Aistriúchán nua d’Fhorógra 1916 á lorg

Níl leagan “deifnídeach, oifigiúil, Gaeilge” de Fhorógra na Cásca ann. Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge leagan a sholáthar le cur faoi bhráid an Rialtais roimh Chomóradh an Chéid 1916 an bhliain seo chugainn

Pictiúr: Photocall Ireland
Pictiúr: Photocall Ireland

Tá sé iarrtha ag Conradh na Gaeilge ar an bpobal cuidiú leis an eagraíocht aistriúchán údarásach Gaeilge d’Fhorógra na Cásca a sholáthar do Chomóradh an Chéid 1916 an bhliain seo chugainn. Tháinig sé chun solais arís níos luaithe i mbliana nár glacadh le haon leagan Gaeilge den cháipéis stairiúil go hoifigiúil. 1916-Proclamation

Tá an Conradh ag iarraidh ar an bpobal breathnú ar an bhfoclaíocht ata in úsáid ar an leac cuimhneacháin i gCnoc an Arbhair – an áit ar aistríodh coirp Sheachtar na Cásca chuici i ndiaidh a mbáis i gCill Mhaighneann – agus na leaganacha eile Gaeilge atá le feiceáil ar shuíomh an Chonartha  agus aistriúchán nó foclaíocht bunaithe ar na leaganacha sin a sheoladh chuig forogra@cnag.ie roimh dheireadh na míosa.

Tá painéal saineolaithe curtha le chéile ag an gConradh a rachaidh trí na moltaí ar fad agus a roghnóidh an t-aistriúchán “is cirte, is áille agus is oiriúnaí”. Bronnfar an an leagan sin ar an Rialtas agus molfar go n-úsáidfí é sa saol poiblí agus i réimse an oideachais amach anseo.

Glacfaidh daltaí scoile ar fud na hÉireann páirt i ‘Lá an Fhorógra’ mar chuid de Chomóradh an Chéid. Ardófar an tríbhratach os comhair na scoileanna agus léifear an Forógra amach os ard. Cuirfear toradh an togra ‘Forógra do Ghlúin Nua’ ar thaispeáint ar Lá an Fhorógra freisin, tionscadal a bhfuil sé mar aidhm aige cur le tuiscint na ndaltaí ar an gcaipéis trí anailís dhomhain a dhéanamh ar idéil, prionsabail agus mianta Fhorógra 1916 agus a bhForógra féin a ullmhú dá nglúin féin.

Tá Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh “ról lárnach” ag an aistriúchán nua in imeachtaí comórtha na bliana seo chugainn.

“Beidh luach an-mhór ag an aistriúchán seo toisc gur cáipéis a bheidh cruthaithe ag an bpobal a bheidh inti agus, mar gheall ar an tslí a chuirfear le chéile í, beidh seilbh ag cách uirthi,” a dúirt ulabhraí an Chonartha.

Fág freagra ar 'Aistriúchán nua d’Fhorógra 1916 á lorg'

  • Seán Mag Leannáin

    “Tá an Conradh ag iarraidh ar an bpobal breathnú ar … na leaganacha eile Gaeilge atá le feiceáil ar shuíomh an Chonartha.” Níor éirigh liom tagairt ar bith don ábhar seo a aimsiú ar shuíomh an Chonartha?! Agus deir tú nach bhfuil ag an bpobal ach go dtí deireadh an seachtaine seo chun moltaí a dhéanamh. Beidh sé deacair a chreidiúint mar sin “gur cáipéis a bheidh cruthaithe ag an bpobal a bheidh inti agus, mar gheall ar an tslí a chuirfear le chéile í, [go mbeidh] seilbh ag cách uirthi”!

  • Seán Mag Leannáin

    “Tá an Conradh ag iarraidh ar an bpobal breathnú ar … na leaganacha eile Gaeilge atá le feiceáil ar shuíomh an Chonartha.” Níor éirigh liom tagairt ar bith don ábhar seo a aimsiú ar shuíomh an Chonartha?! Agus deir tú nach bhfuil ag an bpobal ach go dtí deireadh na seachtaine seo chun moltaí a dhéanamh. Beidh sé deacair a chreidiúint mar sin “gur cáipéis a bheidh cruthaithe ag an bpobal a bheidh inti agus, mar gheall ar an tslí a chuirfear le chéile í, [go mbeidh] seilbh ag cách uirthi”!

