Ainm Gaeilge ar an gceann is coitianta do chailíní in 2021, tóir níos mó ar ‘Páidí’ agus ‘Daithí’

Bhí Fiadh ar an 488ú ainm ba choitianta ar chailíní in 2009, ach ar bharr an liosta a bhí sí in 2021

Ainm Gaeilge ar an gceann is coitianta do chailíní in 2021, tóir níos mó ar ‘Páidí’ agus ‘Daithí’

Fiadh agus Rían na hainmneacha Gaeilge is mó a tugadh ar pháistí in Éirinn anuraidh.

Fiadh an t-ainm is coitianta a tugadh ar chailíní in 2020, de réir eolas atá curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Cé go raibh an t-ainm ar bharr liosta na n-ainmneacha Gaeilge ba choitianta le blianta beaga anuas, seo é an chéad uair ag Fiadh a bheith sa chéad áit ar mhórliosta na gcailíní.

Fiadh a tugadh ar 424 leanbh a rugadh in Éirinn anuraidh. Bhí an t-ainm seo ar an 488ú ainm ba choitianta in 2009 ach tá fás as cuimse tagtha ar líon na gcailíní a cláraíodh faoin ainm ó shin.

Bhí Fíadh ar liosta an 100 ainm cailiní ba choitianta in 2021 agus an t-ainm sin san 69ú háit.

Ar liosta na mbuachaillí, sin an chéad bhliain ag Rían a bheith ar an ainm Gaeilge is coitianta do bhuachaillí. Bhí an t-ainm sa 15ú áit ar mhórliosta 2020 ach tháinig ardú mór ar líon na mbuachaillí ar tugadh Rían (ó 285 go dtí 387) orthu anuraidh agus an t-ainm anois ar an 5ú hainm is coitianta ar fad do bhuachaillí.

Liam an t-ainm Gaeilge ba choitianta a thugtaí ar bhuachaillí ó 2017 ach, cé gur mhéadaigh úsáid an ainm anuraidh, tá sé buailte amach ag Rian.

Bhí Cillian, Tadhg, Oisín, Fionn agus Seán i measc na n-ainmneacha Gaeilge eile a bhí sa chéad 20 áit ar mhórliosta na mbuachaillí.

Bhí 15 ainm Gaeilge ar an 100 ainm is coitianta do bhuachaillí agus bhain Daithí, Páidí agus Tadhg áit amach ina measc i mbliana. Bhí Conall, Sean, Eoghan agus Rian díreach lasmuigh den 100 ainm is coitianta.

Bhí Jack i mbarr a réime mar ainm do bhuachaillí arís in 2021, é ar an chéad áit ó 2007, nach mór, ach amháin in 2016 nuair a chuaigh James chun cinn air go sealadach. 

Ó thaobh na gcailíní, chonacthas an fás bliantúil is mó ar an ainm Croía, a d’ardaigh ón 95ú háit in 2020 go dtí an 52ú háit in 2021.

Ní raibh ach ainm Gaeilge amháin eile i measc an 20 ainm is mó a raibh tóir orthu, Éabha a léim ón 16ú áit in 2020 go dtí an 5ú áit in 2021. 

16 ainm Gaeilge ar fad a bhí ar mhórliosta na gcailíní. Bhain Áine agus Laoise áit amach i measc an 100 ainm is coitianta i mbliana.

Léirítear sna figiúirí an t-athrú atá tagtha ar na hainmneacha is coitianta le 50 bliain anuas.

“Is díol suntais é nach raibh aon cheann den 5 ainm cailín is mó tóir i mbliana ar liosta an 100 ainm ba choitianta leathchéad bliain ó shin,” a dúirt Gerard Doolan, staitisteoir leis an CSO. “Siar sa bhliain 1971, ba mhinice cailíní a chlárú leis na hainmneacha Mary, Catherine, Margaret, Fiona agus Sinéad/Sinead. Tugadh Mary ar 1,907 cailín an bhliain sin. Níl ach 424 cailín leis an ainm is coitianta, Fiadh, in 2021 – sin 22.2% den líon cailíní ar tugadh Mary orthu i 1971.

“I 1971, ba iad na hainmneacha aitheanta John, Michael, Patrick, David agus James ba mhinice a roghnaíodh do bhuachaillí nuabheirthe. Tugadh John ar 198 buachaill in 2021, le hais líon 2,654 buachaill leis an ainm céanna caoga bliain roimhe sin i 1971.”

Ainmneacha Buachaillí

Ainm 2021 2020
1 Rían 5 15
2 Liam 6 7
3 Cillian 9 11
4 Tadhg 10 18
5 Oisín 12 16
6 Fionn 14 8
7 Seán 16 20
8 Cian 23 24
9 Donnacha 53 47
10 Daithí 78 105
11 Páidí 78 107
12 Odhrán 81 93
13 Eoin 83 74
14 Cathal 89 68
15 Tadgh 92 101

Ainmneacha Cailíní

Ainm 2021 2020
1 Fiadh 1 2
2 Éabha 5 16
3 Saoirse 23 20
4 Caoimhe 25 27
5 Aoife 32 24
6 Róisín 34 32
7 Sadhb 35 39
8 Croía 52 95
9 Méabh 57 77
10 Ailbhe 60 60
11 Ciara 65 48
12 Fíadh 69 93
13 Aoibhín 71 67
14 Niamh 72 86
15 Áine 94 103
16 Laoise 96 111

Fág freagra ar 'Ainm Gaeilge ar an gceann is coitianta do chailíní in 2021, tóir níos mó ar ‘Páidí’ agus ‘Daithí’'

  • An Teanga Bheo

    Gearr is gonta is fearr a deirimse ach níl ann ach tuairim

  • Máire

    Croía. Tá brón orm, ach ní thuigim cá dtáinig sé seo as. An bhfuil post nua fógartha, áit a gcumtar ainmneacha a bhfuil cuma Ghaelach orthu, ach nach bhfuil bunús ar bith leo. Glaonn na béarloirí ‘cute’ ar seo. Tá sé cosúil le hainm a ghlaofá ar phúisín, Tá sé ‘cute’ ach níl aon bhunús leis.