Ag déanamh a chúraim ar a shuaimhneas i leithreas poiblí a bhí sé nuair a léim béar mór dubh air…

Má cheapaimidne ná fuil aon bhaol orainn ó ainimhithe ná créatúirí allta sa tír tá dul amú orainn is cosúil

Ag déanamh a chúraim ar a shuaimhneas i leithreas poiblí a bhí sé nuair a léim béar mór dubh air…

N’fheadar éinne cá bhfuil fód a bháis. Seanrá ag daoine i gCorca Dhuibhne le fada an lá.

Deirtear gurb é sin a dúirt fear bocht a bhí ag déanamh a chuid uisce go discréideach ar thaobh an bhóthair nuair a bhuail ropaire ar bhicycle ina choinne agus leag.

Is amhlaidh an cás ag créatúr bocht i dTóiceo na Seapáine le déanaí.

Fear slándála go hard os cionn na trí fichid, ag déanamh a chúraim ar a shuaimhneas, mar a cheap sé, i leithreas poiblí, nuair a léim béar mór dubh, cúig troithe ar airde nach mór, anuas sa mhullach air.

Bhí seans Dé leis na cosa a bhreith leis.

Ní hamhlaidh an cás ag triúr déag eile Seapánach eile le bliain anuas, na creatúirí.

Níor thugadar san na cosa leo. Maraíodh iad.

Tuairiscíodh anuas air sin nach mór dhá chéad ionsaí neamh-mharfach ag béir dhubha ar dhaoine sa tréimhse ama chéanna.

I réigiúin Akita, limistéar oirthuaisceart na Seapáine is mó a tharla na hionsaithe seo le roinnt blianta anuas.

Ocras ar ndóigh atá ag tiomáint na n-ainmhithe bochta amach as a ngnáthóga nádúrtha féin i dtreo ceantair ina bhfuil mórdhaonra daoine.

Sin é an áit a mbeidh greim saoráideach le n-ithe ar fáil, shamhlófá.

Cé go bhfuil cáil dhomhanda ‘néatachta’ ar na Seapánaigh ní foláir nó fágann siad greamanna bídh in áiteanna a mheallann na hainmhithe allta seo ina dtreo.

Thugas fé ndeara agus mé ar camchuairt na tíre sin blianta siar ná raibh aon bhoscaí bruscair ar na sráideanna i dTóiceo ná Kyoto ná aon áit uirbeach go deimhin.

Tá béas acu a gcuid bruscair fhéin a bhreith abhaile leo, nós atá le moladh go deimhin. Níorbh aon iontas glanachar coitianta a bheith le tabhairt fé ndeara.

Pé scéal aige néatacht na ndaoine é, aimsíonn na béir seo a gcuid, agus is fíochmhar marfach a n-iompar.

Tuairiscíodh drochshéasúr i ngnáthóg na n-ainmhithe seo anuraidh, níor fhás dóthain cnónna feá, agus thiomáin an t-ocras amach iad, ní nach ionadh.

Sé’n leigheas atá ag údaráis na Seapáine ná fórsaí cosanta na tíre a chur go dtí na ceantair ina raibh na hionsaithe, agus gaistí a leagan síos chun breith ar na béir.

Ní deirtear cad a dheineann siad leis an ainmhí nuair atá sé ceansaithe acu.

De réir dealraimh is feoil bhlasta í feoil bhéir agus itheann na Seapánaigh í, bail orthu.

Is maith an t-anlann an t-ocras a deirtear. Ar dhuine nó ar bhéar.

Má cheapaimidne ná fuil aon bhaol orainn ó ainimhithe ná créatúirí allta sa tír seo b’fhiú dúinn éisteacht le húinéir zú reiptíle i gCill Chainnigh, James Hennessy.

Air sin a ghlaoitear nuair a thagann tiarnaí talún trasna ar chréatúirí ar nós nathracha nimhe nó fiú crogaill a bhíonn fágtha ina ndiaidh ag tionóntaí neamhchúramacha.

De réir dealraimh níl aon bhac ar dhuine sa tír seo ‘creatúirí’ exotic nó neamhdhúchasach mar iad seo a bheith acu. Ní gá ceadúnas a bheith agat le nathracha nimhe d’aon tsórt a bheith faoin leaba agat, ná in aon áit eile ach chomh beag.

Is gá dhuit ceadúnas a bheith agat do ghadhair!

Tá ceadúnas de dhíth i dTuaisceart na hÉireann agus is liosta le háireamh na hainmhithe is na créatúirí allta atá ag daoine ann. Suas le daichead ‘créatúr’ allta atá cláraithe le cúigear úinéirí i gcontaetha Ard Mhacha, an Dúin is Aontroma.

Orthu tá an rí chobra, an nathair is sia agus is nimhiúla dá bhfuil ar domhan.

Is beag cosc atá ar a leithéid a thabhairt an bóthar anuas.

Deir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuil ‘rialacha’ acu a choisceann iompórtáil ar a leithéid ach is léir go n-éiríonn le daoine ‘créatúirí’ dainséaracha a shleamhnú isteach i ngan fhios.

Dia idir sin is an t-olc…n’fheadar éinne cá bhfuil fód a bháis.

Fág freagra ar 'Ag déanamh a chúraim ar a shuaimhneas i leithreas poiblí a bhí sé nuair a léim béar mór dubh air…'