Agus séasúr na carthanachta linn, is fiú taighde a dhéanamh sula gcuireann tú lámh i do phóca

Tá sé thar a bheith éasca a fháil amach an bhfuil bunús ‘carthanachta’ le dream ar bith atá ag iarraidh airgid ort

Agus séasúr na carthanachta linn, is fiú taighde a dhéanamh sula gcuireann tú lámh i do phóca

An tseachtain seo dhún siopaí ar fud na tíre a ndoirse go ceann tamaill. Ina measc, beidh na siopaí carthanachta a dhíolann éadaí agus earraí athláimhe. Chuir sé díomá orm nuair a d’fhógair an NCBI go gcaillfeadh siad suas le milliún euro sa tréimhse dúnta agus go mbeidh orthu seirbhísí do dhaoine atá dall agus iad siúd atá ar lagradharc a chur ar ceal.

Bhain mé an-taitneamh as a bheith ag bailiú éadaí le mo chomhbhádóirí sa chlub s’againn féin le cúpla bliain anuas. Fuaireamar íocaíocht réasúnta ón NCBI agus bhíodar siúd in ann iad a dhíol ar aghaidh ina gcuid siopaí. Dhá charthanacht ag brath air agus iad ag oibriú as lámha a chéile.

Oibríonn suas le 800 duine go deonach ina gcuid siopaí – 114 siopa ar fad. Agus mar thoradh ar a gcuid bailiúchán agus athdhíola, sábhálann siad 1,800 tonna ábhair ón dumpa, agus cuirtear 1,600 tonna eile amach le húsáid arís.

Chuir an scéal i gcuimhne dom go bhfaca mé rud i rith an tsamhraidh a bhain leis an líon mór eagraíochtaí carthanachta in Éirinn. Ní rud an-neamhghnách é sin – gach bliain beagnach, nuair a fhoilsíonn an Rialtóir Carthanas a thuarascáil bhliantúil bíonn tuairiscí sna páipéir faoi ‘an iomarca eagraíochtaí carthanachta’ a bheith in Éirinn.

Ach i mbliana b’fhacthas dom gur imigh an scéal an-tobann ó na ceannlínte.

Bhí suim nach beag agam sa scéal toisc go raibh mé tráth i mo bhall de bhord carthanachta atá aitheanta ag an Rialtóir agus tuigim na cúraimí a bhaineann leis.

Chun go dtabharfaidh an Rialtóir aitheantas do charthanacht, caithfear rialacha áirithe a leanúint. Caithfidh an eagraíocht Bord Stiúrtha dá cuid féin a bheith aici, caithfidh sí a bheith cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim, caithfidh sí cuntais bhliantúla a fhoilsiú – agus má tá an t-ioncam sách mór, caithfidh iniúchóirí na cuntais sin scrúdú, agus mar sin de.

Ní beag an méid cúraim é sin.

Mar sin, nuair a d’fhéach mé siar ar an scéal nuachta a bhí ann i lár an tsamhraidh, chuir cúpla ní iontas orm.

An gcreidfeá go bhfuil os cionn 10,000 carthanacht in Éirinn anois? Tá siad ar fad cláraithe leis an Rialtóir – ghlanfaí den liosta iad go sciobtha, mura gcomhlíonfaidís na rialacha.

Tá sé thar a bheith éasca a fháil amach an bhfuil bunús ‘carthanachta’ le dream ar bith atá ag iarraidh airgid ort.

Tá boiscín beag fiosrúcháin ar chéad leathanach shuíomh idirlín an Rialtóra– an Rialtóir Carthanas. Tá sá an-éasca – cuir ainm an dream a bhfuil tú fiosrach fúthu isteach sa bhoiscín agus ‘fiosraigh’. Gheobhadh tú amach ar an bpointe an bhfuil siad aitheanta, nó nach bhfuil.

Mar shampla, bhí mé fiosrach faoi dhream a bhfuil aithne an-mhaith agam orthu. Bíonn siad ag bailiú airgid – agus ag éirí thar cionn leo – ar son cúis a  bhaineann leis an tsláinte. De réir an tsuímh idirlín, tá siad ‘deregistered’ – tá an clárú cealaithe.

Anuraidh d’fhiafraigh mé den té a bhíonn i mbun an bhailiú airgid cén áit a bhféadfainn teacht orthu agus insíodh dom go bhfuil leathanach ‘Facebook’ acu anois. ‘Tá sé an-éasca. Ní call duit ach dul ar Facebook agus síntiús a thabhairt don eagraíocht agus gabhfaidh sé díreach isteach,’ a dúradh liom.

Ach ní carthanacht oifigiúil iad an dream seo níos mó – ní féidir teacht ar a gcuid cuntas bliantúil, níl a fhios agam an bhfuil Bord Stiúrtha acu agus níl aon tagairt do thuarascáil bhliantúil ar an leathanach Facebook.

Bailíonn siad airgead agus cinnte, bronnann siad ábhar leighis ar dhaoine, ach cá bhfuil na cuntais? Cén teacht isteach atá acu?

Cé mhéad duine a chuirfeadh stró orthu féin féachaint ar shuíomh an Rialtóra?

