Aitheantas tugtha do 85 gnólacht as cur chun cinn na Gaeilge

Reáchtáladh ócáid bhronnta ‘GRADAIM Gnó na hÉireann’, scéim de chuid Ghlór na nGael, i mBaile Átha Cliath inné agus tugadh aitheantas speisialta freisin do bheirt fiontraithe óga Gaeltachta

Aitheantas tugtha do 85 gnólacht as cur chun cinn na Gaeilge

Gnóthaí Chiarraí ag ceiliúradh a ngradam. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tá gradaim bronnta ar bhreis agus ceithre scór gnólacht ar fud na tíre as an obair atá déanta acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar chuid dá gcuid oibre.

Rinneadh an bronnadh mar chuid den scéim GRADAIM Gnó na hÉireann, a d’fhorbair Glór na nGael agus a reáchtáladh den chéad uair i mbliana.

Bronnadh boinn óir, airgid agus cré-umha ar 85 gnólacht ar fad ag ócáid bhronnta i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath inné. Tá na gnólachtaí ar tugadh aitheantas dóibh lonnaithe fud fad na tíre, laistigh den Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Rinneadh measúnú ar na gnólachtaí i dtrí réimse – Comharthaíocht; Margaíocht agus Brandáil; agus Seirbhís i nGaeilge.

Bhain 17 gnólacht bonn óir amach sna trí réimse, ina measc an teach tábhairne aitheanta, Teach Hiúdaí Beag i nGaoth Dobhair; POTA Café i mBaile na hAbhann, Gaillimh; Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste; Aon Scéal Café i mBaile Átha Cliath; Siopa an Carn i nDoire; agus Teach Solais Fhánada i nDún na nGall.

Bhuaigh 49 gnólacht eile bonn óir amháin, ar a laghad, agus fuair na buaiteoirí eile boinn airgid agus cré-umha.

Rinne Frainc Mac Cionnaith, bainisteoir na scéime i nGlór na nGael, comhghairdeachas leis na buaiteoirí uile agus dúirt sé go dtabharfaidh comharthaí GRADAIM le fios don phobal cén cineál seirbhís agus comharthaíocht i nGaeilge atá ar fáil ó na gnólachtaí atá rannpháirteach sa scéim.

“Den chéad uair riamh tá próiseas cuimsitheach measúnaithe, atá neamhspleách agus náisiúnta, ann le heolas cruinn, deimhnithe agus cothrom le dáta a chur ar fáil don phobal maidir leis an saghas seirbhíse agus comharthaíochta Gaeilge ar féidir a bheith ag súil leis ó na gnólachtaí rannpháirteacha.” a dúirt Mac Cionnaith.

Bhí rannóg ‘Fiontraí Óg na Bliana’ ina cuid den scéim chomh maith agus tugadh aitheantas speisialta do bheirt fiontraithe óga as an nGaeltacht.

San aoisghrúpa 12-18, is í Róisín Dalby as Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, a ghnóthaigh an gradam as an obair a dhéanann sí an Ghaeilge a chur chun cinn sa Goat Caifé sa Daingean, áit a mbíonn sí ag obair.

San aoisghrúpa 18-21, is ar Aoibhín Ní Dheá, as Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall a bronnadh an gradam. Tá a gnó féin aici, Cácaí Aoibhín, a bhunaigh sí nuair nach raibh sí ach ceithre bliana déag d’aois. Tá sí anois ag déanamh cístí le haghaidh siopaí agus caiféanna fud fad Ghaeltacht Iarthuaisceart Thír Chonaill chomh maith le horduithe speisialta, ar nós cístí breithlae agus cístí bainise.

Is í Síle Seoighe a bhronn na gradaim ar Aoibhín Ní Dheá, Róisín Dalby agus na gnólachtaí eile ag an ócáid bhronnta.

