‘Laoch mór i gcultúr na Gaeilge agus na tíre ar lár’ – an fear amharclainne Seán Stafford ar shlí na fírinne

Ceannródaí cultúir ab ea Seán Stafford, a d’fhág a lorg ar shaol na n-ealaíon agus na hamharclannaíochta Gaeilge, go háirithe ar An Taibhdhearc sa Ghaillimh

‘Laoch mór i gcultúr na Gaeilge agus na tíre ar lár’ – an fear amharclainne Seán Stafford ar shlí na fírinne

Tá Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn ar dhuine acu siúd a bhfuil ómós léirithe aige do Sheán Stafford, an léiritheoir, aisteoir agus gníomhaí cultúir aitheanta a bhásaigh inné.

Bhí sé 96 bliain d’aois ag tús na seachtaine seo, lá sula bhfuair sé bás.

Ceannródaí cultúir ab ea Seán Stafford, a d’fhág a lorg ar shaol na n-ealaíon agus na hamharclannaíochta Gaeilge, go háirithe sa Ghaillimh agus ar amharclann na Taibhdheirce.

Bhí baint lárnach aige leis an amharclann náisiúnta Gaeilge ar feadh nach mór 60 bliain.

Dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn ar maidin gur údar bróin dó bás an fhir amharclainne ar “laoch mór i gcúrsaí cultúrtha agus ealaíona na tíre seo” é.

Dúirt an tUachtarán go raibh “tionchar dearfach ollmhór” ag Seán Stafford agus a bhean chéile Máire, nach maireann, ar shaol na healaíona agus ar fhorbairt na hamharclainne náisiúnta Gaeilge, An Taibhdhearc.

Dúirt an tUachtarán go raibh an léiriú a rinne Seán Stafford ar an dráma Mise Raifteirí an File le Criostóir Ó Floinn, léiriú ina raibh Mick Lally sa phríomhról, ina bhuaicphointe i saol an léiritheora.

Dúirt Uachtarán na hÉireann go gcuimhneofaí ar an tacaíocht agus an spreagadh a thug Séan Stafford do na céadta aisteoirí, scríbhneoirí agus léiritheoirí. Chuimhneofaí, a dúirt an tUachtarán, ar na deiseanna go léir a thug sé do dhaoine “a gceird a chleachtadh trí mheán na Gaeilge” agus ar an “siamsaíocht a cuireadh ar fáil don phobal dá bharr”.

Rugadh Seán Stafford i mBaile Mhic Andáin i gcontae Chill Chainnigh i 1924.

Chuaigh sé go Baile Átha Cliath i 1946 le hoiliúint a fháil mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach.

Is i mBaile Átha Cliath i 1946 a chas sé ar a bhean chéile, Máire, nuair a bhí siad beirt ag plé le hAisteoirí Moibhí, an cumann drámaíochta Gaeilge a raibh an scríbhneoir aitheanta Brendan Behan ina bhall de chomh maith an uair sin.

1 1949 fuair Seán Stafford post mar mhúinteoir Gaeilge i gCeardscoil Bhóthar an Athar Uí Ghríofa i gcathair na Gaillimhe, áit ar chaith sé a shaol oibre ar fad nach mór.

Scéal mór grá ab ea scéal Sheáin agus Mháire a fuair geallta trí seachtaine i ndiaidh dóibh casadh ar a chéile.

Is annamh ina dhiaidh sin a d’fheicfeá duine acu gan an duine eile.

Phós siad i 1950 agus bhí cúigear clainne orthu, Ruairí, Fionnuala, Maelíosa, Órfhlaith agus Conall.

Bhí cáil mhór ar na geamaireachtaí a scríobhadh Máire Stafford agus a léiríodh Seán Stafford ar stáitse na Taibhdheirce idir na 1950idí agus 1970idí.

Seán agus Máire a reáchtáil Feis Ceoil an Iarthair sa Taibhdhearc le linn na tréimhse sin.

I 1979, toghadh Seán Stafford ina chathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce, agus chaith sé trí bliana sa ról sin. Bhí sé sa Taibhdhearc don uair deireanach i mí Feabhra na bliana seo don léiriú Amhrán an Bhonnáin Bhuí, a léirigh a mhac Maelíosa.

Bhí baint ag Séan agus Máire Stafford (1923-2014) leis na scórtha léiriúchán sa Taibhdhearc thar thréimhse beagnach 60 bliain..

Dúirt Cathaoirleach na Taibhdheirce, Aodh Ó Coileáin, go raibh Seán Stafford “lárnach sa réabhlóid cultúir” a thit amach i gCathair na dTreabh i lár na 1970idí.

“Bhí cuid de na pearsan is tábhachtaí i mbunú Druid, Macnas agus Féile Ealaíon na Gaillimhe ag obair le Seán sa Taibhdhearc sna blianta sin.

“Bhláthaigh na gluaiseachtaí ealaíona sin ar fad ó shin agus tá cuid den bhuíochas ag dul chuig an laoch ar lár Seán Stafford,” a dúirt Cathaoirleach na Taibhdheirce Aodh Ó Coileáin.

Fág freagra ar '‘Laoch mór i gcultúr na Gaeilge agus na tíre ar lár’ – an fear amharclainne Seán Stafford ar shlí na fírinne'

  • Ré Ó LAIGHLÉIS

    Seán: Cara, laoch, inspioráidí, Gael, a thug dá dhúthracht ar feadh an ama ar an bhfód seo dó. Tá mé féin – agus na mílte eile, go deimhin – faoi chomaoin aige go deireadh. Is fearr sinn uile toisc ár n-aithne ar Sheán mánla na huaisleachta agus ar Mháire ghroí, a d’imigh roimhe. Mo chomhbhrón ó chroí le Ruairí, Fionnuala, Maelíosa, Órfhlaith agus Conall. Ar dheis Dé go raibh anam uasal Sheáin. Ré Ó Laighléis