Airgead á bhailiú ag na ceoltóirí rap KNEECAP chun trí amhrán ‘conspóideach’ eile a thaifeadadh

Tá €1,800 den €2,500 atá á lorg acu bailithe cheana féin ag Móglaí Bap, Mo chara agus DJ Próvaí

Airgead á bhailiú ag na ceoltóirí rap KNEECAP chun trí amhrán ‘conspóideach’ eile a thaifeadadh

Tá na ceoltóirí rap Feirsteacha KNEECAP, ar tharraing a n-amhrán ‘C.E.A.R.T.A’ aird mhór agus roinnt conspóide nuair a cuireadh amach ar líne le déanaí é, i mbun feachtas bailiúcháin airgid chun trí amhrán eile a thaifeadadh.

Tá ag éirí go maith leis an bhfeachtas ar cuireadh tús leis trí lá ó shin agus os cionn €1,800 den €2,500 atá á lorg acu bailithe cheana féin ag Móglaí Bap, Mo chara agus DJ Próvaí, baill an bhanna, ar an suíomh gofundme.com.

Bhí KNEECAP i mbéal an phobail le déanaí nuair a cuireadh cosc ar a n-amhrán C.E.A.R.T.A a chasadh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus stáisiúin eile RTÉ, go dtí tar éis na tairsí mar gheall ar eascainí agus tagairtí d’úsáid drugaí a bheith ann.

Deir lucht KNEECAP gur ag tabhairt dúshlán na steiréitíopaí a bhíonn ag daoine faoi lucht labhartha na Gaeilge atá C.E.A.R.T.A.

Dúirt urlabhraí ó RTÉ nach raibh aon bhaint ag an nGaeilge leis an gcinneadh cosc a chur ar chraoladh an amhráin go dtí tar éis na tairsí agus gur le hábhar an amhráin amháin a bhain sé.

Bhuaigh KNEECAP dhá ghradam ag Gradaim Cheoil NÓS i mbliana – ‘Físeán na Bliana’ agus ‘Núíosach na Bliana’.

Ar a leathanach Gofundme, deir lucht an bhanna go bhfuil siad “ag bustáil le cúpla amhrán agus físeán eile a thaifead” ach nach bhfuil “an diabhal airgead” acu.

“Ní fhaigheann tú ach £55 sa tseachtain ar an dól FFS,” a deirtear.

Geallann an banna do lucht tacaíochta an fheachtais “go mbeidh gach amhrán chomh conspóideach lena chéile agus nach mbeidh cead ag aon amhrán a bheith ar RTÉ 2FM GO DEO!”.

Tá briseadh síos tugtha ag KNEECAP ar na costais a bhainfeadh le trí amhrán nua a thaifeadadh agus físeáin a dhéanamh dóibh.

Tá mála tobac duilleog ‘amberleaf 50g’, a chosnódh £20.40, san áireamh i measc na gcostas. “Don strus” é seo, a deirtear. 

Fág freagra ar 'Airgead á bhailiú ag na ceoltóirí rap KNEECAP chun trí amhrán ‘conspóideach’ eile a thaifeadadh'