  • padraig

    FORÓGRA SHEACHTAIN NA CÁSCA 1916
    RIALTAS SEALADACH PHOBLACHT NA hÉIREANN
    DO MHUINTIR NA hÉIREANN

    A MHUINTIR NA hÉIREANN, IDIR FHIR AGUS MHNÁ: In ainm Dé agus in ainm na nglún a d’imigh romhainn agus a d’fhág againn mar oidhreacht seanspiorad na náisiúntachta, tá Éire, trínne, ag gairm a clainne chun a brataí agus ag bualadh buille ar son a saoirse.

    Tar éis di a cuid fear a eagrú agus a oiliúint ina heagraíocht rúnda réabhlóideach .i. Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, agus ina heagraíocht mhíleata phoiblí .i. Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann, tar éis di a riailbhéasaíocht a fhoirfiú go foighneach agus fanacht go buanseasmhach leis an bhfaill chun gnímh, tá sí ag glacadh na faille sin anois, agus, le cabhair na clainne atá ar deoraíocht uaithi i Meiriceá agus na cairde calma cogaidh atá aici san Eoraip, agus, thar gach ní, le muinín as a neart dílis féin, tá sí ag bualadh buille i lándóchas go mbéarfaidh bua.

    Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart mhuintir na hÉireann chun tír na hÉireann, agus, fós, chun dála na hÉireann a stiúradh gan chosc gan toirmeasc. An forlámhas atá á dhéanamh air le cian d’aimsir ag pobal iasachta agus ag rialtas iasachta, níor mhúch sé an ceart sin ná ní féidir go brách é a mhúchadh ach le díothú phobal na hÉireann. Níl aon ghlúin dár tháinig nár dhearbhaigh pobal na hÉireann a gceart chun saoirse agus ceannais náisiúnta; sé huaire a dhearbhaigh siad é faoi arm le trí chéad bliain anuas. Ag seasamh ar an gceart bunaidh sin dúinn agus á dhearbhú arís faoi arm os comhair an tsaoil, fógraímid leis seo Poblacht na hÉireann ina Stát Neamhspléach Ceannasach agus cuirimid ár n-anam féin agus anam ár gcomrádaithe comhraic i ngeall lena saoirse agus lena leas agus lena móradh i measc na náisiún.

    Dlíonn Poblacht na hÉireann, agus éilíonn sí leis seo, géillsine ó gach Éireannach idir fhear agus bhean. Ráthaíonn an Phoblacht saoirse creidimh agus saoirse shibhialta, comhchearta agus comhdheis, dá saoránaigh uile, agus dearbhaíonn gurb é a rún séan agus sonas a lorg don náisiún uile agus do gach roinn de, ag tabhairt geana do chlanna uile an náisiúin mar a chéile, gan aird aici ar an easaontas a chothaigh rialtas iasachta eatarthu agus lenar deighleadh mionlach díobh ón móramh san am atá imithe.

    Go dtí go mbeidh an chaoi againn de thoradh ár n-arm chun Buan-Rialtas Náisiúnta a bhunú a bheidh ionadaíoch do mhuintir na hÉireann go léir agus a thoghfaidh fir agus mná uile na tíre, déanfaidh an Rialtas Sealadach a bhunaítear leis seo cúrsaí sibhialta agus cúrsaí míleata na Poblachta a riar thar ceann an phobail.

    Cuirimid cúis Phoblacht na hÉireann faoi choimirce Dhia Mhór na nUilechumhachtaí agus iarraimid A bheannacht ar ár n airm; impímid gan aon duine a bheidh ag fónamh sa chúis sin a thabhairt náire di le mílaochas, le mídhaonnacht ná le slad. Ar uair na hiarrachta ró-uasal seo is é dualgas náisiún na hÉireann a chruthú, lena chalmacht agus lena smacht air féin agus le hullmhacht a chlainne chun fulaingt ar son na maitheasa poiblí, gur fiú é an árdchéim atá i ndán dó.

