Ag damhsa ag an gcuarbhóthar – Alastair McKinstry agus polaitíocht na Gaillimhe

Tá béim nua ar cheisteanna timpeallachta i measc polaiteoirí Chomhairle Chontae na Gaillimhe

Ag damhsa ag an gcuarbhóthar – Alastair McKinstry agus polaitíocht na Gaillimhe

B’fhéidir go bhfuil scáil an Chomhairleora de chuid Chomhaontas Glas i ndeisceart Chonamara, Alastair McKinstry, le tabhairt faoi deara cheana féin ar phleananna bóithre chontae na Gaillimhe, go háirithe ar scéal an chuarbhóthair atá ceaptha a ghabháil timpeall chathair na Gaillimhe. 

Bhí díospóireacht idir Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne agus an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar, Éamon Ó  Cuív ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo agus an chosúlacht ar an scéal go bhfuileadar beirt ar an mbóthar céanna.  Teastaíonn an cuarbhóthar, a dúradar agus tá chaon pháirtí acu, Fianna Fáil agus Fine Gael, ina fhabhar. 

Fós féin, is léir go bhfeiceann Ó Cuív gur féidir damhsa a bhaint as Fine Gael ar an gceist seo.

Ach ar ais linn arís chuig Alastair McKinstry agus ar ais linn freisin chuig an mbob a buaileadh ar Fhianna Fáil i gComhairle Chontae na Gaillimhe le gairid.

Ní raibh a chosa taobh istigh den doras ag comhairleoir nua Chomhaontas Glas sa gComhairle Contae nó gur chaith sé amhras ar cheist an chuarbhóthair timpeall na cathrach.   Tuilleadh carranna a tharraingeodh an bóthar nua an bealach, a deir McKinstry.

San am céanna tá Alastair McKinstry tugtha isteach sa gcomhaontas idir neamhspleáigh agus Fine Gael atá i gceannas ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe.   Ar ndóigh, tá a fhios ag duine ar bith atá ag coinneáil súil ar an bpolaitíocht gur chlis Fianna Fáil go dona sa chás sin.  Bhíodar i bhfad níos gaire ná Fine Gael don mhóramh sa gComhairle Contae ach níor thugadar leo na neamhspleáigh a theastaigh uathu.  Tá conspóid agus cogarnáil pholaitiúil taobh istigh d’Fhianna Fáil i nGaillimh fós faoin gcúis a bhí leis an gcliseadh.  Cúigear a theastaigh uathu. Bhí Fine Gael gann naonúr ach thugadar leo deichniúr sa deireadh, agus Alastair McKinstry as an bPáirtí Glas ar dhuine acu.

Céard faoin gcuarbhóthar mar sin?

B’in ceist a chuir an tuairisceoir seo ar an gComhairleoir Jimmy McClearn as Fine Gael díreach théis dó post an Chathaoirligh a bhuachan i gComhairle Chontae na Gaillimhe don bhliain atá amach romhainn. 

Dúirt an Cathaoirleach nua go bhfuil ceist mhór ann faoi chúrsaí airgid na Comhairle – níl siad ag fáil cothrom na Féinne as an lárchiste náisiúnta, a deir sé.  Ach ba dhíol suntais é an dara rud a luaigh sé – athrú aeráide. Ní féidir le daoine éalú ón ábhar seo, a deir Jimmy McClearn.   Tharraing sé anuas ceist na tráchta agus an lear carranna nach mbíonn iontu ach duine amháin a thagann isteach go cathair na Gaillimhe, é féin ar dhuine acu, a deir sé.   Teastaíonn beartais ar nós spásanna páirceála ar imeall na cathrach agus busanna isteach go lár an bhaile mhóir, a deir sé. 

Cinnte, a deir sé, teastaíonn an cuarbhóthar agus tá Fine Gael ar a shon ach fiú agus má éiríonn go geal le chuile rud sa gcóras pleanála (tá an t-iarratas is deireanaí le haghaidh an chuarbhóthair leis an mBord Pleanála faoi láthair) ní fheicfear amharc ar an mbóthar go dtí 2025 nó 2026. 

Ní féidir ligean do na tranglaim thráchta an chathair a thachtadh idir seo agus sin, a deir an Cathaoirleach nua.

Sách réasúnach, ach is é an chéad uair é a raibh an oiread béime ag Cathaoirleach ar cheisteanna timpeallachta ag tosú amach ar a théarma.  Bhí anáil Alastair McKinstry le haithneachtáil ar chaint an Chathaoirligh nua.

Glactar leis go forleathan go dteastaíonn cuarbhóthar thimpeall na Gaillimhe go géar.   Tá 2,106,369 carr príobháideach i bPoblacht na hÉireann anois – sin a thrí oiread agus a bhí ann 30 bliain ó shin.  Mar a chéile atá an t-ardú i gContae na Gaillimhe áit a bhfuil 113,608 carr príobháideach anois.   

Tá carranna éirithe an-fhairsing i mbailte agus i bpobail i chuile áit. 

I mBearna, tá carr amháin ann in aghaidh chuile 1.5 duine; tá carr in aghaidh chuile 1.8 duine i Maigh Cuilinn agus sa Spidéal.  Thiar i gcroílár na Gaeltachta tá carr in aghaidh chuile bheirt den daonra i Ros Muc agus tá carr in aghaidh chuile 2.3 duine in Iorras Aithneach. 

Ach sa mullach ar an mborradh ollmhór sin, tá cuimse eile carranna agus feithiclí ag teacht isteach chuile lá.

Mar shampla, tháinig 1.9 milliún cuairteoir as tíortha thar sáile go hiarthar na hÉireann anuraidh agus ba i gcarranna a bhí 66% acu siúd ag taisteal. 

Tá an turasóireacht i gcroílár na heacnamaíochta sa gcontae, go háirithe in iarthar an chontae.

Pé ar bith ceangal nó plean a chuirfear ar mhaoirsiú na tráchta, tá rud amháin fíorphléineáilte – teastaíonn tuilleadh spáis agus tuilleadh bóthair.  Ach teastóidh na vótaí ó Fhine Gael leis an gcumhacht a choinneáil idir iad féin agus na neamhspleáigh i gComhairle Chontae na Gaillimhe.  Tá ceann de na vótaí sin ag Alastair McKinstry.  B’fhéidir nach maith a thaitneodh sé leis go gcuirfeadh Fine Gael mórán béime ar chuarbhóthar na cathrach. Tá comhthíos aige leis an gcuarbhóthar céanna agus b’fhéidir nach mbeadh an vóta ar fáil uaidh. 

Ní bheadh aon bheann mór ag Fine Gael ar an gComhairleoir McKinstry go fóilleach ar chuma ar bith. Vóta agus fiche atá ag Fine Gael agus na neamhspleáigh sa gComhairle Contae agus is leor scór leis an bhforlámhas a choinneáil.  Ach níor mhiste le hÉamon Ó Cuív agus le Fianna Fáil mant a chur sa mhóramh sin atá ag Fine Gael agus na neamhspleáigh agus an chomhghuaillíocht ildathach a chur i mbaol i nGaillimh. 

D’fhéadfadh Fianna Fáil damhsa a bhaint as Fine Gael ar an gcuarbhóthar; d’fhéadfadh scáil Alastair McKinstry éirí níos feiceálaí i bpolaitíocht na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Ag damhsa ag an gcuarbhóthar – Alastair McKinstry agus polaitíocht na Gaillimhe'