Ag sibiléireacht a chaith mé an lá

Ag sibiléireacht – giotamáil oibre an chiall atá leis sin. Sibiléireacht timpeall an tí a bhíonn i gceist de ghnáth. D’fhéadfa á rá go raibh duine ag giotamáil thart, ag locadóireacht leis, ag fánaíocht thart, ag snámh leis, ag spidireacht. Thugtaí sifleáil air freisin—ag giotamáil anonn is anall, tamall anseo is tamall ansiúd. Tá míniú […]

Ag sibiléireacht a chaith mé an lá

Ag sibiléireacht – giotamáil oibre an chiall atá leis sin. Sibiléireacht timpeall an tí a bhíonn i gceist de ghnáth.

D’fhéadfa á rá go raibh duine ag giotamáil thart, ag locadóireacht leis, ag fánaíocht thart, ag snámh leis, ag spidireacht.

Thugtaí sifleáil air freisin—ag giotamáil anonn is anall, tamall anseo is tamall ansiúd. Tá míniú eile ar an bhfocal sifleáil: sioscadh cainte gan mórán brí. 

Maidir leis an locadóireacht, fanacht in áit gan gnó agat ann an chiall is mó atá leis: bhí triúr nó ceathrar acu ag locadóireacht thart ann, ag slíomadóireacht thart. Ní droch-ugach a bhí fúthu.

Sibiléara a thugtaí ar fhear ar bith dá bhfeicfí thart ar an teach: mac, deartháir, buachaill aimsire ach níor ghá dó a bheith ina oibrí bíodh go bhféadfadh roinnt oibre a bheith ar siúl aige. 

Tá sé in ann a bheith ag sibiléireacht timpeall an tí a deirtí i dtaobh seanduine a bheadh in ann beithígh a chur amach ar maidin, cliabh móna a thabhairt isteach, bearna a thógáil is a leithéid. 

Bhíodh bean an tí ag sibiléireacht i gcónaí freisin ar ndóigh. Nach iomaí sin sibiléireacht a bhíonn le déanamh ag bean an tí a deirtí.

Fág freagra ar 'Ag sibiléireacht a chaith mé an lá'

  • S. Mac Muirí

    Grma a Sheosaimh.
    ‘an codladh ina sheasamh’ a thug bean as an mBréifne ar a fear céile agus í ag caint le Stiofán Ó Ceilleachair c. 1940. “Amharc seo sa tsaol; go bhféacha Dia ar an lá ariamh a chuir mé fáinne ar an (g)codladh ina sheasamh sin”.
    Cuaille fir is dòigh, nach raibh ar fónamh, an duine bocht.