    Arna shíniú thar ceann an Rialtais Shealadaigh,
    TOMÁS Ó CLÉIRIGH,
    SEÁN MAC DIARMADA, TOMÁS MAC DONNCHADHA,
    PÁDRAIG MAC PIARAIS, ÉAMONN CEANNT,
    SÉAMUS Ó CONGHAILE, SEOSAMH PLUINCÉAD

  • Concubhar

    Seo nasc chuig an leagan Gaeilge de Forogra naCásca a foilsígh Lá I 2006. Níl locht air dar liom. Bhfuil Conradh na Gaeilge anois ag iarraidh bheith ag athscríobh na staire?

  • Shane

    Is léir gur é seo an ceann oifigiúil a bheidh á úsáid i 2016:

    https://www.taoiseach.gov.ie/irish/Eolas_stairi%C3%BAil/Com%C3%B3radh_1916/Com%C3%B3radh19161.rtf.

    • Seán Mag Leannáin

      Seo an leagan céanna a ndéanann Concubhar tagairt dó agus an leagan ar baineadh úsáid as le linn an chomóraidh oifigiúil 50 bliain i 1966. Foilsíodh é sa leabhrán Oidhreacht a bronnadh ar gach páiste scoile sa tír ag an am. Má tá leagan údarásach den Fhorógra i nGaeilge ann is dócha gurb é seo é. Ach mar a deirim sa phostáil eile is dóigh liom féin go bhfuil aistriúchán nua den Fhorógra ag teastáil anois.

  • Seán Mag Leannáin

    Is ionann an téacs a ndéanann Concubhar tagairt dó – an ceann a d’fhoilsigh Lá i 2006 – agus an leagan ar baineadh úsáid as le linn an chomóraidh oifigiúil 50 bliain i 1966. Foilsíodh é sa leabhrán Oidhreacht a bronnadh ar gach páiste scoile sa tír ag an am. Tá mó chóip féin den seanleabhrán sin agam i gcónaí ! Níor luadh aon údar leis an aistriúchán sin.

    Is é an leagan céanna a fheictear ar an leac cuimhneacháin i reilig Chnoc an Arbhair, mar ar aistríodh coirp na gcinnirí tar éis a mbásaithe i gCill Mhaighneann. Is ionann é freisin agus Forógra Leagan 2 a foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Chonartha níos túisce inniu. Má tá leagan údarásach den Fhorógra i nGaeilge ann is dócha gurb é seo é.

    Is dóigh liom féin go bhfuil aistriúchán nua ag teastáil. Tá an sean-cheann ann le fada an lá. Cuir i gcás an frása is cáiliúla san Fhorógra ‘cherishing all the children of the nation equally’ ní dóigh liom go bhfuil an fhoclaíocht le haghaidh an idéil seo sa sean-leagan Gaeilge – ‘le comhchúram do chlainn uile an náisiúin’ – sách maith. Tar éis roinnt smaoinimh ar an gceist chinn mé go dtabharfainn féin faoin dúshlán aistriúchán nua den Fhorógra a chumadh – cé nach scoláire Gaeilge mise ná baol air!

    Seo a leanas m’iarracht ar bhunsmaointe an pharagraif cháiliúil sin a thabhairt slán i nGaeilge an lae inniu:

    “Dlíonn Poblacht na hÉireann, agus éilíonn sí leis seo, dílseacht ó gach Éireannach, idir fhir agus mhná. Ráthaíonn an Phoblacht saoirse creidimh agus saoirse shibhialta, comhchearta agus comhdheiseanna, dá saoránaigh uile, agus fógraíonn sí gurb é a rún daingean séan agus sonas a lorg don náisiún uile agus do gach roinn di, agus go dtabharfaidh sí meas comhionann do pháistí uile an náisiúin, agus go ndéanfar seo gan beann ar na difríochtaí a chothaigh rialtas eachtrannach d’aon toisc agus a dheighil mionlach ón móramh san am atá thart.”