Achainí ar líne faoi ‘dhiúltiú’ Facebook d’ainmneacha Gaeilge

Tá achainí tosaithe ar an suíomh change.org a impíonn ar Facebook ligean do dhaoine leagan Gaelach dá n-ainm a úsáid ar an suíomh sóisialta

facebook

achainí tosaithe ar an suíomh change.org a impíonn ar Facebook ligean do dhaoine leagan Gaelach dá n-ainm a úsáid ar an suíomh sóisialta

Tá Facebook tar éis cuntais a dhúnadh toisc nár cruthaíodh gur “ainm fíor” an úsáideora a bhí ar an gcuntas. Is é a deir lucht Facebook go n-iarrtar ar úsáideoirí an tsuímh a “n-ainmneacha fíora” a úsáid go mbeidh a fhios ag úsáideoirí eile “cé leis a bhfuil siad ag caint”.

Dar le Facebook, is éard is “ainm fíor” ann ná an t-ainm a thugtar ar dhuine go hiondúil ó lá go lá.

Impítear san achainí ar Facebook deireadh a chur leis an gcleachtas seo i gcás na hÉireann agus ainmneacha Gaeilge. Go dtí seo, cuireadh 155 ainm leis an achainí.

Ní hiad lucht na Gaeilge  amháin atá thíos le polasaí Facebook i leith “ainmneacha fíora”. Sa bhliain 2014, cuireadh tús le grúpa feachtasaíochta dar teideal #MyNameIs atá ag impí ar Facebook, thar ceann lear mór daoine, an polasaí a athrú.

Deir eagraithe an fheachtais gur mór an dochar a dhéanann an polasaí do thrasghnéasaigh, bundúchasaigh Mheiriceá, inimircigh, daoine a d’fhulaing an foréigean baile agus eile.

Tá siad ag éileamh ar Facebook an rogha “ainm bréige” a thuairisciú a bhaint den suíomh. Dar leo nach bhfuil aon ghá leis an rogha seo ó tharla gur iomaí rogha eile atá ag Facebook le duine atá i mbun gníomh gránna ar an suíomh a thuairisciú.

Anuas air sin, tá #MyNameIs ag éileamh go stopfaidh Facebook ag iarradh cruthúnas céannachta dá gcuid úsáideoirí. Deir siad go bhfuil bealaí níos fearr ann le céannacht duine a chruthú seachas cáipéisí stáit a iarraidh – rud nach bhfuil ag gach úsáideoir, dar le lucht an fheachtais.

Tá próiseas achomhairc á éileamh ag eagraithe an fheachtais freisin sa chaoi is go mbeidh úsáideoirí ar dúnadh a gcuntais in ann an scéal a mhíniú do Facebook.

Fág freagra ar 'Achainí ar líne faoi ‘dhiúltiú’ Facebook d’ainmneacha Gaeilge'

  • Darragh Ó Náraigh

    Is sárú mór tromchúiseach ar phríobháideacht an úsáideora é cáipéisí stáit á iarraidh uaidh .Céard a dhéanann an comhlacht mór idirnáisiúnta leis an eolas seo? Agus is saghas dúmhál atá ann: “taispeáin don do cháipéisí oifigiúla aithintis nó ní thabhairfidh mé cead duit facebook a úsáid ” Ba chóir don rialtas brú a chuir ar facebook maidir leis an gceist seo,agus iad a cháineadh go poiblí

  • Padriag ó riain

    Nil sé in aghaidh an Dli an l eagan gaeilge d- ainm a usaid