Ba mhaith linn Nollaig shona agus athbhliain faoi mhaise a ghuí ar ár léitheoirí ar fad agus táimid fíorbhuíoch as an tsuim a chuir sibh in Tuairisc.ie ó seoladh an suíomh ar an 9 Deireadh Fómhair.
Ó seoladh Tuairisc.ie thug nach mór 45,000 duine (úsáideoir) os cionn 120,000 cuairt ar an suíomh agus féachadh ar bhreis agus 370,000 leathanach.
Ach an rud is mó a thugann misneach dúinn ná líon na ndaoine a fhileann arís agus arís eile ar Tuairisc.ie.
De réir chóras anailíse Google, Google Analytics, is athchuairteoirí a bhíonn i gceist le suas le 70% den trácht a bhíonn againn gach seachtain, agus is mór againn an dílseacht sin.
Is mór againn chomh maith dílseacht agus díograis na scríbhneoirí ar fad ar mheitheal Tuairisc.ie a chuireann ábhar den scoth ar fáil dúinn gach lá.
Táimid ag súil go mór leis an mbliain nua agus na forbairtí breise éagsúla atá beartaithe againn a dhéanamh ar an suíomh a chur i gcrích.
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil chomh maith lenár leitheoirí as a gcuid aiseolais, idir cháineadh is mholadh, ó bunaíodh Tuairisc.ie, agus tugaimid cluas le héisteacht i gcónaí don phobal a bhfuil dualgas orainn freastal orthu.
Mar a bhíomar ag rá ar ‘Ag cur do thuairisce… ‘ go deireanach, seolfaimid Nuachtlitir Tuairisc.ie sa bhliain nua nuair a bheidh dóthain daoine cláraithe di.
Mar sin, bígí ag clárú linn!
Mar fhocal scoir, má tá aon easpa ábhar léitheoireachta nó siamsaíochta oraibh, seo daoibh na trí scéal is mó a léadh agus na trí fhíseán is mó ar féachadh orthu ó d’ardaigh Tuairisc.ie a seolta sa bhfómhar.
Na scéalta is mó a léadh…
1. Ní hamháin Gaelach ach Google Translated chomh maith
2. ‘Níl barúil na ngrást a’m céard ‘tá tú a rá, Nicky Byrne’
3. Fós ag feitheamh ar an miorúilt theangeolaíoch
Na físeáin is mó ar féachadh orthu…
Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'