Gach seans gurbh í an chaint ar fad faoi dhlí frith-LADT+ na hUngáire a thug orm Swimming in the Dark a léamh an tseachtain seo, an chéad úrscéal le Tomasz Jędrowski, scríbhneoir Polannach a rugadh sa Ghearmáin agus a scríobhann i mBéarla.
Anuraidh a foilsíodh an t-úrscéal sin agus tá sé suite sa Pholainn, an tír eile úd san Aontas Eorpach ina bhfuil cearta an phobail LADT+ á gcreimeadh de réir a chéile. Ní san am i láthair atá an chuid is mó den scéal suite áfach ach i dtús na 1980idí, nuair a bhí an Pholainn ar an taobh thall den chuirtín iarainn agus an cumannachas i réim.
Tá an plota simplí go leor: aithníonn queer óg queer óg eile, bíonn gnéas dochreidte draíochtúil acu, cuireann cailín díreach a ladar isteach sa scéal agus an chéad rud eile tá laoch an scéil ag crochadh thar ráille droichid ‘mar a bheadh ceannlitir L ann, ach bunoscionn’.
Oideas d’úrscéal maoithneach atá sa phlota agus is cinnte go bhfuil sleachta sa leabhar ina dtéann Jędrowski rud beag thar fóir ina chuid iarrachtaí deora a bhaint as cloch, ach tá go leor gnéithe sa saothar seo a shábhálann an scéal ó mhéaldráma agus ó thruamhéala.
I nóta buíochais ag deireadh an leabhair scríobhann Jędrowski gur ‘aistear seacht mbliana’ a bhí i bpróiseas scríbhneoireachta an úrscéil agus is léir sin ar an toirt, ón dua a chaith sé leis an gcarachtracht; ní hamháin leis an mbeirt phríomhcharachtar ach – go háirithe b’fhéidir – leis na carachtair thánaisteacha.
Gné eile a mheall m’aird ná an cur síos cliste ar thírdhreacha éagsúla na Polainne, idir chathair agus tuath, tírdhreacha a gcuirfeadh a ngránnacht faoi gheasa thú go minic; súil ar leith a d’aithneodh go bhfuil monarchana cosúil le ‘hardeaglaisí clúdaithe le súiche’.
Gan amhras ar ndóigh, bhí na monarchana ina dteampaill de chineál ag na cumannaigh a bhí i gceannas sa Pholainn san am ina bhfuil an scéal seo suite. Úrscéal polaitiúil atá in Swimming in the Dark chomh maith le húrscéal grá: roghanna deacra le déanamh ag an mbeirt queer óg. Má bhíonn cuma na simplíochta ar an gcodarsnacht idir an bheirt phríomhcharachtar sa chomhthéacs seo ó am go chéile – iad i gcónaí ar mhalairt tuairime ar mhaithe leis an bplota, shílfeá – ní féidir an méid chéanna a rá faoin léiriú cumasach atá ag Jędrowski ar shochaí na Polainne sna 1980idí.
Más fíor, tharla coimhlint tairisceana idir sé cinn de thithe foilsitheoireachta do chearta Swimming in the Dark, rud a thugann dóchas dom féin, mar scríbhneoir aerach a scríobhann scéalta ina mbíonn carachtair aeracha lárnach go minic, go bhfuil spéis á cur sa lá atá inniu ann ag pobal léitheoireachta níos leithne ná an pobal LADT+ amháin i bhficsean dá leithéid.
Ceist shuimiúil mar fhocal scoir. An ‘úrscéal staire’ é Swimming in the Dark, saothar atá suite i dtús na 1980idí? Tá dhá scór bliain agus paindéim thart ó thit eachtraí an scéil amach. Tá an cuirtín iarainn tar éis titim agus ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh í an Pholainn. Ach tír í an Pholainn inar shocraigh cuid mhór comhairlí cathrach ‘ceantair saor ó LADT’ a bhaisteadh orthu féin arú anuraidh agus dar le huachtarán na tíre, Andrzej Duda, ‘is mó an dochar a dhéanann an idé-eolaíocht LADT ná an cumannachas’.
Tá an cumannachas imithe as an bPolainn, as an Ungáir agus as tíortha eile a bhí taobh thiar den chuirtín iarainn tráth, ach níl an homafóibe is léir agus go dtí an lá sin, is baolach, ní úrscéalta staire a bheidh in Swimming in the Dark agus a macasamhla.
Fág freagra ar 'Aithníonn queer óg queer óg eile in úrscéal a raibh sé theach foilsitheoireachta ag troid faoi'