Agóid ar son achta Ghaeilge le linn cuairt Theresa May

Deir Conradh na Gaeilge go mbeidh siad ann roimh Phríomh-Aire na Breataine gach uair a leagfaidh sí cos ó thuaidh go bhfaighfear acht Gaeilge

Agóid ar son achta Ghaeilge le linn cuairt Theresa May

Bhí agóid ar siúl i mBéal Feirste inniu chun aird Phríomh-Aire na Breataine a dhíriú ar cheist an achta Ghaeilge ó thuaidh.

Is iad Conradh na Gaeilge a d’eagraigh an agóid taobh amuigh d’Ionad Ealaíon an Crescent i ndeisceart Bhéal Feirste ar maidin agus Theresa May ar cuairt ansin.

Bhí agóid i lár na cathrach chomh maith, taobh amuigh den Waterfront agus príomhóráid a cuairte á tabhairt ag Theresa May ar maidin.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tar éis na hagóide, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge gur tugadh “teachtaireacht bhreá shoiléir” do Phríomh-Aire na Breataine.

“An rud is tábhachtaí dúinne ná go dtuigfeadh Theresa May, cibé am a leagfaidh sí cos ó thuaidh agus a fhad is nach bhfuil an cheist seo faoi acht na Gaeilge réitithe, go mbeidh muid ansin lena rá léi nach bhfuil muid chun glacadh leis sin.

“Agus muid 18 mhí anseo gan rialtas áitiúil, titeann na dualgais sin maidir le reachtaíocht teanga go soiléir ar rialtas na Breataine. Iadsan a thug an choimitmint in 2006.”

Dúirt Mac Giolla Mhéin go bhfuil “míléamh iomlán” déanta ag  May ar dhearcadh mhuintir an tuaiscirt agus go bhfuil go leor grúpaí eile atá ag lorg “a gcearta” le fada an lá.

Thug Mac Giolla Bhéin le fios gur bronnadh litir oscailte, a scríobh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer chuig Príomh-Aire na Breataine, ar dhuine d’fhoireann slándála May inniu, litir ina gcuirtear síos ar na dualgais atá ar rialtas na Breataine i leith na reachtaíochta ar son na Gaeilge. 

Fág freagra ar 'Agóid ar son achta Ghaeilge le linn cuairt Theresa May'