Ag fágáil slán ag Cúige Chonnacht – an glas iad na cnoic i bhfad uainn?

Agus an cinneadh tógtha ag Robbie Henshaw Cúige Chonnacht a fhágáil ag deireadh an tséasúir, breathnaíonn Tuairisc.ie ar scéalta na n-imreoirí eile a d’fhág na Sportsgrounds. D’éirigh níos fearr ná a chéile le cuid acu…

Robbie Henshaw ag aimsiú úd do Chonnacht i gcoinne Treviso ar an Aoine. INPHO/Morgan Treacy
Robbie Henshaw ag imirt do Chúige Chonnacht. INPHO/Morgan Treacy

Fágfaidh Robbie Henshaw slán ag Cúige Chonnacht ag deireadh an tséasúir seo agus é fógartha inné go bhfuil conradh trí bliana sínithe aige le Cúige Laighean. Is buille mór é d’fhoireann an iarthair agus a lucht tacaíochta mar, thar aon imreoir eile, ba é bláthú Henshaw an léargas is fearr ar an dul chun cinn atá déanta ag an gcúige le roinnt blianta anuas.

Faraor, ní seo an chéad uair gur fhág duine de mhórimreoirí Chonnacht slán acu. Cén chaoi ar éirigh leo?

Guinness PRO12, BT Murrayfield, Scotland 12/9/2014 Edinburgh vs Connacht Connacht's Fionn Carr Mandatory Credit ©INPHO/Russell Cheyne
Fionn Carr. INPHO/Russell Cheyne

Fionn Carr

gur imir sé uair amháin do Chúige Laighean i 2007, ba í an tréimhse trí bliana a chaith sé i nGaillimh, idir 2008 agus 2011, an tréimhse ba rathúla a bhí ag Carr mar imreoir. Le linn na tréimhse céanna d’aimsigh Carr 34 úd don chúige, níos mó aon imreoir eile i stair na foirne.

Chaith Carr geansaí gorm na Laighneach arís i 2011/12, ach cé gur imir sé beagnach 40 uair don chúige ba ar an taobhlíne a chaith sé go leor dá chuid ama, go háirithe nuair a bhí Cúige Laighean ag imirt san Eoraip. I ndiaidh dó dhá bhliain a chaitheamh i mBaile Átha Cliath, d’fhill Carr ar Chúige Chonnacht i samhradh na bliana 2013. Is ann atá sé i gcónaí ach is annamh a fhaigheann sé seans sna cluichí móra.

Sean Cronin. INPHO/James Crombie
Sean Cronin. INPHO/James Crombie

Sean Cronin

Bhí lucht tacaíochta Chúige Chonnacht beagáinín faoi gheasa ag Sean Cronin i rith na trí bliana a chaith fear Luimnigh ag imirt leo idir 2008 agus 2011. Agus luas, neart agus scil ann, níor thóg sé i bhfad air áit a bhaint amach ar fhoireann na hÉireann.

Bhog sé go dtí Cúige Laighean i lár 2011 agus cé go raibh díomá ar lucht tacaíochta Chúige Chonnacht, ba é an cinneadh ceart do Cronin. Bhuaigh sé an Corn Heineken agus an tSraith Pro 12 ina chéad bhliain leis na Laighnigh. Bíonn sé in iomaíocht le Richard Strauss do gheansaí an húcálaí ach is é Cronin is mó a thosaíonn na cluichí.

Mike McCarthy. INPHO/Morgan Treacy
Mike McCarthy. INPHO/Morgan Treacy

Mike McCarthy

gur imir sé leo i 2003/04, ba é sa dara seal a chaith McCarthy le Cúige Chonnacht a tharraing sé aird an phobail air. Chaith sé geansaí an chúige 134 uair idir 2007 agus 2013 agus é lárnach i gcuid de na cluichí is stairiúla a d’imir an fhoireann, ina measc an chéad chluiche a bhuaigh siad i gCorn Heineken, in aghaidh Harlequins, agus a mbua iontach sa Fhrainc in aghaidh Biarritz.

Faoin am gur fhág sé Cúige Chonnacht i 2013, bhí McCarthy ag imirt le foireann na hÉireann ach ní fhéadfaí a rá go bhfuil ag éirí go hiontach leis i gCúige Laighean. Cé gur bhuaigh sé an tSraith Pro12 ina chéad bhliain leo, bhí tamall ann nach raibh sé ag imirt go rialta don chúige agus gur ar éigean a bhí sé ag fáil a sheans le foireann na hÉireann. Tá sé ag fáil a sheans arís anois ó Joe Schmidt, áfach.

Ian Keatley. INPHO/James Crombie
Ian Keatley. INPHO/James Crombie

Ian Keatley

Ba é Keatley príomhscórálaí Chúige Chonnacht faoin am gur fhág sé agus 688 pointe aimsithe aige le linn na trí bliana a chaith sé san iarthar. Ní raibh sé ach 21 bliain d’aois nuair a thosaigh sé amach leis na Connachtaigh agus cé go raibh cúpla drochlá aige anseo agus ansiúd, rinne sé a dhóthain chun áit a bhaint amach ar thuras na hÉireann go dtí na Stáit Aontaithe i 2009, áit inar imir sé dhá chluiche.

Bhog sé go dtí Cúige Mumhan i 2011 agus bhí sé san iomaíocht le Ronan O’Gara ann. Tá áit sheasta bainte amach aige ar an bhfoireann ó d’éirigh O’Gara as.

Fág freagra ar 'Ag fágáil slán ag Cúige Chonnacht – an glas iad na cnoic i bhfad uainn?'