Ag Cúige Laighean a bheas an lámh in uachtar

Tá seans fós ag trí chúige greim a fháil ar chorn an séasúr seo

Ag Cúige Laighean a bheas an lámh in uachtar

Cé nach bhfuil ach coicís fágtha sa séasúr seo tá deis fós ag trí chúige greim a fháil ar an aon chraobh amháin nach bhfuil críochnaithe fós, an Pro 14.

Is cinnte go mbeidh Cúige Laighean thar a bheith díomách gur theip orthu an ceann is fearr a fháil ar Saracens i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh Dé Sathairn seo caite. Leis an fhírinne a dhéanamh, bhí foireann Londan níos fearr ó thús deireadh na himeartha. Bhí cúpla seans ag Cúige Laighean ach níor thapaigh siad iad, rud a rinne na Saracens.  Sin mar a bhí an scéal gan cur leis ná baint as.

Anois agus gan ach seachtain ag Leo Cullen le scíth a thabhairt dá chuid imreoirí chéad rogha caithfidh sé go leor acu a chur chun páirce arís i gcluiche leathcheannais an Pro 14 i gcoinne na Muimhneach, fir nár imir cluiche le coicís anuas.

Ní hamháin sin ach seans maith go mbeidh toradh an chluiche deiridh a d’imir na foirne seo i gcoinne a chéile go mór ar a n-intinn ag na Laighnigh. Ní hamháin go raibh an lá leis na Muimhnigh (26-17) an ócáid sin ach d’éirigh leo cur isteach chomh mór sin ar Johnny Sexton gur chuir siad dá bhuille é. Seans go raibh an taispeántas sin ó Sexton ar cheann de na taispeántais is measa a chonaic muid ó chaptaen Laighean ariamh. Mar sin féin is fiú a mheabhrú gur ar pháirc Thuamhan a bhí an cluiche sin.

Is san RDS a bheas an choimhlint an Satharn seo ach fiú leis an mbuntáiste sin, ní bheidh Cullen in ann a fhoireann chéad rogha ina hiomláine a chur chun páirce. Caithfidh sé dul sa seans go mbeidh an lá leo agus go mbeidh a fhoireann in ann na Muimhnigh a shárú.  Má tharlaíonn sin beidh ar Chúige Laighean imirt sa gcluiche ceannais faoi cheann seachtaine. Bheadh sé iomarcach ag aon imreoir, go háirithe imreoir a bhíonn ag imirt sa bpaca, trí chluiche chrua a imirt i dtréimhse ghearr trí seachtaine.

Bí ag súil le sárchoimhlint idir dhá fhoireann nach mbeidh mórán eatarthu. Cinnte téann scéal na bhfoirne seo siar tamall maith agus d’fhéadfadh roinnt nimh san fheoil a bheith eatartha. Ní dóigh go mbeidh aon imreoir a rachas chun páirce an Satharn seo, bíodh siad ar an gcéad nó an dara rogha, sásta oiread agus orlach a ghéilleadh don fhreasúra. Ní haon iontas ar bith gurb í an choimhlint seo rogha chluichí rugbaí an deireadh seachtaine. Tá mise ag tuar gur ag na curaidh, Cúige Laighean, a bheas an lámh in uachtar.

Roimhe sin tráthnóna inniu, Dé hAoine beidh ar Chúige Uladh dul go hAlbain le tabhairt faoi Ghlaschú, foireann atá ar chomhrogha na coitiantachta le Cúige Laighean le greim a fháil ar an gcraobh. Níl sé i bhfad ó chas na foirne seo ar a chéile i mBabhta 19 den chomórtas. Thug Glaschú ceacht mór rugbaí (30-7) do na hUltaigh ar an ócáid sin agus is deacair teacht ar aon duine, seachas lucht leanta na nUltach atá ag tabhairt seans ar bith dóibh sa gcluiche seo. Caithfidh Cúige Uladh imirt i bhfad níos fearr ná mar a d’imir siad fós an séasúr seo agus fiú má éiríonn leo sin a dhéanamh is deacair bua a thuar dóibh. 

Fág freagra ar 'Ag Cúige Laighean a bheas an lámh in uachtar'