‘Aire! Mic tíre!’ – cuairt ar an bhforais san Ísiltír

Tháinig méadú nach mór faoi dhó ar líon na mac tíre ar mhór-roinn na hEorpa le deich mbliana anuas. Tá líon na n-ionsaithe a dhéanann mic tíre ar dhaoine agus ar ainmhithe ag dul i méid lena chois

 ‘Aire! Mic tíre!’ – cuairt ar an bhforais san Ísiltír

‘Aire! Mic tíre!’ a bhéic an comhartha.

‘Má fheiceann tú mac tíre, fan i do sheasamh,’ a lean an chomhairle ar an bhfógra. Déan gleo. Déan cinnte go bhfeicfidh an mac tíre thú, ach ná druid leis. Tabhair am don mhac tíre teitheadh.’

D’oscail mé an geata agus isteach liom san fhoraois, ar m’airdeall agus leath ag súil go mbeadh deis agam an damhsa fíochmhar a bhí cleachtaithe i m’intinn agam agus mé i mo sheasamh ag an gcomhartha a thaispeáint don lucht féachana liathfhionnaitheach gormshúileach, a d’imeodh leis go maolchluasach ansin.

Ní sa tSibéir a bhí mé, ní san Fhionlainn nó i sléibhte na bPiréiní féin, ach i bpáirc dhúlra Den Treek gar do chathair Utrecht i gceartlár na hÍsiltíre, ceann de roinnt mhaith áiteanna ar mhór-roinn na hEorpa a bhfuiltear tar éis an mac tíre a thabhairt ar ais iontu le blianta beaga anuas.

Ba bheag nár ruaigeadh an mac tíre ó mhór-roinn na hEorpa san 20ú hAois, ach a bhuíochas le rialacha daingne Eorpacha, tháinig méadú nach mór faoi dhó ar líon na mac tíre san Eoraip le deich mbliana anuas.

Déanta na fírinne, ní raibh an mac tíre imithe as an limistéar ar a dtugtar an Ísiltír anois ach ar feadh 150 bliain. Ar feadh na scórtha míle bliain roimhe sin, thaithigh an mac tíre an fiántas fliuch sin ag béal na Réine agus na drochthailte gaineamhacha máguaird, agus bhí cleachtadh ag na daoine a raibh cónaí orthu sna bólaí sin air – ní raibh gá acu le comharthaí slándála.

Ach ó tugadh an mac tíre ar ais san Ísiltír sa bhliain 2015, tá sé ina raic: lucht an dúlra ag rá go gcabhraíonn an mac tíre leis an mbithéagsúlacht agus le caomhnú agus cothú na n-éiceachóras; feirmeoirí caorach ag rá go ndéanann na mic tíre creach ar a gcuid ainmhithe. Rud a tharlaíonn dáiríre: 770 uair sa bhliain 2024, de réir na staitisticí.

Agus ansin, anuraidh, d’ionsaigh mac tíre i bpáirc dhúlra Den Treek cailín beag, agus, an samhradh seo, buachaill óg agus, coicís ina dhiaidh sin, bean fhásta. An t-ainmhí céanna a bhí i gceist sna hionsaithe sin ar fad, mac tíre fireann dar cód GW3237M, nó ‘Bram’ mar a baisteadh air sna meáin: ‘Bram an mac tíre achrannach.’

Ar feadh deireadh seachtaine amháin an samhradh seo, chuir comhairle chúige Utrecht scáileáin éigeandála le taobh na mbóithre in aice leis an bpáirc dhúlra: ‘Fan amach as an bhforaois!’ a bhéic na litreacha móra digiteacha. ‘Mac tíre!’

Chaill lucht gnó an cheantair, a bhfuil an-tóir ag turasóirí air, go leor airgid.

Ansin, i dtús mhí Iúil, thug comhairle chúige Utrecht cead Bram a chur den saol.

Má bhain an abairt thuas stangadh asat, mar a bhain as go leor daoine san Ísiltír, is í an chúis atá leis sin, gach seans, ná nach ainmhí anaithnid atá i gceist anois, mar a bheadh lotnaid nó beithíoch i seamlas, ach ainmhí a bhfuil ainm air agus scéal aige: Bram, athair cúigear coileán, ar maraíodh péire acu nuair a bhuail carranna iad ar na bóithre.

D’eagraigh Extinction Rebellion ‘Mórshiúil ar son Bram’, agus cé go bhfuil pionós an bháis gearrtha air ag na húdaráis, tá Bram fós beo beathach; de réir dealraimh, tá sé níos deacra ar shealgairí an chúige teacht air ná mar a ceapadh.

Faoi láthair, tá buanchónaí ar os cionn 100 mac tíre san Ísiltír agus an t-earrach seo rugadh ar a laghad 45 choileán, ach tá an tacaíocht do na scéimeanna chun an mac tíre a thabhairt ar ais ag trá. Beag iontas, má chuimhníonn tú gur tháinig athrú ollmhór ar an bhfiántas fliuch sin ag béal na Réine le 150 bliain anuas, agus go bhfuil an Ísiltír ar cheann de na tíortha is plódaithe ar chlár na cruinne – is é sin le rá, plódaithe le daoine.

Ábhar iontais, dáiríre, gur thoiligh an mac tíre teacht ar ais ar chor ar bith.

Ní hí an Ísiltír an t-aon tír amháin ar an mór-roinn a bhfuil díospóireacht fhíochmhar inti faoi láthair faoin méadú atá tagtha le deich mbliana anuas ar líon na mac tíre. Tá an mac tíre ina chnámh spairne chomh maith sa tSualainn, sa Fhrainc, sa Spáinn agus sa Ghearmáin, agus lasmuigh den AE, san Iorua agus san Eilvéis leis. I mí na Bealtaine, shocraigh Parlaimint na hEorpa stádas cosanta an mhic tíre a ísliú ó ‘faoi dhianchosaint’ go ‘faoi chosaint’, rud a chiallaíonn go mbeidh sé níos éasca feasta ar na húdaráis cead a thabhairt mic tíre a chur den saol.

Fág freagra ar ' ‘Aire! Mic tíre!’ – cuairt ar an bhforais san Ísiltír'