go nglacfaidh lucht tacaíochta na hÉireann chucu féin ‘Céim ar Chéim’ an samhradh seom gur amhrán é atá “fuinniúil, samhlaíoch, damhsach, pramsach agus dúchasach, idir fhocail agus cheol”.

Imreoidh foireann na hÉireann a gcéad chluiche riamh ag Corn an Domhain nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar an Astráil ar an 20 Iúil i Sydney.

Beidh turas mór 4,000 ciliméadar roimh fhoireann Vera Pauw dá dara cluiche i nGrúpa B agus iad ag triall ar Perth chun imirt in aghaidh Cheanada ar an 26 Iúil. In Brisbane a bheidh siad dá gcluiche deireanach sa ghrúpa, in aghaidh na Nigéire ar an 1 Lúnasa.

Anna Mullarkey a chanann ‘Céim ar Chéim’ agus Daithí Ó Drόnaí a léirigh.

“B’eispéireas bíogúil spreagúil don triúr againn é ár dtallanna éagsúla a tharraingt le chéile san iarracht seo,” a deir Ré Ó Laighléis.

Dúirt Daithí Ó Drόnaí gur mór aige an deis a fháil obair ar amhrán “cumhachtach fuinniúil” d’fhoireann ban na hÉireann.

Tá ‘Céim ar Chéim/Step by Step’ ar fáil ar ardáin cheoil éagsúla.

Cuirfear tús le Corn an Domhain san Astráil agus sa Nua-Shéalainn ar an 20 Iúil.

Céim ar Chéim / Step by Step

 

Is sinne Mná na hÉireann,
Is muid a dhéanfaidh beart,
Is sinn a bhéarfaidh bua
And we’re only at the start
Of all we can achieve
In our country’s name,
Téimis ό neart go neart
Winning every game.
Agus béarfaimid an bua,
Céim ar Chéim 

Ireland, Éire, Céim ar Chéim
’Gus ruathar i ndiaidh ruathair:
Ireland, Éire, Step by Step,
Seo linn, ar aghaidh, attack.
Ireland, Éire, Céim ar Chéim,
’Gus béarfaimid an bua,
Ireland, Éire, Step by Step,
Nothing holds us back,
Nothing holds us back,
Nothing holds us back.
Mόrtas cine, mόrtas croí,
Ar seacht ndícheall déanfar
Déanfaimid go sármhaith
Because we are committed;
Playing with pride,
Rachaimid chun nirt:
Sea, rachaimid ό neart go neart
For Ireland and her name;
’Gus béarfaimid an bua
Céim ar Chéim.

Ireland, Éire, Céim ar Chéim
’Gus ruathar i ndiaidh ruathair;
Ireland, Éire, Step by Step,
Seo linn, ar aghaidh, attack.
Ireland, Éire, Céim ar Chéim,
’Gus béarfaimid an bua,
Ireland Éire, Step by Step,
Nothing holds us back,
Nothing holds us back,
Nothing holds us back.

Céim ar Chéim / Step by Step

Liricí © Ré Ó Laighléis
Cόiriú © Anna Mullarkey
Production Daithí Music Ltd.
Úinéireacht: © Ré Ó Laighléis &  MÓINÍN

Fág freagra ar 'Amhrán cumtha ag scríbhneoir Gaeilge d’fhoireann sacair na hÉireann'

  • Alan Titley

    D’fhéadfadh seo fás ort! Comhghairdeachas agus treise libh…