Níos luaithe an tseachtain seo luaigh Leo Cullen an difríocht a bhí idir Cúige Laighean agus Toulon. Is foireann iad Cúige Laighean, dar leis, atá dírithe ar imreoirí áitiúla a fhorbairt ach tá fealsúnacht na bhFrancach chomh héagsúil sin go mb’éigean srian a chur orthu ionas nach gcuirfí 15 imreoir eachtrannach chun páirce.
Murar chuir na Laighnigh an méid sin abhaile orainn a ndóthain, lean Jamie Heaslip ar aghaidh leis an gcaint chéanna inniu. Is iad Toulon ‘Real Madrid’ an rugbaí, dar le captaen na Laighneach.
“Is ar leibhéal eile ar fad a imrítear cluichí san Eoraip,” a dúirt Heaslip roimh an turas chuig deisceart na Fraince. “Tá na leaids ag tnúth go mór le dul sall chun imirt i gcoinne foireann lán de réaltaí; is ionann iad agus Real Madrid an rugbaí. Dúshlán an-mhór atá romhainn, mar sin, ach tabharfaimid faoin gcluiche le fonn. Tá na leaids ar bís an tseachtain seo, agus tá faobhar leis an dtraenáil, rud a thaithníonn linn, agus liomsa go háirithe.Tá fhios againn an obair is gá dúinn a dhéanamh ionas go mbeidh deis againn i gcoinne na bhfear seo.”
Agus cad mar gheall ar an Astrálach O’Connor agus Cúige Laighean? Fad is atá an Cúige ag iarraidh an dallamullóg a chur orainn gur scéal ‘David vs Goliath’ é seo, b’olc an mhaise dúinn dearmad a dhéanamh ar fheabhas imreoirí na Laighneach. Go deimhin, tá an chuid is mó d’fhoireann na hÉireann a ghnóthaigh Craobh na Sé Náisiún le Joe Schmidt faoi chúram O’Connor anois.
Ar a shon sin is uile, d’fhéadfadh an cluiche seo tús a chur le deireadh réimeas O’Connor, cé nach bhfuil O’Connor ag tabhairt aon aird air sin. Go deimhin, nuair a ceistíodh Heaslip faoi thodhchaí O’Connor, dúirt sé nach mbíonn aon bheann aige ar chaint den chineál sin de bharr go raibh daoine ag iarraidh a chonradh seisean a stróiceadh as a chéile.
“Ní thugaim aon aird air,” a dúirt O’Connor. Déanaimid ár ndícheall sinn féin a a shcorú sa tslí is nach mbeidh aon chonstaicí romhainn ná aon údar leithscéil againn.
“Oibríonn na héinne, idir na himreoirí agus an fhoireann bhainistíochta, an- an-dian, i dtreo is gur féidir linn dea-thaispeántas a thabhairt uainn. Ní dhéanann a bhfuil de chaint lasmuigh den champa aon difríocht don méid a tharlaíonn laistigh de.”
“Tá tacaíocht na n-imreoirí uile aige,” a dúirt Heaslip. “Tá roinnt rudaí iontacha déanta againn thar an dá shéasúr dheireanacha, ach ar a shon sin, tá ábhairín díomá orainn faoin gcaoi ar imríomar i gcúpla cluiche, go háirithe an tseachtain seo caite. Ní hé sin an caighdeán a leagamar síos dúinn féin.”
Ba mhór an faoiseamh dóibh an brú atá orthu a chur de dhroim seoil trí bhua a fháil, rud nach mbeidh éasca agus iad á fhéachaint le ceann de na foirne is fearr ar domhan, murab iad an fhoireann is fearr ar fad iad.
Má ghnóthaíonn na Laighnigh bua, áfach, féachfar ar Matt O’Connor mar a bheadh slánaitheoir a thiontaigh foireann a díbríodh ón gCorn Heineken ar ais i dtreo na Craoibhe Eorpaí eile, Corn na gCuradh. Níl aon amhras, áfach, ach gurb é seo an dúshlán is mó a bheidh roimh O’Connor ó ceapadh é.
“Gan amhras, dúshlán mór atá ann imirt as baile i gcluiche leathcheannais i gcoinne foireann mar Toulon. Is cluiche fíorthábhachtach é don fhoireann seo againne agus don eagraíocht. Táimid tar éis ullmhú go han-mhaith. Rachaimid ann, déanfaimid ár seacht ndícheall agus feicimid linn cé mar a sheasfaidh cúrsaí faoi dheireadh an 80 nóiméad.”
Tá sé thar am ag Cúige Laighean éirí as a bheith ag géillleadh don dearcadh gur foireann ‘bheag’ iad. Ba chóir do Chúíge Laighean an bua a fháil. Níl foireann Toulon do-bhuailte. Meon an bhuaiteora a theastaíonn arís ón bhfoireann seo. Agus beidh sé teastáil ó thalamh an Domhnach beag seo.
Fág freagra ar 'AGALLAMH LE JAMIE HEASLIP: ‘Tá na leaids ag tnúth go mór leis; is ionann iad agus Real Madrid an rugbaí.’'