Aird phobal na peile ar Bhealach Féich agus tús le cur le craobh 2025

Tá sé cinn de na seacht gcontae Gaeltachta ag dul chun páirce an deireadh seachtaine seo agus Dún na nGall le haghaidh a thabhairt ar Dhoire sa gcluiche mór

Aird phobal na peile ar Bhealach Féich agus tús le cur le craobh 2025

Thall i Londain a chuirfear tús le Craobh Shinsir Peile na hÉireann 2025 nuair a thabharfaidh Ros Comáin aghaidh ar an bhfoireann baile in Ruislip. Cuirfear deireadh leis an gcéad deireadh seachtaine den chraobh peile 5,500km soir sna Bronx nuair a thabharfaidh Nua-Eabhrac agus Gaillimh aghaidh ar a chéile. Idir eatarthu, ba cheart go mbeadh roinnt coimhlintí spéisiúla ón gceithre chúige againn, ach níl aon amhras ach cé acu an ceann is mó.

Ba é bua Dhún na nGall ar Dhoire sna babhtaí ceathrú ceannais in Ulaidh anuraidh an chéad toradh suntasach i gcraobh na bliana seo caite agus casfaidh an dá fhoireann ar a chéile arís tráthnóna amárach.

Is beag seans atá á thabhairt do Dhoire sa gcluiche seo agus iad díbeartha ó Roinn 1 na sraithe gan cluiche ar bith a bhuachan. Bhí mí-ádh ar Dhoire i gcúpla cluiche, in aghaidh Chiarraí sa dara babhta go háirithe, ach idir na drochthorthaí sin agus líon na n-imreoirí a bheidh in easnamh orthu i mBealach Féich, níl aon amhras ach gurb iad na Conallaigh rogha na coitiantachta.

Bhí Odhran Lynch i lár an aonaigh sa gcluiche sin anuraidh nuair a rug Dún na nGall air faoi thrí chun cúil a scóráil agus é amach faoin bpáirc. Ní fheicfear an Loingseach sa gcúl ná in aon áit eile ar Pháirc Mhic Cumhaill amárach, áfach, agus é ar dhuine den scata imreoirí atá ar iarraidh ar Dhoire.

Cailliúint do chosaint Dhoire a bhí ann nuair a d’fhógair Chrissy McKaigue go raibh sé ag éirí as an imirt idirchontae ach beidh Doire gan Conor McCluskey agus Gareth McKinless amárach chomh maith le hAnton Tohill. Beidh le feiceáil chomh maith cén chuma atá ar Brendan Rogers atá ainmnithe mar lánchúlaí. Dúirt Paddy Tally an tseachtain seo caite nach mbeadh Rodgers ar fáil de bharr gortaithe.

Is iad Rogers, Conor Glass, Shane McGuigan agus na Dohertys, Ethan agus Conor, croílár na foirne ag Doire agus má éiríonn go maith leo ar an Domhnach, níl siad gan seans ach is mór an dúshlán é sin.

Tá muintir na háite agus daoine níos faide i gcéin ag súil le bliain mhór ó Dhún na nGall agus an dara séasúr ag Jim McGuinness ó d’fhill sé mar bhainisteoir. Bhí cuma mhaith ar an bhfoireann anuraidh nuair a chuaigh siad chomh fada le cluiche leathcheannais na hÉireann agus tá lucht tacaíochta an chontae dóchasach go mbeidh McGuinness in ann cúpla céim eile chun cinn a thabhairt i mbliana agus Corn Mhig Uidhir a bhuachan, mar a rinne sé in 2012.

Lig Dún na nGall na maidí le sruth sa gcúpla babhta deireanach den tsraith agus iad ag fáil réidh don chluiche seo ach tá daoine ag súil go mbeidh cleas nua ag McGuinness chun buntáiste a bhaint as na rialacha nua. Ní fhaca muid aon fhoireann ag cur síorbhrú ar an bhfreasúra níos faide suas an pháirc go fóill, beart atá níos éasca leis na rialacha nua agus má tá an fuinneamh agus an díocas ag aon dream chun é sin a dhéanamh, is iad buachaillí McGuinness iad.

