Ag obair ar an bportach leis na hIodálaigh i nGaeltacht Chonamara

Tháinig beirt strainséirí chomh fada lenár gcolúnaí agus é ag iarraidh clocha a scoilteadh le tine

Ag obair ar an bportach leis na hIodálaigh i nGaeltacht Chonamara

Amuigh i Seanadh Mhuire a bhí mé ag iarraidh píosa de bhóithrín a dhéanamh isteach go dtí íochtar na bportach. Bhí clocha sa mbealach agus bhí mé ag iarraidh iad a scoilteadh le tine. Tháinig beirt strainséirí chomh fada liom. Fir óga.

‘Cé as sibh?’ a deirimse.

‘As Milan san Iodáil,’ a dúirt siad.

‘Céard atá tú a dhéanamh ansin,’ a d’fhiafraigh duine acu díom.

‘Ag scoilteadh na gcloch seo le tine,’ arsa mise.

‘Agus meas tú an oibreoidh sé sin?’ ar seisean

‘Bhuel d’oibrigh sé do Hannibal beagnach 2,500 bliain ó shin,’ a dúirt mise.

Ceannaire míleata ba ea Hannibal a bhí ag déanamh a bhealaigh lena arm trí shléibhte na nAlp sa mbliain 218 roimh Chríost. Eilifintí a bhí aige leis an mbagáiste ar fad a iompar. Lá amháin tháinig siad isteach i ngleann a raibh carraigeacha trasna ina bhéal. Ní raibh bealach ar bith a bhféadfaí na heilifintí a thabhairt níb fhaide. Níor chuir sin aon bhuairt ar Hannibal. Fear meabhrach a bhí ann. D’ordaigh sé do na saighdiúirí crainnte a bhí fairsing san áit a bhaint, iad a leagan in aghaidh na gcarraigeacha agus tine bhreá a dhéanamh díobh.

‘Pléascfaidh an teas na carraigeacha,’ a dúirt sé. B’fhíor dó.

‘Chuala muid trácht ar Hannibal cinnte,’ a dúirt na hIodálaigh, ‘ach féach anseo an bhfuil aon chúnamh uait leis na clocha seo?’

‘Níl faoi láthair,’ a deirimse ‘ach má tá fonn oibre oraibh tá 90 mála móna líonta ar an bportach sin thoir agam agus theastódh uaim iad a thabhairt anoir ar thaobh an bhóthair.’

Mhínigh siad dhom nár chuala siad aon trácht ar mhóin ná ar phortach ariamh ach b’fhada leo go ndeachaigh siad in éadan na málaí. B’in iad an bheirt a raibh mianach na hoibre iontu. Bliain agus fiche d’aois a bhí duine acu agus cheithre bliana fichead a bhí an fear eile.

‘Seanfhear mise,’ a dúirt mé féin ‘agus tá sé fánach agam a bheith ag iarraidh coinneáil suas libhse.’

‘Má sea féin,’ a dúirt duine acu, ‘níl tú ag déanamh go dona chor ar bith.’

Shílfeá gur bhuail trua é dhom ansin mar thairg sé an bara a thabhairt dhom agus go n-iompródh sé féin na málaí. Faoi cheann chúig nóiméad fhichead bhí an mála deireanach abhus.

Thug mé ceacht beag ansin dóibh ar bhaint agus ar thriomú na móna. Chuir siad neart ceisteanna géarchúiseacha orm – cé mhéad mála a theastódh i rith na bliana? An raibh aon mhaith i scraith an phortaigh? An raibh mórán difríochta idir an barr uachtair agus an barr íochtair? Portach a baineadh le sleán a bhí ann.

‘Chaithfeadh sé gur fear maith sleáin thú’, a dúirt duine acu.

‘Ní hea, faraor,’ arsa mise, ‘ach tá mo chara Thomas Frainc Seoige go maith, chomh maith agus atá sa bpobal.’

‘An Irish cultural experience’ a thug mé an an gceacht móna seo a thug mé dóibh. D’admhaigh siad gur mar sin a chonaic siadsan freisin é agus dúirt siad gur bhreá leo a theacht ar ais chuig an gceantar aríst amach anseo le tuilleadh de chultúr na ndaoine a bhlaiseadh.

D’inis siad dhom ansin go raibh bád seoil acu i gcéibh Chill Chiaráin. As Brest na Fraince a sheol siad. Thóg sé mí orthu a theacht anall ach go ndeachaigh siad i dtír i Sasana faoi bhealach.

As deireadh na cúise thairg mé iad a thabhairt síos chuig an gcéibh sa gcarr ach dúirt siad gur mhaith leo píosa eile den chriathrach a shiúl.

Bhí cuireadh faighte acu a dhul ag seoltóireacht i mbád seoil as Conamara an tráthnóna sin—bád ar a dtugtar ‘An Capall’.

Fág freagra ar 'Ag obair ar an bportach leis na hIodálaigh i nGaeltacht Chonamara'

  • Ciaran o fatharta

    Tá eolas agamsa are fear a chas le duine de na leads oga sin i mBaile Ātha Chliath, bha sé ag obair in óstan agus chuir sé sios ar an méid atâ raite ansin ag Joe.