Tá tús curtha ag an aistritheoir liteartha Antain Mac Lochlainn leis an obair aistriúcháin ar an tríú leabhar sa tsraith Croinicí Nairnia a bheidh ar fáil i nGaeilge – Prince Caspian: The Return to Narnia.
Dúirt Mac Lochlainn le Tuairisc cé go bhfuil “conspóid éigin ann” i measc lucht leanúna CS Lewis, údar na sraithe, gur féidir le lucht léitheoireachta na Gaeilge Prince Caspian a léamh mar leabhar as féin más maith leo.
“Tá conspóid éigin ann i measc lucht leanúna CS Lewis maidir le hord na leabhar, agus bíonn siad ag marú a chéile sna fóraim idirlín, ach seo an dara leabhar a foilsíodh i mBéarla. Tá an ceann seo suimiúil mar tá na páistí ann, an ceathrar Pevensie. Is ar éigean a bhí siad sa dara ceann a d’fhoilsigh An Gúm, ach tá siad i gcroílár an scéil seo arís. Thiocfadh leat é a léamh gan An Leon a léamh, mínítear cúlra an scéil go minic sa cheann seo.”
Deir sé go bhfuil “teagasc deas” ag Prince Caspian.
“Is é an laoch an fear óg seo Caspian a bhaineann le cine iontach trodach a rinne ionradh ar Nairnia agus a chloígh na daoine a bhí ann. Faigheann an fear óg amach gur tharla sé seo na blianta fada ó shin, ach airíonn sé sórt ciontach agus ag iarraidh é a chúiteamh. Seasann sé le muintir Nairnia cé gur duine de na hionraitheoirí é ó dhúchas.
“Tá teagasc deas ann gur féidir i gcónaí fás mar dhuine agus an rud ceart a dhéanamh agus nach gcaithfidh tú cloí leis an treibheachas. Baineann sé le lucht an choncais ach gabhann sé i bpáirt le daoine a bhí faoi chois acu.”
Bhí an-chreideamh ag CS Lewis agus tá a shaothar, Croinicí Nairnia, san áireamh, breac le tagairtí agus meafair Chríostaí. Deir Mac Lochlainn gur féidir an léamh sin a bhaint as Prince Caspian ach gur “faoin léitheoir féin” atá sé brí is meabhair a bhaint as an scéal ardfhantaisíochta.
“Is féidir a rá gur scáthán ar na hAngla-Sacsanaigh agus na Normannaigh i Sasana é an scéal. Rinneadh náisiún aontaithe amháin den dá dhream sin mar a dhéantar de mhuintir Nairnia agus muintir Caspian sa leabhar seo. Thiocfaí a rá freisin gur scáthán ar an nGael agus ar an nGall in Éirinn é fosta.
“Tá píosa deas amháin ann ina gcluineann an prionsa óg leagan bréagach den stair atá á theagasc dó. Deirtear leis nach raibh aon duine in Nairnia sular tháinig lucht an choncais, ach an cheist a chuireann sé ar a theagascóir ná ‘cén fáth a dtugtar Caspian an Choncais’ ar an gcéad rí murar cloíodh duine ar bith?’.
“Is maith liom an meon ceisteach sin. Cloistear inniu nach bhfuil a leithéid de rud agus Palaistíneach ann.”
Tá an léamh simplí ann freisin, a deir sé.
“B’fhéidir nach bhfuil ann ach scéal maith fantaisíochta a tharla i ndomhan draíochta. Tá sé sin ag brath ar an léitheoir.”
Ba é Prince Caspian an dara leabhar a foilsíodh sa tsraith ach glactar leis gurb é an ceathrú scéal é sna Croinicí. Is é an tríú ceann a bheidh ar fáil i nGaeilge, i ndiaidh An Leon, An Bandraoi, agus an Prios Éadaigh (The Lion, the Witch, and the Wardrobe) agus An Capall agus a Ghiolla (The Horse and His Boy). Tá seacht leabhar ar fad sa tsraith agus, mar sin, ceithre cinn eile a d’fhéadfaí a aistriú: The Voyage of the Dawn Treader, The Silver Chair, The Magician’s Nephew, agus The Last Battle.
Is faoin nGúm, a deir Mac Lochlainn, atá sé an cinneadh a dhéanamh leanacht ar aghaidh leis na leaganacha Gaeilge ach gur mhaith leis féin coinneáil air á n-aistriú.
“Tá sé ag brath ar an nGúm, níl tuigbheáil rómhaith agam ar mhargadh na leabhar ach tá a fhios agam go raibh díol measartha maith ar An Leon, ach tá clú ar leith ar an leabhar áirithe sin.
“Tá sé cineál aisteach, tá daoine ann atá iontach ceanúil ar na leabhair seo. Ní cuid de m’óige iad. Bhí daoine i dteagmháil liom – ní hé go dtagann mála mór litreacha gach lá! – bhí siad i dteagmháil liom le rá go bhfuil lúcháir orthu go bhfuil na leabhair seo ar fáil i nGaeilge, leabhair a léigh siad nuair a bhí siad féin óg agus atá siad anois ábalta a léamh dá bpáistí féin. Tá an ghné sin iontach pléisiúrtha,” a dúirt sé.
Is annamh a aistrítear sraith iomlán leabhar go Gaeilge. Níl ach an chéad leabhar ar fáil sna sraitheanna Harry Potter (Harry Potter agus an Órchloch) agus Fonn Oighir agus Tine (Cluiche na Corónach), agus níor aistríodh The Lord of the Rings fós cé go bhfuil an réamhleabhar An Hobad ar fáil i nGaeilge le breis agus deich mbliana.
Dúirt Mac Lochlainn gur dóigh leis go n-aithníonn An Gúm go bhfuil “luach cultúrtha” mór leis an tsraith Croinicí Nairnia agus go bhfuil sé féin sásta go bhfuil “guth Éireannach” ag údar a bhí chomh bródúil sin as a bheith ina Éireannach.
“An cineál léiriú a dhéantar ar CS Lewis anois – sa scannán Shadowlands mar shampla – is mar dhuine Sasanach a léirítear é. Dúirt sé féin, agus bhí sé an-daingean faoi, gur Éireannach a bhí ann agus go raibh díomá mór air nár aimsigh sé foilsitheoir in Éirinn.
“Tá sé oiriúnach go bhfuil guth Éireannach ag an duine seo as Oirthear Bhéal Feirste. Bhain sé leis an nglúin sin d’Aontachtaithe a mhair nuair a bhí na bealaí cumarsáide oscailte le Baile Átha Cliath agus an chuid eile den tír,” a dúirt sé.
Níl dáta foilsithe luaite le Prince Caspian na Gaeilge go fóill.
Léitheoir rialta
Comhghairdeachas leis an aistritheoir.
Tá ceist an oird pléite ag Brian Sibley in The Land of Narnia (lch 32) agus litir ó Lewis mar thaca aige – ní gá an t-aighneas.