Aithníonn an t-aoire maith a chaora féin ach marc a bheith uirthi

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Tráth a bhfuil caoirigh á seoladh ar an gcnoc tá cuntas againn as Mín Lárach faoi mharcáil na gcaorach…

Aithníonn an t-aoire maith a chaora féin ach marc a bheith uirthi

Nuair a bhíos uain nó caoirigh ag gabháil chun an chnoic, cuirtear comharthaí orthu ar eagla go gcaillfí iad nó go rachadh siad ar seachrán. Cuireann cuid de na daoine ‘breasal’ ar an droim acu agus cuireann cuid eile acu ‘breasal’ ar an mhuineál acu. Ansin cuireann cuid eile de na daoine marcanna eile ar a gcuid caorach. Gearrann siad béim faoin chluais dheis, nó faoin chluais chlé.

Cuireann cuid de na daoine a n-ainmneacha ar an adharc fosta. Sé sin le bior caol fada a chur san tine agus nuair a bheas sé dearg te leagann siad ar na hadharca acu é, agus ansin nuair a théas a dhath ina achomaire na hadhairce, leánn sí iad agus is furast ansin an t-ainm a ghearradh amach.

Tá cuid eile de na daoine a chuireas dath orthu sé sin ‘pínt’, cuireann cuid acu thart ar a gcuid adharc é, agus cuireann cuid eile acu ar an droim é.
Ansin na huain óga nuair a bhíos siadsan ag gabháil chun an chnoic. Cuid de na daoine a ghearrann giota beag den ruball díobh. Cuid eile a chuireas ‘breasal’ orthu, cuid eile a ghearras barr na gcluas díobh. Cuid eile a chuireas “searachán” iontu. Sé sin cuireann siad giota de rópa ramhar thart ar cheann de na cosa tosaigh, agus ar cheann den mhuintir deiridh.

Tá cuid eile a chuireas ola agus súiche orthu. Sé sin bheireann siad leo soitheach agus cuireann braon ola ann agus trí chrág súiche agus crág amháin salainn. Ansin deir siad fosta go bhfuil sin iontach maith ag coinneáil ar shiúl na gcramhóg [cruimhe] uathu.

Tá cuid eile de na daoine a ghreamós bonn naofa do chlár éadain na n-uan. Cuid eile acu a chuireas ribíní dearga nó gorma orthu, agus cuid eile a chuireas teanntáin bheaga cocháin thart ar a muineál. Tá cuid eile de na daoine a gheibheas buidéal an-bheag agus a chuireas corda thart air agus a líonas d’uisce coisreacain é agus a chuireas thart ar a muineál é.

Ní bhíonn an comhartha céanna ag achan duine, nó dá mbíodh ní aithneofaí na caoirigh in aon chor. Gearrann cuid de na daoine an olann den mhuineál acu agus gearrann cuid eile acu an olann den droim acu. Comhartha eile fosta an tarra. Cuirtear canna mór tarra síos ar an tine agus nuair a bhíos sé leáite acu doirteann siad síos ar an droim acu é.

Sorcha Ní Ghallchobhair, Mín Lárach, Gort an Choirce, Co Dhún na nGall a fuair an seanchas seo ó Sheán Ó Díothcháin as an mbaile sin.

Fág freagra ar 'Aithníonn an t-aoire maith a chaora féin ach marc a bheith uirthi'