Léigh mé in áit éicint tráth go ndéanfadh timpeall 2,600 calra in aghaidh an lae fear sláintiúil ar bith agus gur leor timpeall dhá dtrian de sin do na mná. Chonaic mé freisin in áit éicint eile go slogfadh cuid mhaith againn a dhá oiread sin Déardaoin seo chugainn.
Más le ceiliúradh ar bhreith an tSlánaitheora a dhéantar sin nó teann craois, nach cuma. ‘Nach í an Nollaig í?’, mar a dúirt an meisceoir a thit den stól agus nár dhoirt aon bhraon amháin féin as an ngloine agus é tite ar a thóin ar an talamh.
Ag mo chara Micheál Ó Sé as Ard na Caithne a chuala mé an leagan ‘Lá faoin dtor’ den chéad uair. Ní baileach go mba é Lá Nollag amháin a bhíonn i gceist aige sílim, ach lá nach ndéanfadh duine mórán maitheasa. Ach is beag a bheadh eatarthu ach amháin ina gcás siúd a bhíonn ag sclábhaíocht ag iarraidh na calraí a chur ar na plátaí móra a shlogann muid!
Fiú go gcaitheann formhór lúthchleasaithe roinnt áirithe de Lá Nollag ‘faoin dtor’ déarfainn nach iad plúr na reathaithe amháin a bhaineann searradh as na géaga Lá Nollag. Shamhlóinn an rud céanna a bheith le rá faoi rothaithe, dornálaithe agus go deimhin cuid mhaith díobh siúd atá dáiríre faoin aclaíocht.
Glactar sos imeartha i Sraithchomórtais Sacair Shasana freisin an lá sin, cé nach mór dá imreoirí a choinneáil i gcuimhne go gcaithfidh siad a dhul chun páirce Lá an Dreoilín. Is féidir leosan mórán mór an béile céanna leis an gcuid eile againn a ithe ach teannadh siar a bheagán ón mbord agus ón mbuidéal.
Ní hé sin don mharcach bocht. Bíonn Lá’l Stiofáin ar cheann de na cinn is cruógaí ar fhéilire rásaí capall na tíre seo agus na Breataine – eatarthu bíonn iomaíocht ar 11 traic. Sin tuairim 77 rása ina mbeadh os cionn 500 capall san iomaíocht.
Dá bharr bíonn níos mó marcach ag dul dá gcúram an lá sin ná mórán lá ar bith eile sa mbliain. Ciallaíonn sé freisin sa gcás go bhfuil ar an imreoir sacair coinneáil siar ón mbord, go mbeadh sé chomh maith dóibh siúd a bheas ar muin capaill lá arna mhárach Lá Nollag a chaitheamh sa leaba.
Tuairim 57 kg (9 gcloch) an meáchan a shantaíonn an léim-mharcach agus caitheann siad cuid mhaith dá saol ag coraíocht leis an scála. Ní féidir ach gurb ionann agus purgadóir dinnéar Lae Nollag dóibhsean.
Agus é i mbarr a mhaitheasa, chonaic mé ráite ag Tony McCoy gur 600 calra a cheadaíodh seisean dó féin – trí shlisín tanaí den turcaí, trí cinn de bhachlóga na Bruiséile agus oiread áiméan súlaigh.
Slisín amháin tósta agus gloine den liomanáid an bricfeasta a d’itheadh sé.
Ar an láimh eile bhíodh Rachael Blackmore i roinn níos éadroime ná McCoy agus bhíodh sise in ann gnáthdhinnéar Nollag a ithe, ach gan dul thar fóir leis.
Riamh anall ba bheag ócáid spórt a bhí ar bun Lá Nollag féin agus fiú an ceann ba mhinice luaite, is cosúil anois go mb’fhéidir nár tharla a leithéid beag ná mór.
B’in cluiche sacair a imríodh sa bpuiteach ar an bhFronta Thiar i Flanders na Beilge agus cúpla mí den Chogadh Mór caite.
Bhí idir shaighdiúirí de chuid airm na Breataine agus na Gearmáine ansiúd, sáinnithe, préachta i dtrinsí salacha. Bhíodar tuirseach, spíonta, stiúgtha, gan eatarthu ach giodán fánach talún agus gan d’fhaoiseamh acu ach go raibh sos cogaidh 24 uair an chloig fógartha ó mheán oíche Oíche Nollag.
Má fíor ba iad na Gearmánaigh a ghlac an chéad chéim – chuireadar na céadta crann Nollaig in airde ar bhruacha a dtrinsí féin agus thosaigh ag canadh an amhráin Stille Nacht.
D’fhreagair a gcuid naimhde i mBéarla iad lena leagan féin den charúl. Gan mhoill sheansáil roinnt acu a dhul isteach ar ‘láthair an áir’ gur labhair siad lena chéile. Más fíor bhí liathróid pheile ag duine éicint agus tosaíodh ag imirt sacair.
Scríobh an t-iriseoir agus an t-údar Cormac McConnell a raibh cónaí air i mBearna ar feadh blianta fada amhrán faoin eachtra tochtach.
Anois tá staraithe ag caitheamh amhrais ar an eachtra.
Ní fada ó shin ó chuala mé an tOllamh Paul Rouse as an gColáiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath agus an tOllamh Catriona Pennell as Ollscoil Exeter ag rá gur móide gur thug an sos cogaidh deis do shaighdiúirí ón dá thaobh a theacht amach as na trinsí.
B’fhéidir, a dúirt siad, gur buaileadh cic nó dhó ar liathróid ach nach móide gur tharla aon eachtraí mórán bráithreachais. Má tharla tada ba in áiteacha i bhfad ó chéile a tharla a leithéid ar an bhFronta Thiar a bhí ag síneadh ón mBeilg go teorainn na hEilvéise nach mór.
Sa gcuid seo don domhan bíonn an teilifís féin gann go maith ar imeachtaí spóirt Lá Nollag. Tá léargas maith air sin ar fáil ach súil a chaitheamh ar sceidil Sky Sports/TNT/Premier Sports an lae. Faoi dhó a fheicim Fantasy Sport Special ar phríomhchainéal Sky. Tá go leor den ‘Súil Siar’ agus de na ‘Buaicphointí’ le feiceáil freisin. Níl neart air.
Tuairim dosaen de na cainéil spóirt sin le fáil ar an teilifís sa mbaile agam. Don té a bheas ar thóir blúire den iomaíocht bheo is tanaí an rogha atá ar fáil dóibh – 3 chluiche de chuid NBA Mheiriceá le feiceáil ar Sky ag 5pm, 7pm agus 10pm.
Feicim an 4ú Teist i gComórtas an Luaithrigh i Melbourne a bheith le fáil ar TNT 1 ag tosaí le réamhthuairimíocht agus faisnéis ag 10.30pm. Ach beidh Lá an Dreoilín tagtha faoin am a dtosóidh an imirt.
B’fhéidir go mb’fhearr é ná piollaire suain!
Nollaig shona agus athbhliain faoi mhaise daoibh agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.
Fág freagra ar 'Ag comhaireamh na gcalraí, fiú ar an lá faoin dtor'