Agus anois na príomhscéalta ón gCóiré Thuaidh….

Cuairt na n-airí ar an gCóiré Thuaidh: 'ráiteas' oifigiúil nach gcuirfeadh iontas ar Éireannach ar bith

Agus anois na príomhscéalta ón gCóiré Thuaidh….

Ní ráiteas oifigiúil dáiríre é an ‘feasachán rialtais’ atá i gcló anseo. Ach tá a éirim ag teacht leis an dearcadh oifigiúil ar thíortha eile a léirítear sna ráitis a eisíonn seirbhís faisnéise rialtas na Cóiré Thuaidh go rialta.

Dúisíonn an ‘feasachán’ seo thíos ceist réasúnta. An mbeadh iontas ar dhuine abhus dá n-eiseodh an Chóiré Thuaidh ráiteas mar atá thíos faoin turas a bhí beartaithe go dtí le gairid ag John Halligan, Shane Ross agus Finian McGrath?


LÁRIONAD FÍOR-EOLAIS
PÁLÁS AN PHOBAIL
SR. KIM JONG-UN
PYONGYANG

Dé hAoine, 10 Samhain, 2017

MÍ-ÁDH MARFACH AR NAIMHDE PHOBAL CRÓGA NA CÓIRÉ!

MÍLE MOLADH DÁR gCEANNAIRE UASAL KIM JONG-UN!!!

MARBHFHÁISC AR CHOMHGHLEACAITHE ÁR NAIMHDE!

CRUINNIÚ RIALTAIS: FEASACHÁN 10

ÁBHAR: CUAIRT NA nAIRÍ AS ÉIRINN (AONTAS EORPACH)

  1. Phléigh an cruinniú an chuairt ar an gCóiré a bhí beartaithe ag triúr dár lucht tacaíochta i rialtas na hÉireann. Tuigtear go bhfuil meas mór acu ar an dul chun cinn éachtach atá á dhéanamh sa Chóiré, agus gur mian leo cabhrú linn ár naimhde a chloí.
  2. Dúirt a shoilse, an Príomh-Cheannaire Kim Jong-un, go raibh áthas air go raibh ionadaithe ó rialtas eile ag iarraidh bualadh leis. Thagair an Príomh-Cheannaire arís don athrú a tháinig ar dhearcadh cheannaire na Stát Aontaithe Donald Trump le gairid.
  3. Tá cuntas ar athrú intinne an éigneora gan náire sa Teach Bán i bhFeasachán Uimhir a Naoi a d’eisigh an rialtas Déardaoin, dar teideal “AN GAMAL AG GÉILLEADH – TRUMP ‘TOILTEANACH’ LABHAIRT LE KIM JONG-UN’.
  4. Thug an tUachtarán Trump “cur amú ama” ar chomhráite leis an gCóiré mí ó shin. Dé Máirt, d’fhógair sé lán-athrú intinne. ‘Ba mhaith liom airm núicléacha a phlé le Kim Jong-un,’ a dúirt an tUachtarán.
    Is ina dhiaidh sin a léirigh an Trumpadóir trodach mí-ionracas arís eile nuair a dúirt sé nach mbeadh criunniú le Kim Jong-un ‘oiriúnach’ faoi láthair.
  5. Dúirt an Príomh-Cheannaire leis an gcruinniú nár chóir do dhaoine a bheith imníoch. ‘Ní reáchtálfar cruinniú ar bith lenár naimhde,’ a dúirt sé, ‘go dtí go dtarraingeofar siar na hairm go léir atá ag bagairt orainn.’
  6. Is ina dhiaidh sin a chuir Slánaitheoir Uasal an Náisiúin tús leis an gcomhrá faoi iarratas na nÉireannach.
    ‘Is léir go bhfuil ár naimhde ag géilleadh de réir a chéile. Cloisimíd anois gur mian le rialtas eile teacht chun cainte linn. Cur síos, a Ghinearáil, le do thoil, ar an iarratas is déanaí.’
  7. Dúirt an Ginearál Raw May-Esh go raibh triúr airí rialtais as Éirinn ag iarraidh cead isteach sa Phoblacht. Rinne sé cur síos mar seo ar an triúr:
    John Halligan: aire neamhspleách rialtais, freagrach as polasaithe oiliúna, forbartha, taighde agus scileanna. Is iarchomhalta é de Pháirtí na nOibrithe, a chuir ionadaithe bráithreachais chun na Cóiré roimhe seo. Tá sé ráite ag Halligan gur mian leis bualadh le Kim Jong-un chun tacú lenár sárfheachtas míleata ar son na síochána.
    Shane Ross: neamhspleách eile, aire iompair. Tá stailceanna ag cur as do sheirbhísí traenach in Éirinn le tamall. Tuigtear gur mhaith leis staidéar a dhéanamh ar ardchaighdeán an chórais iarnróid seo againne.
    Finian McGrath: aire sláinte. Neamhspleách, beag beann go minic ar pholasaithe rialtais. D’eisigh sé giolc ar an 6 Samhain faoi thacaíocht mhuintir na hÉireann d’aidhm an turais: ‘Thanks to all the peace minded people who’ve been calling… we shall overcome.’
  8. Bhí an cruinniú ar tí cinneadh a dhéanamh faoi theacht na nÉireannach nuair a tháinig scéala go ndúirt an tAire Ross ar chlár teilifíse Déardaoin nach rachfaí chun cinn leis an gcuairt, toisc nach mbeadh sé ag teacht le polasaí rialtas na hÉireann.
  9. Is cúis mhór náire gur cuireadh brú ar an triúr gan dul chun cinn leis an turas, fiú sara bhfuair siad cead teacht anall. Is léir nach mian leis an tíoránach teasaí in Washington go dtiocfadh ceannaire ar bith ó thíortha eile go Pyongyang chun comhghairdeas a dhéanamh le rialtas daingean, dochloíte, diongbháilte na Cóiré.
  10. Tá súil againn go mbeidh deis againn amach anseo fáilte a chur roimh ár lucht leanúna in Éirinn. Molaimíd dóibh seasamh go cróga amach anseo in aghaidh ár naimhde, agus cuairt a thabhairt ar an tír is láidre agus is cróga ar domhan.

Idir an dá linn, seasfaidh an Phoblacht an fód in aghaidh ár naimhde go léir le cumhacht núicléach más gá í a úsáid.

Ní athróimíd polasaí ar bith.

Ní ghéillfimíd do thír ar bith.

Ní staonfaimíd ó fhrithghníomh ar bith.

Fág freagra ar 'Agus anois na príomhscéalta ón gCóiré Thuaidh….'

  • Eoin Ó Murchú

    Tá mise ar an mbeagán daoine ón tír seo a thug cuairt riamh ar an gCoiré Thuaidh, is – cé nach dtaitníonn an cultas pearsantachta a chleachtaítear ann linne, nó nár thaitn liom fein, – ní hamadáin iad na Coiréigh. Tá cúis mhaith acu le bheith imníoch faoi Mheiriocá, mar fuair an cheathrú chuid den daonra bás i gcogadh na gcaogadí nuair a dhein na Meiriceánaigh – ina bhfocla féin – iarracht an tír agus a muintir a scrios ar fad ón domhan seo. B’fhéidir nach dochar ar bith dá ndéanfadh Cathal féin cúairt ar an tír. Is fearr eolas na aineolas, lá ar bith!