Tá aiféala ar bheirt as gach triúr (66%) nach bhfuil Gaeilge labhartha níos fearr acu, de réir pobalbhreithe nua.
De réir na pobalbhreithe a rinne Amárach Research do Ghaelchultúr agus Údarás na Gaeltachta is amhlaidh go bhfuil an t-aiféala seo níos láidre fós i measc daoine atá 55 bliain d’aois agus é le braistint i measc 70% de dhaoine san aoisghrúpa sin.
Dúirt 74% de na daoine a thug freagra ar an suirbhé gur mian leo Gaeilge labhartha níos fearr a bheith acu.
Dúirt 42% go mbeadh spéis acu saoire a chaitheamh sa Ghaeltacht.
Beagnach triúr as gach ceathrar (73%) a d’aontaigh leis an áiteamh go bhfuil an teanga riachtanach d’fhéiniúlacht mhuintir na hÉireann.
Dúirt 64% gur cheart don rialtas níos mó a dhéanamh chun tacú le pobal na Gaeltachta agus leis an nGaeilge a thabhairt slán.
Dúirt Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúr, go léiríonn an phobalbhreith “an ceangal domhain atá ag muintir na hÉireann lena dteanga agus lena gcultúr”.
“Ní hamháin gur droichead í an Ghaeilge leis an am a chuaigh thart ach is léiriú é ar na deiseanna amach anseo chomh maith, go háirithe in earnáil na turasóireachta agus earnáil an ghnó laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht,” arsa Darren Ó Rodaigh.
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go n-athdhearbhaíonn an staidéar “buntábhacht na Gaeilge dár bhféiniúlacht náisiúnta” ach go léiríonn na torthaí chomh maith an deis atá ann leas a bhaint as an nGaeilge d’fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta na Gaeltachta.
Ghlac 1,000 duine a bhfuil leibhéil éagsúla cumais sa teanga acu páirt sa taighde.
Conchúr
Ní bhacfaidh siad í a fhoghlaim go fóill ar aon nós, muise
Conán Maol
Maidir leis an 70,000 duine sa daonáireamh a labhrann an Ghaeilge go laethúil níl fhios agam an eiríonn siad go léir ar maidin agus iad ar a míle dícheall ag smaoineamh ar “buntábhacht na Gaeilge dár bhféíniúlacht náisiúnta” mar a cuireann fear an Údaráis uirthi.