Agus mé ag cycláil abhaile ón Taibhdhearc bhínn ag dul thar an áit ina raibh an bheirt dúnmharfóirí ba mheasa in Éirinn i bhfolach…

An ‘straightforward coppering’ ba chúis le gabháil na ndúnmharfóirí ba mheasa agus ba mhó droch-cháil riamh in Éirinn

Agus mé ag cycláil abhaile ón Taibhdhearc bhínn ag dul thar an áit ina raibh an bheirt dúnmharfóirí ba mheasa in Éirinn i bhfolach…

An dúnmharfóir John Shaw

Bhí mé ag breathnú ar chlár faisnéise ar an BBC an tseachtain a chuaigh thart, faoin Yorkshire Ripper. I rith na seachtóidí mharaigh an fear sin 13 bean agus d’ionsaigh sé ochtar eile a tháinig slán ina mbeatha. Chonaic mé an clár cheana ach chuireas suim ann arís.

Ba dheacair a chreidiúint cén phraiseach a rinne na póilíní den fhiosrúchán thar na mblianta i Sasana. Nuair a gabhadh é ar deireadh, cuireadh ceist ar na póilíní a tháinig air, cén rún diamhair a bhí acu – cén chaoi ar tháinig siad air, nuair a chlis ar gach seift eile i rith na mblianta?

‘Straightforward coppering,’ a d’fhreagair duine de na póilíní.

Chuimhnigh mé ar an bpointe ar an ‘straightforward coppering’ ba chúis le gabháil na ndúnmharfóirí ba mheasa agus ba mhó droch-cháil riamh in Éirinn – John Shaw agus Geoffrey Evans.

Beirt ghardaí a bhí ar phatról oíche i mBóthar na Trá a chonaic an carr a raibh uimhir chláraithe bhréige air páirceáilte taobh amuigh de chlub oíche. De réir na dtuairiscí, bhí bean óg in éindí leo tamall roimhe sin ach d’éalaigh sí uathu.

Meabhraíodh dom gurb iad na ‘rudaí beaga’ go minic a théann i gcion ar dhuine – agus is mór an chabhair iad i bhfuascailt faidhbe.

Bhí beirt bhan óg gafa agus maraithe faoin am seo ag na dúnmharfóirí agus cuardach ar fud na tíre ar bun ag na gardaí, nuair a stop carr Tigh Keane ag Droichead an Mháma i bhfómhar na bliana 1976.

Thuig fear an tí, an tUasal Keane go raibh rud éigin as alt nuair a sheas an carr ag an gcaidéal peitril. Bhí an chuma air go raibh sé athphéinteáilte – de láimh b’fhéidir- agus bhreac sé síos an chláruimhir i leabhar beag nótaí a bhí aige.

D’aithin an bheirt ghardaí an uimhir nuair a chonaic siad an carr i mBóthar na Trá ina dhiaidh sin.

Bhí Shaw agus Evans ar na coirpigh ab fhaide i bpríosún in Éirinn (seachas fear amháin eile) nuair a fuair Shaw bás den ailse sa mbliain 2012. Is cosúil go bhfuil Evans fós ag maireachtáil go ciúin i bpríosún, agus é i mbun athchúrsáil ríomhairí, nó a leithéid.

Ba mhó i bhfad an cuardach agus an fiosrúchán a bhí ar bun i Sasana nuair a bhí an ‘Yorkshire Ripper’ i mbun a chuid gníomhartha uafáis. Ach de réir an chláir faisnéise ar an BBC, bhí na póilíní diongbháilte de gurbh é an ‘Ripper’ an fear a bhíodh ag scríobh litreacha agus ag cur téipeanna chuig an mbleachtaire George Oldfield.

Chuir siad a gcuid acmhainní agus a gcuid ama ar fad isteach sa gcuardach san áit mhícheart agus iad ag leanacht scéalta agus leideanna nach raibh aon bhunús leo, mar gheall ar na litreacha agus na téipeanna sin.

Arís agus arís eile, ceistíodh an fear a gabhadh agus a ciontaíodh ar deireadh, Peter Sutcliffe.

Ach de bharr nárbh é a scríobh na litreacha chuig George, ligeadh chun siúil é.

Naoi n-uaire ar fad a tógadh agus a ceistíodh é le linn an fhiosrúcháin.

