Aip do Téarma.ie curtha ar fáil ag dalta scoile

Leagan iOS agus Android den aip ar fáil. Deir lucht bainistíochta an tsuímh nach bhfuil aon ráiteas le déanamh faoi láthair acu faoin scéal

Seoladh leagan aipe de téarma.ie i nDún Dealgán Dé Céadaoin seo caite.

Tuairiscíodh ar an suíomh IrishCentral.com gurbh é an dalta meánscoile Cormac Kinsella, 14, a chruthaigh an aip neamhoifigiúil agus a nocht i gColáiste Lú an tseachtain seo caite í.

leagan iOS agus Android den aip ar fáil a ligeann d’úsáideoirí an Bunachar Téarmaíochta a chuardach go héasca ar ghutháin chliste agus ar thaibléid.

Mhol a mhúinteoirí do Chormac úsáid a bhaint as Téarma.ie (nó Focal.ie mar a thugtaí air) ach ní raibh aip den suíomh ar fáil. Chonacthas do Chormac go raibh gá le leagan aipe den bhunachar téarmaíochta agus go mba mhór an cúnamh é do lucht úsáide an tsuímh dá mbeadh teacht ar a leithéid d’aip saor in aisce. Thug Cormac air féin an aip a chruthú de mhaoil a mhainge agus tá fáil anois ag an bpobal ar an leagan móibíleach de Téarma.ie gan ach cnaipe a bhrú.

Dúirt Cormac go dtabharfadh sé an aip do lucht bainistíochta téarma.ie dá mba mhian leo í a fháil uaidh. Dúirt bainistíocht an tsuímh le Tuairisc.ie áfach nach mbeadh aon ráiteas á eisiúint acu maidir leis an aip faoi láthair.

Ní hé seo an chéad aip a rinne Cormac Kinsella. Go deimhin, tá a comhlacht féin aige i gcomhar lena chara Cian Martin-Bohan. Marbo Kinsella Software ainm an chomhlachta.

Tá trí aip eile forbartha ag an gcomhlacht, ceann a phléann le taighde ar chúrsaí ceoil, ceann a ligeann don úsáideoir ábhar a chrochadh ar mheáin éagsúla shóisialta go comhuaineach agus ceann eile a bhaineann le Comhairle Dhigiteach na nÓg – eagraíocht a spreagann an óige an códú a fhoghlaim.

Fág freagra ar 'Aip do Téarma.ie curtha ar fáil ag dalta scoile'

  • Tadhg

    B’fhéidir go bhféadfaí é d’fháil chun app a dhéanamh do Tuairisc.ie !!!