Aird ar an mBreatimeacht, ach an Eilvéis ag cothú tuilleadh fadhbanna don Aontas Eorpach

Níl mórán airde á tabhairt abhus ar scéala na hIodáile, agus is lú fós an aird atá á tabhairt ar chás na hEilvéise…

Aird ar an mBreatimeacht, ach an Eilvéis ag cothú tuilleadh fadhbanna don Aontas Eorpach

Tá an t-am ag sleamhnú leis maidir leis an mBreatimeacht agus muid ag fanacht go fóill ar chinneadh rialtas na Breataine, ar chinneadh an Aontais Eorpaigh, agus le fáil amach céard is brí leis an gcúlstop agus leis an athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh air. Ach má tá éiginnteacht mhór ann sna cainteanna Breatimeachta, tá an tAontas Eorpach gafa freisin le fadhbanna eile – fadhbanna, b’fhéidir, a d’fhéadfadh a bheith níos tromchúisí don Aontas agus níos contúirtí dá dhlús bunúsach.

Tá faobhar curtha ar na sceana cheana féin do choimhlint na cáinaisnéise idir an Iodáil agus an tAontas, ach is cosúil go bhfuil an tAontas ag lorg báire na fola freisin i gcás na hEilvéise agus iad ag iarraidh athchóiriú a dhéanamh ar an socrú leis an tír sin – socrú a cheapann an Coimisiún a bheith rófhabhrach do thír na nAlpa.

Is é is bun leis an achrann seo an reifreann atá le reáchtáil san Eilvéis roimh dheireadh na míosa seo, reifreann a d’fhéadfadh tús áite a thabhairt do bhunreacht na hEilvéise ar chonarthaí idirnáisiúnta, tráth a bhfuil an tAontas ag rá go gcaithfidh an Eilvéis géilleadh níos mó do rialacha agus do mhaoirseacht an Aontais.

Deir lucht an Aontais go dteastaíonn uathu go mbeadh na rialacha céanna i bhfeidhm do gach aon “tríú tír” (sin tír nach bhfuil ina ball den Aontas) agus fonn orthu a léiriú gur measa an réimeas atá acu siúd nach bhfuil ina mbaill.

Deir tráchtairí go bhfuil tábhacht as an nua leis an scéal seo mar gheall ar an mBreatimeacht agus an baol go n-imeodh tíortha eile ón Aontas dá gceapfaidís go mbeadh na téarmaí céanna ar fáil dóibh is atá ag an Eilvéis.  Is é sin, rochtain a bheith acu ar an margadh aonair gan géilleadh d’údarás institiúidí an Aontais.

I bhfianaise na gcoimhlintí, ní hamháin faoin mBreatimeacht, ach faoi rialacha cáinaisnéise leis an Iodáil agus faoi iarracht an Choimisiúin go mbeadh ar thíortha san Oirthear géilleadh don Choimisiún maidir le hinimirce, le córas dlí is cirt, is eile, tá faitíos ar an gCoimisiún go bhféadfadh cúrsaí dul ó smacht mura léiríonn an tAontas anois go bhfuil siad tiomanta do shláine bhunreachtúil an Aontais a chosaint.

Ní hamháin mar sin go bhfuil sé tábhachtach a thabhairt le fios nach mbeidh socrú na hEilvéise ar fáil d’aon tír eile, ach tá sé tábhachtach freisin cuid den socrú reatha a chur ar ceal.

Cé nach bhfuil ceachtar dream ag coinneáil leis na dátaí cinniúnacha atá leagtha síos don idirbheartaíocht idir an Eilvéis agus an tAontas, is cosúil go mbeidh a fhios ag gach éinne i ndiaidh an reifrinn ar an 25ú lá den mhí seo cá seasann an dá thaobh.  Ná bíodh ionadh orainn má chuireann an tAontas cosa i bhfeac ansin.

Maidir leis an Iodáil, níl aon chomhartha go fóill ann go bhfuil rialtas na tíre chun géilleadh mar a rinne na Gréagaigh tá roinnt blianta ó shin.

Tá Rialtas na hIodáile ag rá go bhfuil an caiteachas atá pleanáilte acu riachtanach le caighdeán maireachtála an phobail a ardú agus le spreagadh a thabhairt don eacnamaíocht.  Sin anailís a thagann salach díreach ar pholasaí na déine mar a bhí sé san Aontas go dtí seo.

Tá an Coimisiún ag rá go sáródh an cháinaisnéis an figiúr 3% d’easnamh a cheadaítear faoi chonarthaí an Aontais, ach cé go bhfuil easaontas ann faoi céard iad na figiúirí beachta, deir na hIodálaigh nach ndéanfaidh siad aon athrú ar a bhfuil beartaithe acu.

Fuair siad tacaíocht láidir i gcaitheamh na seachtaine, nuair a labhair Ashoka Mody amach ar a son. Bhíodh seisean ag plé roimhe seo le polasaí tarrthála thar ceann an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta, an IMF, agus fear é a gcuimhneofar air in Éirinn.

Dúirt Mody: “Má tá ag loiceadh ar eacnamaíocht na hIodáile, seans gur spreagadh fioscach an t-aon bhealach le cúlú contúirteach eacnamaíochta a sheachaint, cúlú a d’fhéadfadh an Iodáil a thiomáint isteach i ngéarchéim do-réitithe.”

Eiriceacht is ea caint den chineál seo, ní hamháin i dtuairim an Choimisiúin ach i dtuairim na dtíortha Hansa, mar a thugtar orthu, i dtuaisceart an Aontais – grúpa a bhfuil muide Éireannaigh páirteach ann in éineacht leis na tíortha Lochlannacha is eile.

Ach bíodh muid cinnte faoi rud amháin: má bhíonn Breatimeacht crua ann – agus gach comhartha ann faoi láthair go mbeidh – nó socrú ar bith leis an mBreatain a dhéanann dochar dár gcumas trádála, beidh muid ag brath ar dhea-thoil na dtíortha seo atá i gcoimhlint leis an gCoimisiún le cabhrú linn teacht slán as cibé géarchéim atá romhainn ós cinneadh d’aon ghuth a bheidh ag teastáil le go dtiocfadh an tAontas i gcabhair orainn.

Níl polaiteoirí ná tráchtairí na hÉireann ag tabhairt mórán airde ar scéala na hIodáile, agus is lú fós a n-aird ar an Eilvéis. Ach d’fhéadfadh an dá scéal seo an-tionchar a bheith acu orainn sa bhfadtéarma.

Fág freagra ar 'Aird ar an mBreatimeacht, ach an Eilvéis ag cothú tuilleadh fadhbanna don Aontas Eorpach'