Gaillimh a dhíbir Dún na nGall ón gcraobh anuraidh ach chlis orthu i gcluiche ceannais na hÉireann agus ní shásóidh tada iad i mbliana ach greim a fháil ar Sam. Níor cheart go mbeadh aon fhadhb acu i gcoinne Nua-Eabhrac amárach agus fiú, tá Paul Conroy, Shane Walsh agus Damien Comer uile fágtha ar an taobhlíne ag Pádraic Joyce.

Ba cheart gurb amhlaidh a bheadh ag Maigh Eo in aghaidh Shligigh i gCaisleán an Bharraigh. Beidh díomá ar Kevin McStay agus a chuid imreoirí leis an taispeántas a tugadh i gcluiche ceannais na sraithe i gcoinne Chiarraí Dé Domhnaigh seo caite ach ba cheart go mbeadh an bhearna idir iad agus Sligeach, a chríochnaigh sa gcúigiú háit i Roinn 3, rómhór.

Amárach freisin a chuirfidh an Mhí tús lena bhfeachtas craoibhe. Bhí na fir Ríoga ar mhuin na muice i lár na sraithe agus ceithre chluiche as a chéile buaite acu i Roinn 2 ach tá rudaí tite as a chéile ó shin agus cliste orthu sa dá bhabhta deireanach. Gortaíodh duine de shárimreoirí na foirne, Jordan Morris, sa gcailliúint in aghaidh chontae Lú agus an tosach anois sínte don bhliain ar fad. Mar bharr ar an donas, d’fhág beirt de roghnóirí na Mí, Joe McMahon agus Martin Corey, an campa an tseachtain seo caite. Tabharfaidh siad aghaidh ar Cheatharlach tráthnóna, dream a bhfuil a gcuid fadhbanna féin acu agus Joe Murphy díreach ceaptha mar bhainisteoir tar éis do Shane Curran seasamh siar i ndiaidh na sraithe agus líomhaintí déanta faoi dhíograis na n-imreoirí.

Tráthnóna atá dhá chontae Gaeltachta eile ag imirt agus Port Láirge agus Corcaigh ag imirt cluichí i gCraobh na Mumhan. Tabharfaidh na Déisigh aghaidh ar Thiobraid Árann, dream a raibh bua iontach acu orthu i gcraobh na bliana seo caite, ach tá céim siar tógtha arís ag Port Láirge agus iad críochnaithe ag bun Roinn 4 sa tsraith agus sé cinn de chluichí caillte acu, cailliúint ocht bpointe i gcoinne Thiobraid Árann ina measc.

Léiríonn sé cé chomh fada siar is atá peileadóirí Chorcaí tithe gurb é an rud is fearr a d’fhéadfá a rá faoin bhfeachtas sraithe a bhí acu ná go ndearnadar go maith chun an dá chluiche deireanach a bhuachan chun an t-ísliú céime go dtí Roinn 3 a sheachaint. É sin ráite, bhí sé le feiceáil sa bhfoireann sa gcraobh anuraidh agus ba cheart go mbeadh siad sách maith chun Luimneach a chloí, fiú agus na Luimnígh spreagtha ag an mbua a bhí acu i gcluiche ceannais Roinn 4 an deireadh seachtaine seo caite. 

...
Dé Sathairn, 5 Aibreán

Craobh Peile Chonnacht
Londain v Ros Comáin – Ruislip, 2.30in (Beo ar GAA+)

Craobh Peile Laighean
Loch Garman v Laois – Páirc Loch Garman, 6.00in

Craobh Peile na Mumhan
Tiobraid Árann v Port Láirge – Staid Semple, 6.00in
Luimneach v Corcaigh – Páirc na nGael, 6.00in

Dé Domhnaigh, 6 Aibreán

Craobh Peile Chonnacht
Maigh Eo v Sligeach – Páirc Mhic Éil, 3.30in (Beo ar GAA+)
Nua-Eabhrac v Gaillimh – Páirc na nGael, 8.00in (Beo ar GAA+)

Craobh Peile Laighean

An Mhí v Ceatharlach – Páirc Tailteann, 3.00in
An Longfort v Cill Mhantáin – Páirc an Phiarsaigh, 3.30in

Craobh Peile Uladh

Dún na nGall v Doire – Páirc Mhic Cumhaill, 2.00in (Beo ar RTÉ 2 agus BBC Two)

...

Fág freagra ar 'Aird phobal na peile ar Bhealach Féich agus tús le cur le craobh 2025'