Beidh ceist an achta Ghaeilge ó thuaidh á hardú le Príomh-Aire na Breataine Theresa May le linn a cuairte ar Bhéal Feirste inniu.
I ráiteas a d’eisigh Conradh na Gaeilge, dúradh go mbeadh “stocaireacht phoiblí” á déanamh ar May agus go mbronnfaí “litir oscailte” uirthi agus í ar cuairt ar Ionad Ealaíon an Crescent i ndeisceart Bhéal Feirste maidin inniu.
Dúirt Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur lorg an eagraíocht sin cruinniú le May chun an cás ar son an achta Ghaeilge a phlé níos luaithe i mbliana ach nár éirigh leo ina gcuid iarrachtaí cruinniú a fháil.
Dúirt sé go raibh sé fíorthábhachtach go dtuigeann Príomh-Aire na Breataine an méid tacaíochta atá ann don acht teanga.
“Tá tromlach na bpáirtithe ar son reachtaíochta, atá neamhspleách ó aon reachtaíocht eile, don Ghaeilge. Tá tromlach na gComhaltaí Tionóil Reachtacha ag tacú le hAcht Gaeilge neamhspleách. Is reachtaíocht í seo a gealladh go soiléir don phobal breis agus deich mbliana ó shin mar chuid de chomhaontú idirnáisiúnta ag Cill Rímhinn,” a dúirt sé.
Dúirt Comer go bhfuil Rialtas na hÉireann “ag seasamh lena ndualgas mar chomhshínitheoir ar an chomhaontú sin agus ag tacú le hAcht Gaeilge neamhspleách” agus go bhfuil “na Náisiúin Aontaithe agus Comhairle na hEorpa ag éileamh Acht Gaeilge neamhspleách” freisin.
“Bímis iontach soiléir faoi seo; tá cosc á chur ar chearta teanga Gaeilgeoirí anseo, agus tá an t-am ann do Rialtas na Breataine na cearta a gealladh dúinn a chur ar fáil, bealach amháin nó eile,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
Sa litir a chuirfear faoi bhráid an Phríomh-Aire ar maidin, tagraítear de na dualgais atá ar rialtas na Breataine i leith reachtaíochta Gaeilge.
“We believe that the British Government have a central role in the delivery and implementation of the Irish Language legislation, be that as co-guarantors of the Good Friday Agreement and the St. Andrew’s Agreement, in which an Irish Language Act was specifically promised. It is also important to reference the international obligation on the British government as listed in the European Charter for Regional and Minority Languages. Previous monitoring reports regarding the implementation of the charter here have all raised serious questions, especially regarding the absence of protective legislation for the Irish Language,” a deirtear i litir Chonradh na Gaeilge.
Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge nach féidir le Príomh-Aire na Breataine neamhaird a dhéanamh ar phobal na Gaeilge ná ar cheist na teanga go deo.
“Tagann an t-éileamh d’Acht Gaeilge díreach ónár bpobal féin, agus arís eile inniu beidh pobal na Gaeilge ar na sráideanna le teachtaireacht aontaithe a thabhairt do phríomh-ionadaí Rialtas na Breataine, Theresa May; go bhfuil na cearta teanga céanna tuillte ag pobal na Gaeilge anseo agus atá ag pobal na Breatainise sa Bhreatain Bheag agus lucht na Gáidhlige in Albain.
“Titeann an dualgas sin, faoi mar a gealladh i gCill Rímhinn, díreach ar Rialtas na Breataine. Ní féidir éalú ón fhíric sin, agus níor chóir go gcuirfeadh caidreamh an Phríomh-Aire leis an DUP aon bhac nó cosc ar chur i bhfeidhm na ndualgas seo,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.
Fág freagra ar 'Acht Gaeilge á éileamh go poiblí ar Theresa May i mBéal Feirste inniu'