Gnólachtaí a bhuaigh trí ghradam óir
Amharclann Ghaoth Dobhair Co. Dhún na nGall
An Croí Co. Dhoire
An Siopa Gaeilge Co. Dhún na nGall
Aon Scéal Café Co. Átha Cliath
Brian de Staic Teoranta Co. Chiarraí
Cló Iar-Chonnacht Co. na Gaillimhe
Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar Co. an Dúin
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich – Co. Aontroma
GTeic@Cill Charthaigh Co. Dhún na nGall
LIGID Léiriúcháin Co. Dhún na nGall
Líonra Leitir Ceanainn Co. Dhún na nGall
Lóistín Teach Hiúdaí Beag Co. Dhún na nGall
Margadh na Mairt Teo Co. Dhún na nGall
Oideas Gael Co. Dhún na nGall
POTA Café Co. na Gaillimhe
Siopa an Carn Co. Dhoire
Teach Solais Fhánada Co. Dhún na nGall

 

Buaiteoirí Eile 2022
Teach Jack Co. Dhún na nGall
An Cailín Gruaige Siopa Gruaige Co. Dhún na nGall
Bob Griffins Co. Chiarraí
P. Mac Giolla Dé Búistéirí Co. Dhún na nGall
Bee Healthy Monaghan Co. Mhuineacháin
O’Flahertys Bar Co. Chiarraí
Teresa Mhic Dhonncha, Seirbhís Hoiméapaite Co. na Gaillimhe
Bus Feda Teoranta Co. Dhún na nGall
Oifig an Phoist, Doirí Beaga Co. Dhún na nGall
Beachóga Dhún na nGall – Donegal Bees Co. Dhún na nGall
Dinglegoldsmiths A.J. Bácaeir Teoranta Gaibhne Óir Chorca Dhuibhne Co. Chiarraí
Fiadh Co. Chiarraí
Clinic Cois Abhann Co. Chiarraí
KCLR Co. Chill Chainnigh
Prints of Ireland Co. Átha Cliath
An Lárionad Oideachais, Siopa Chúinne an Daingin Co. Chiarraí
Fadó Antiques & Framing Co. Chiarraí
Fitzgeralds Homevalue Co. Chiarraí
John Weldon Jewellers Co. Chiarraí
MacEoin General Merchants Co. Chiarraí
Murphy’s Ice Cream Co. Chiarraí
O’Donnell Fuels Crolly (Siopa Stiofán Anne) Co. Dhún na nGall
Paul Geaneys Co. Chiarraí
Solas Tapas Co. Chiarraí
Spar Doirí Beaga Co. Dhún na nGall
Teach Tábhairne Uí Shearcaigh Co. Dhún na nGall
The Coach House Co. Chiarraí
Tigh Mhic Cárthaigh Co. Chiarraí
Walsh’s Pharmacy – Cógaslann Mhuintir Breathnach Co. Chiarraí
Bliss Ladies Fashions Co. Dhún na nGall
Dingle Bookshop Co. Chiarraí
Óstán na Sceilge Co. Chiarraí
Seed & Soul Co. Chiarraí
Chop Central Co. Chiarraí
Corveen Glen Meat Company Co. Dhún na nGall
Dingle Properties Co. Chiarraí
Ireland By Bike Co. Dhún na nGall
Kingdom Fresh Co. Chiarraí
Pure Beauty Co. Chiarraí
Sheehy’s Fish & Chip Takeaway Co. Chiarraí
Siúinéireacht Shéamuis Óig Co. Dhún na nGall
Teach Sheáin Óig Co. Dhún na nGall
Dréimire Language Services Co. Átha Cliath
GaelGoer, an Chéad Aip Chumarsáide sa Ghaeilge Co. Átha Cliath
Strand House Co. Chiarraí
Dingledoc Co. Chiarraí
Tábhairne Leo Co. Dhún na nGall
Bialann Danny Minnie Co. Dhún na nGall
Óstán Benners Co. Chiarraí
MF Learning Seirbhísí Foghlama Co. Thír Eoghain
Sew it Seams Co. na Gaillimhe
An Cope, Siopa Anagaire Co. Dhún na nGall
Áras Uí Chonghaile Co. Aontroma
Bláthanna Tí Mhistéil Co. na Gaillimhe
Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne Teo Co. Chiarraí
Mara Beo Co. Chiarraí
Tigh Liam Co. na Gaillimhe
Wet & Wild Co. Dhún na nGall
An Ceathrú Póilí Co. Aontroma
Maisiúchán Phóil Ó Breisleáin Co. Dhún na nGall
Teach Tessie Co. Dhún na nGall
Ceimiceoir totalhealth Uí Dhomhnaill Co. Dhún na nGall
Crua-Earraí Mhic Suibhne Co. Dhún na nGall
Sheehys Spar Co. Chiarraí
Cáis Co. Chiarraí
Aerfort Dhún na nGall Co. Dhún na nGall
Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair Co. Dhún na nGall
Drioglann Chroithlí Co. Dhún na nGall

Fág freagra ar 'Aitheantas tugtha do 85 gnólacht as cur chun cinn na Gaeilge'