Nach deas é? Ag dul le gaoth na gcnoc…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Ag dul le gaoth na gcnoc…

Tá sé ag dul le gaoth na gcnoc a déarfaí faoi dhuine a bheadh ag dul as a mheabhair. Bheadh sé le buile is le baosra, ar deargmhire, ina ghealt.

Is iomaí sin cineál gaoithe ann:

Gaoth chórach, gaoth cheathrúnach, gaoth bhíoma, gaoth shaibhir, gaoth ghuairneáin, gaoth thíre, gaoth mhara.

D’fhéadfá an ghaoth a bhaint de dhuine—an ghaoth a bhaint as a chuid seolta.

D’fhéadfá freisin an ghaoth a bhaint de bhád.

Is minic a bhíonn cú, mar shampla, ag imeacht chomh luath leis an ngaoth Mhárta.

Chomh tréan le cuaifeach gaoithe.

Dá mbeifeá ar bharr na gaoithe bheifeá aerach nó giodalach.

Ní ón ngaoth a thóg sé é a déarfaí faoi dhuine a raibh an mianach céanna sa dream a tháinig roimhe.

Ní ón ngaoth ná ón ngréin a fhaightear scéimh—rud is dual sinsir do dhuine.

Bheadh an ghaoth anoir is an fhearthainn aniar ar an té a mbeadh chuile chineál mí-ádh air.

Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine eicínt. Níl gaoth a shéideann nach fearrde duine eicínt, bealach eile lena rá.

Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.

Lucht gaoithe móire a thugtar ar dhaoine a mbíonn iomarca cainte gan mórán bunúis acu. Scaothairí an t-ainm is coitianta orthu. Níl ina chuid cainte ach gaoth a déarfaí faoi dhuine acu sin.

Imíonn an chaint le gaoth ach téann an buille go dtí an croí.

Gaoth a chríonas, grian a thriomaíos is gníomh a chruthaíos fear.

Ní raibh uaidh ach gaoth an fhocail -duine meabhrach.

Tá blas na gaoithe ar na prátaí.

Tá braon i mbéal na gaoithe –braonacha báistí.

Bhí an bád ag imeacht caol díreach roimh an ngaoth – gaoth shaibhir ina diaidh.

Tá éan ann ar a dtugtar an gabhlán gaoithe. Tá an pocaire gaoithe ann freisin. Tugtar an seabhac gaoithe ar an éan céanna.

An té a bhíonn ag síorfhéachaint ar an ngaoth ní chuirfidh sé síol — duine nach bhfuil in ann a intinn a dhéanamh suas.

Laghdaíonn báisteach gaoth.

Ní hanfa go gaoth aneas.

Bíonn madra gaoithe le feiceáil scaití –  solas ag bun na spéire ag tuar stoirme.

Bíonn coileach gaoithe ar bharr foirgnimh ach d’fhéadfaí an t-ainm céanna a thabhairt ar dhuine a bheadh ag athrú a intinn rómhinic.

Tá bláth ann ar a dtugtar lus na gaoithe.

Rud a thigeas leis an ngaoth imíonn sé leis an bhfearthainn – an rud a fhaightear go héasca imíonn go bog

Ní théann stoirm thar Aoine ná gaoth mhór thar Dhomhnach.

An dearg ó thuaidh, báisteach is gaoth aduaidh.

Báisteach don lao, grian don uan is gaoth don searrach.

Is olc an ní a bheith ag ceannacht tobac agus á scaoileadh le gaoth.

Is fearr an deatach ná gaoth an tseaca—drochthine a bheadh i gceist.

Caithfidh duine seoladh leis an ngaoth a bhíos aige.

Fan le cóir is gheobhaidh tú gaoth.

Guí an fhálsóra: Gaoth aniar is grian ó dheas, claí mór ard is cead síneadh lena ais.

Ní túisce athrú ar an ngaoth ná ar intinn mná.

Tá intinn mná ar nós gaoth lá Márta.

Éist leis an rann seo:

Bíonn an óige baoth

Go gcáitheann muileann an tsaoil

Lóchán díth céille le gaoth.

Is iomaí cor sa ngaoth, ach ní lia ná sa saol.

Aghaidh gréine is cúl gaoithe is dóthain le n-ithe – áit fheiliúnach chónaithe.

Na trí cairde is fearr is na trí naimhde is measa, uisce, gaoth agus tine.

Trí naimhde na colla, gaoth, deatach agus dreancaidí.

Lig sé gaoth faoi agus sin an méid—fear ag tógáil meáchain.

Oíche na Gaoithe Móire – 6 Eanáir 1839.

Ghabhfadh an ghaoth atá ann trí chlár daraí [darach].

Is cuma dhó cé as a séidfidh gaoth anois tá obair na bliana déanta aige.

Is cuma dhó cén taobh a séidfidh gaoth tá sé ina shuí go te.

Tá an ghaoth mar a bheadh sí ag éirí de dhroim seaca—an-fhuar.

Ní hé boladh na gaoithe atá air – boladh óil.

Gaoth rua­ ­- gaoth a thugann galar ar bharranna na bprátaí.

Ní bhíonn deannóid ghaoithe ann lá ciúin.

Geoladh gaoithe a bhíonn ann nuair a bhíonn gaoth éadrom ann.

Seadadh gaoithe a thugtar ar ghaoth a mbíonn luas beag inti.

Nuair a bhíonn an ghaoth go maith le n-aireachtáil bíonn friota gaoithe ann.

Sinneán a thugtar ar an séideadh aonraic gaoithe a mbíonn fuaim leis.

Siollántacht na gaoithe a thugtar ar fhuaim na gaoithe nuair a bhíonn sí ag teacht trí na crainn.

Nuair a bhíonn an ghaoth ag séideadh go crua ina leathghála feochan a thugtar air sin. Ba mhaith a dúradh san amhrán ‘An Caiptín Ó Máille’ é:

Mar gur éirigh sé chun feochain is as sin chun gaoithe móire.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ag dul le gaoth na gcnoc…'