Aitheantas tugtha ar deireadh don chéad chainteoir Gaeilge a sheol timpeall na cruinne

Ball gníomhach de Chonradh na Gaeilge agus pátrún ar Choláiste Uí Chomhraidhe a bhí in Conor O’Brien, a sheol timpeall na cruinne ina luamh ‘Saoirse’ i 1925

Aitheantas tugtha ar deireadh don chéad chainteoir Gaeilge a sheol timpeall na cruinne

Tá aitheantas tugtha ar deireadh don chéad chainteoir Gaeilge a sheol timpeall na cruinne ina luamh féin, os cionn 100 bliain i ndiaidh a thurais.

Is liosta le háireamh iad baill Chumann Idirnáisiúnta Rinn an Choirn (International Society of Cape Horners) – daoine a bhfuil turas 3,000 muirmhíle (5,556km) déanta acu timpeall Rinn an Choirn ag bun Mheiriceá Theas i mbád seoil.

Bunaíodh an cumann sa bhliain 1936 in St Malo na Briotáine le haitheantas a thabhairt do mhairnéalaigh a lean captaein mhóra Aois na Seoltóireachta timpeall Mheiriceá Theas gan cúnamh ó inneall. Tá cáil mhór ar a ghairbhe is a bhíonn an fharraige sa chuid sin den domhan agus ní théadh timpeall na Rinne ach báid mhóra tráchtála nó báid mhíleata.

Aimsir na Nollag 1924, áfach, d’éirigh leis an gcéad luamh pléisiúir an turas a dhéanamh faoi stiúir an chainteora Gaeilge Conor O’Brien as contae Luimnigh. Tháinig O’Brien agus a chriú triúir aniar ón Nua-Shéalainn ar a dturas timpeall na cruinne sa luamh 13m an Saoirse.

Bhí O’Brien an-ghníomhach i gConradh na Gaeilge, bhí dlúthbhaint aige leis Coláiste Uí Comhraidhe i gCarraig an Chabhaltaigh, agus ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse.

D’fhág an Saoirse Dún Laoghaire i mBaile Átha Cliath ar an 20 Márta 1923 agus bratach an tSaorstáit nua ar foluain uaithi, agus í ar cheann de na chéad bháid a chroch an trídhathach tar éis bhunú an stáit.

Chaith O’Brien agus a chriú dhá bhliain ag seoltóireacht timpeall na cruinne, iad ag dul soir timpeall na hAfraice ar dtús, ar thuras a bhain curiarrachtaí go leor amach.

Ba é O’Brien an chéad Éireannach a chuaigh timpeall an domhain (agus dá bharr sin an chéad chainteoir Gaeilge), ba é an chéad duine a thug bád pléisiúir timpeall an domhain, ba é an chéad duine a rinne an turas sa treo sin (soir), agus ba é an chéad duine a sheol taobh ó dheas de na trí rinn mhóra – Rinn an Dóchais (an Afraic Theas), Rinn an Leeuwin (an Astráil) agus Rinn an Choirn (an tSile).

Sa deireadh, chuir sé 40,000 muirmhíle (74,000km) de sa Saoirse agus d’fhill sé ar Éirinn ar an 20 Meitheamh 1925. Rinneadh an long cháiliúil Éireannach, an Ilen ar mhúnla Saoirse i 1924, nuair a chuaigh bád O’Brien i bhfeidhm go mór ar mhairnéalaigh in Oileáin Fháclainne agus é ar a thuras mór ‘across three oceans’.

Ach ainneoin na n-éachtaí a bhain fear Luimnigh amach (ní dhearna duine ar bith a leithéid arís go dtí 1974), ní go dtí le deireanas a aithníodh a thuras go hoifigiúil in annála Chumann Idirnáisiúnta Rinn an Choirn. Mar chuid den cheiliúradh ar an mairnéalach Éireannach in 2023, d’athfhoilsigh Cumann Crúsála na hÉireann agus an Cumann Ríoga Crúsála a leabhar Across Three Oceans. Chabhraigh an leabhar le hiarratas an Chumainn Crúsála aitheantas a fháil d’éacht O’Brien.

D’aithin Cumann Idirnáisiúnta Rinn an Choirn an turas 5,800 muirmhíle (10,750km) ó Auckland go Port Stanley sa deireadh agus tugadh isteach i Halla na Laochra é féin agus a chriú.

Tá Conor O’Brien agus criú an Saoirse anois ag barr an liosta ar shuíomh an Chumainn.

Rugadh O’Brien i gCathair Maothail i gcontae Luimnigh in 1880. Ba gharmhac leis an bhFeisire Parlaiminte, William Smith O’Brien é agus mhaíodh sé gur de shliocht Bhriain Bhóirmhe é. Bhain sé cáilíocht amach san ailtireacht i gColáiste na Tríonóide agus chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus é sna 20idí.

D’fhoghlaim sé an Ghaeilge agus músclaíodh a spéis sa náisiúnachas tríd an gConradh. Bhí sé ina chainteoir líofa Gaeilge agus ina phátrún ar Choláiste Uí Chomhraidhe i gCarraig an Chabhaltaigh i gcontae an Chláir, a bhí ina cheantar Gaeltachta ag an am. Bhí sé ina cheannaire ar Óglaigh na hÉireann i gcontae an Chláir agus bhí baint mhór aige le plean Erskine Childers 600 gunna a thabhairt i dtír ar an Asgard agus an Kelpie i 1914.

Chuir sé síos ar a éachtaí seoltóireachta sna leabhair Across Three Oceans agus From Three Yachts, agus scríobh sé leabhair eile faoin mbádóireacht agus leabhair ficsin do pháistí.

Fág freagra ar 'Aitheantas tugtha ar deireadh don chéad chainteoir Gaeilge a sheol timpeall na cruinne'