Áiféis is castróvaics sa scéinséir airgeadais The Fear Index

Coincheap suimiúil a bhí sa saothar The Fear ach téann rudaí ar bóiléagar

Áiféis is castróvaics sa scéinséir airgeadais The Fear Index

Bhí cad éileamh ar leabhar The Culture of Fear nuair a foilsíodh é breis agus deich mbliana ó shin. Dhein an socheolaí Barry Glassner cíoradh ar thionchar na heagla ar an ngeilleagar agus ar an bpobal is é ag maíomh go raibh eagraíochtaí agus daoine aonair ag teacht i dtír ar eagla gan bhunús an phobail i leith nithe faoi leith lena mba féin (airgead is cumhacht) a chur thar abhainn.

Níl an saothar seo, atá bunaithe ar leabhar den teideal céanna le Robert Harris, chomh téagartha le leabhar Glassner ná baol air, ach ag tá sé ag rómhar san iomaire chéanna. Is bainisteoir ciste fálaithe sa Ghinéiv é an Dr. Alex Hoffman (Josh Hartnett). Fear fíorchumasach, cliste é a chaith tréimhse ag obair mar eolaí le CERN. Tá teach cois locha ar fiú na milliúin aige féin agus a bhean chéile Gabbu (Leisl Farzad).

I bpaiste cainte amháin i dtosach an tsaothair seo, maíonn gurb í an eagla an mothúchán is láidre dá bhfuil ag an duine. Sin a spreag é le halgartam ar leith a chumadh atá in ann tionchar eagla an phobail ar na margaí a thomhas is a thuar, agus brabús ollmhór a dhéanamh dá réir.

Go deimhin tá ainm an tsaothair seo bunaithe ar innéacs Meiriceánach a dhéanann iarracht luaineacht na margaí a mheas.

Tá go brabúsach agus níl go holc go dtí to ndéanann duine anaithnid ionsaí air ina thigh féin an oíche roimh chruinniú mór le hinfheisteoirí.

Fágtar gan aithne gan urlabhra é agus tugann tástálacha san ospidéal le fios go bhfuil gá le tuilleadh tástálacha go luath óir go bhfuil spotaí aimsithe ar a inchinn.

Bailíonn sé leis go suaite, mearbhlach. Tá daoine agus eachtraí á dtaibhseamh dó. An bhfuil néaltrú luath ag teacht air? An bhfuil sé ag imeacht le craobhacha? Nó an bhfuil duine éigin anaithnid ag camastaíl agus ag iarraidh sochar a bhaint as? An lá roimh an ionsaí seoladh leabhar chun an tí, The Expression of the Emotions in Man and Animals le Charles Darwin, leabhar a bhfuil an-tóir aige air le stáir. Níl a fhios aige cé a sheol é, áfach.

Thar thréimhse fiche a ceathair uair an chloig nó mar sin tosnaíonn saol Hoffman ag titim as a chéile. An sceimhle agus an pharanóia ag fáil an ceann is fearr air. Nílimid ná a bhean cinnte an bhfuil fadhbanna meabhairshláinte aige nó an bhfuil bunús éigin eile leis na heachtraí seo. I rith an ama tá cairéal á dhéanamh ag an algartam, ach bunaithe ar thubaistí agus eachtraí nach bhféadfaí a thuar. Tá uisce éigin fé thalamh.

Cad é castróvaics is áiféis mar sin. Cé go bhfuil gá i gcónaí le saothar a thugann fogha fíochmhar faoi thionscal santach an airgeadais is dóigh liom go dtosaíonn an saothar ag dul amach ón gcairt. Thosaigh cúrsaí go maith agus suan na muice bradaí á chothú i dtosach, ach imítear ón léargas ar thionscal an airgeadais isteach i bpáirc an fhicsin eolaíochta agus bhí cúrsaí an-mhíréadúil ar uairibh.  Lena chois sin fágtar nithe áirithe ar foluain; cén fáth ar caitheadh amach as CERN é mar shampla? Is aisteoir caithiseach agus ábalta é Hartnett  agus déanann sé a dhícheall leis an scríbhinn agus an scéal. Is carachtair aontoiseacha iad an chuid eile i ndáiríre.

Smaoineamh suimiúil ach is dóigh liom go dtéann rudaí ar bóiléagar.

Fág freagra ar 'Áiféis is castróvaics sa scéinséir airgeadais The Fear Index'