Tá an-mhuinín agam as na carthanachtaí a bhfuil siopaí acu, agus a bhailíonn éadaí, ar nós an NCBI.

Ach, bíonn daoine cráite ag bailitheoirí éadach athláimhe. Go minic bíonn lipéad ar nós ‘Chernobyl ’ nó ‘Autism’ ar an mála plaisteach agus lipéad a gcuirtear trí do bhosca poist ag an am céanna.

Is iad na bailitheoirí éadach athláimhe an chúis is mó a ndéantar clamhsán le hoifig an Rialtóra (166 clamhsán, de réir na tuarascála). Ach sula gcuimhníonn tú ar chlamhsán a dhéanamh – cuir an stró ort féin breathnú ar an suíomh – mura bhfuil siad ann, ní carthanacht i ndáiríre iad.

Cuireann sé iontas orm an líon carthanachtaí a bhíonn ag plé leis an ábhar céanna. Má tá Bord ag chuile cheann acu, tá gach ceann acu ag coinneáil cuntais agus ag foilsiú tuarascáil bhliantúil.

Nach uafásach an t-ualach oibre é sin ar na carthanachtaí ar fad a bhíonn ag plé, mar shampla leis an uathachas ( 51 díobh ar fad)?

Dá dtiocfaidís le chéile nach sábhálfadh sé forchostais agus a leithéid orthu? Bhreathnaigh mé faoi ‘homeless’ agus fuair mé 18 carthanacht éagsúil ag freastal ar dhaoine atá gan dídean.

Ansin thug mé faoi deara le linn na cainte ar fad faoin mBuiséad gur thug an Rialtas €10 million breise d’earnáil na carthanachta toisc gur thuigeadar an cruachás ina mbeidís de bharr na paindéime.

Rud a mheabhraíonn dom – an bhfuil a fhios agaibh cén dream is mó a thugann airgead do charthanachtaí?

Sea, sibhse, an cáiníocóir. Is é Rialtas na hÉireann an deontóir is mó atá ag earnáil na carthanachta in Éirinn. Go deimhin, tá dreamanna áirithe ann agus ní fhaigheann siad airgead ó aon fhoinse eile ach ón Rialtas.

Bhí baint agam uair amháin le sraith teilifíse a d’inis don lucht féachana cé mar a caitheadh an t-airgead a thug an Rialtas do Chúnamh Éireann (Faraway Up Close).

Ceann de na rudaí nár thuig daoine, agus b’fhéidir nach dtuigeann fós, go n-íocann an Rialtas airgead le roinnt mhaith eagraíochtaí carthanachta lena gcuid oibre forbartha thar lear a chur chun cinn.

Leis an bhfírinne a dhéanamh, ní fhéadfadh aon Roinn Rialtais an t-airgead a thugtar do Chúnamh Éireann a chaitheamh thar lear as a stuaim féin. Ba bhealach maith stuama é lena chinntiú gur caitheadh an t-airgead go ciallmhar trí eagraíochtaí a raibh bonneagar acu sna tíortha thar lear cheana féin.

Ach ar chuimhnigh tú riamh agus tú ag cur síntiús chuig eagraíocht a bhíonn ag obair san Afraic, go mb’fhéidir go bhfuil tú ag íoc cheana féin trí do chuid cánach? Seachtain ó shin sa mBuiséad fógraíodh allúntas €867 milliún don obair forbartha thar lear – Cabhair Oifigiúil Forbartha (ODA).

B’fhiú d’éinne tuairisc bhliantúil an Rialtóra Carthanachtaí a léamh. Má tá tú fiosrach faoi eagraíocht ar bith, is ann a gheobhaidh tú an t-eolas atá uait. Smaoinigh ar eochairfhocal ar leith – abraimis ‘féinmharú’. Cé mhéad eagraíocht atá ag obair sa réimse sin? An ndéanann sé aon mhaith, an gceapann tú, go bhfuil 20 acu ann?

Smaoinigh air sin agus tú ag fáil litreacha nó ríomhphoist nó iarratais ‘GoFundMe’ idir seo agus an Nollaig. An bhfuil ganntanas airgid sa réimse áirithe sin i ndáiríre, an bhfuil siad cláraithe, an achainí ‘shéasúrach’ í seo?’ Is furasta duit a fháil amach.

Déanann eagraíochtaí carthanachta obair iontach in Éirinn. Bíonn baint ag an gceathrú cuid de phobal na hÉireann leis an obair dheonach iontu. Tá 67,000 duine sa tír seo ina mbaill de choistí nó boird eagraíochtaí carthanachta. Baineann siad le spórt, oideachas, sláinte, míchumas, cúnamh thar lear, dídean, ospís, forbairt tuaithe, agus an iliomad réimse eile den saol.

Tá go leor daoine as obair anois, de bharr na siopaí carthanachta a bheith dúnta – idir oibrithe deonacha agus oibrithe lánaimseartha.

Fearacht go leor scéalta nuachta, níl sna ceannlínte ach cuid den scéal. Fúinn féin atá sé a thuilleadh a fháil amach faoin ábhar.

Fág freagra ar 'Agus séasúr na carthanachta linn, is fiú taighde a dhéanamh sula gcuireann tú lámh i do phóca'

  • Caoimhín

    alt spéisiúil