Bhí na póilíní dírithe ar an gceantar mícheart i Sasana. Ghlac siad leis, mar gheall ar an gcanúint a bhí ar an téip, go mba as ceantar na ‘Geordies’, Sunderland, an dúnmharfóir.

Oíche amháin agus beirt phóilíní ar dualgas oíche in Sheffield, tháinig siad ar charr a raibh siad in amhras faoi ar an bpointe. Cé nach raibh siad féin páirteach sa gcuardach mór ar an ‘Ripper’, toisc go raibh bean sa charr in éindí leis an tiománaí agus uimhir bhréige ar an gcarr, thugadar isteach é.

Ní raibh aon fhianaise acu gurbh é sin an fear a rabhthas sa tóir air, ach tugadh isteach i gcomhair ceistiúcháin é ar aon chuma. Chuimhnigh duine den bheirt phóilíní ansin ar rud amháin a tharla nuair a tháinig siadsan ar an láthair.

Dúirt an fear gur mian leis a mhún a dhéanamh agus lig siad cead dó sin a dhéanamh taobh thiar de chlaí. Go tapa, d’fhill an bheirt phóilíní ar an áit ar tharla sé sin.

Taobh thiar den chlaí tháinig siad ar bheart uirlisí, casúr ina measc. Uirlisí dá leithéid a d’úsáideadh an ‘Ripper’ agus é i mbun a dhrochghnó. Agus an fhianaise sin leagtha os a chomhair, d’admhaigh Peter Sutcliffe láithreach gurbh eisean an fear a bhí uathu.

Bhí samhradh na bliana 1976 thar a bheith meirbh in Éirinn. Mhair an brothall go Meán Fómhair na bliana sin.

Chuaigh Elizabeth Plunkett ar iarraidh i dtosach ó Thrá an Bhriotais, i gContae Chill Mhantáin. Bhí sí ansin ag caitheamh tamaill cois farraige. Ach ba as an Rinn i mBaile Átha Cliath í, mar a bhfuil teach a muintire i gcónaí.

Ansin chuaigh Mary Duffy as Caisleán an Bharraigh ar iarraidh. Bhí sí tógtha ag an mbeirt agus coinnithe acu gar do Loch Eidhneach i gConamara. Dúirt siad leis na gardaí a ghabh ar deireadh iad go raibh sé i gceist acu bean óg a thógáil gach seachtain – sin an aidhm a bhí acu nuair a tháinig siad go hÉirinn.

I bhfómhar na bliana 1976, fuair mé páirt i ndráma i dTaibhdhearc na Gaillimhe. Seán Stafford, a bhásaigh an tseachtain seo caite, a bhí á stiúradh. Toisc go raibh an aimsir go breá agus é ina shamhradh fós, théinn isteach go Gaillimh chuig na cleachtaí ar rothar – mo dheartháir a d’fhág an sean-‘racer’ sa mbaile nuair a chuaigh sé thar lear.

Cé nach raibh a fhios agam é ag an am, agus mé ag cycláil thar Pháirc Saoire Bhearna, bhí Shaw agus Evans istigh ansin agus iad ag fanacht i dteach soghluaiste a bhí ceannaithe acu. Ba ann a phéinteáil siad, de láimh, dath dubh ar an gcarr. Ba ann a dúradh a choinnigh siad Mary Duffy bhocht ar feadh tamaill.

Blianta ina dhiaidh sin, agus mé ag glacadh páirt i gclub bádóireachta dragan, fuair mé amach go mbím ag páirceáil mo chairr díreach trasna ó theach Elizabeth Plunkett.

Bheadh sí comhaois liom féin dá mairfeadh sí.

Ach ar a laghad thug an ‘straightforward coppering’ os comhair na cúirte na coirpigh ba mheasa a chonacthas riamh sa tír.

Agus an fear a ghlac an uimhir ina leabhar beag nótaí?

Uncail le céile dearthár liom, a bhí in amhras faoin gcarr ar an Mám an lá sin agus a bhreac síos an uimhir ina leabhar beag nótaí.

Fág freagra ar 'Agus mé ag cycláil abhaile ón Taibhdhearc bhínn ag dul thar an áit ina raibh an bheirt dúnmharfóirí ba mheasa in Éirinn i bhfolach…'